Gael Liom

TÁ AN t-iriseoir, Máiréad Ní Chinnéide, ag scríobh stair Ghael Linn

TÁ AN t-iriseoir, Máiréad Ní Chinnéide, ag scríobh stair Ghael Linn. Tá sí ag obair ar chéad deich mbliana na heagraíochta – a bunaíodh i 1953. Ba mhaith léi go ndéanfadh daoine a bhí bainteach leis na fiontair éagsúla a bhí ar bonn ag Gael Linn ag an am sin, go ndéanfadh siad teagmháil léi.

Ar na himeachtaí sin, bhí clár raidió, ceol traidisiúnta, scoláireachtaí Gaeltachta, Amharclann an Damer, Cabaret Gael Linn, nuachtscannáin, tionscail phróiseál éisc agus glasraí. Dúirt Ní Chinnéide go dtabharfadh sí aitheantas cuí as aon eolas a thabharfaí agus go gcuirfí ábhar ar ais slán.

Eolas: stair@gael-linn.ie