Fili na hAlban

Beidh Cuairt na bhFilí Albanacha go hÉirinn ag tosú Dé Domhnaigh agus beidh aos dána na hAlban ar camchuairt in Éirinn go dtí…

Beidh Cuairt na bhFilí Albanacha go hÉirinn ag tosú Dé Domhnaigh agus beidh aos dána na hAlban ar camchuairt in Éirinn go dtí an Satharn 8ú, Bealtaine.

Is iad Tormod Caimbeul (file), Aonghas Pàdraig Caimbeul (file), Magaidh NicAonghais (amhránaí) agus Calum Caimbeul (píobaire) a bheidh abhus mar chuid den mhalartú bliantúil idir Éirinn agus Albain.

Beidh oícheanta filíochta agus ceoil ar siúl sna hionaid seo a leanas:

Dé Luain, Áras Shorcha Ní Ghuairim, Carna, Co na Gaillimhe, 8.30 p.m.;

READ MORE

Dé Máirt, An Chistin, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe, 8.30 p.m.;

Seachtain ón oíche anocht, Ionad Cheol Domhanda na hÉireann, Luimneach, 8 p.m.;

Seachtain ón lá amárach, Club Sult, Castle Inn, Teampall Chríost, Baile Átha Cliath 2, 8 p.m.

Beidh filí agus ceoltóirí áitiúla páirteach sna hoícheanta fosta. Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge atá i mbun an turais. Eolas: 01-6794780 nó mnichuagain@comhdhail.ie