Dréachtcháipéis de Phlean 2028 faoi bhráid an Rialtais

FUAIR AIRE NA Gaeltachta Éamon Ó Cuív dréacht de Phlean 2028, plean straitéiseach 20 bliain don Ghaeilge, roimh an Nollaig…

FUAIR AIRE NA Gaeltachta Éamon Ó Cuív dréacht de Phlean 2028, plean straitéiseach 20 bliain don Ghaeilge, roimh an Nollaig.

Tá Plean 2028 ar cheann de na fiontair is uaillmhianaí teanga dár cheap an Rialtas riamh agus é mar chuspóir ann cúram a dhéanamh den Ghaeilge i ngach earnáil sa Stát go cionn scór bliain. Mar sin féin, níl rún ag Ó Cuív an dréachtcháipéis a fhoilsiú nó a chur ar fáil don phobal faoi láthair.

Dúirt urlabhraí thar ceann Uí Chuív go raibh sé "i gceist an plean iomlán a fhoilsiú nuair atá sé réidh. Bunaithe ar an eolas atá againn agus ar an obair atá déanta cheana féin, táthar ag súil leis go ndéanfar dul chun cinn suntasach leis an dréachtphlean i rith na míosa seo. Is ceist í don Rialtas féin, ar ndóigh, cén uair go baileach a fhoilseofar an plean."

(Bíodh sin mar atá, is dul chun cinn suntasach é go bhfuil dréacht féin den phlean ag an Rialtas. I mí Feabhra anuraidh a cheap an Roinn Fiontar, Ollscoil Bhaile Átha Cliath, le comhairle a chur orthu faoin obair.)

READ MORE

Dúirt an t-urlabhraí go raibh an dréacht léite ag Ó Cuív thar saoire na Nollag agus go raibh "go leor ar bun" aige maidir leis an Staidéar Teangeolaíochta ar stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht fosta.

Bhí "obair fós le déanamh, ar ndóigh, le plean cuimsitheach a tharraingt le chéile a chinnteoidh go mbeidh cur chuige comhtháite don Stát ar fad, an Ghaeltacht san áireamh."

Cuirfidh Ó Cuív "tograí faoi bhráid a chomhghleacaithe Rialtais san athbhliain. Tá an Taoiseach mar chathaoirleach ar an gCoiste Comhaireachta speisialta don Ghaeilge a leanfaidh ar aghaidh lena gcuid cruinnithe chun a chinntiú go gcuirfí an straitéis 20 bliain i bhfeidhm ar bhealach comhordaithe go fadtréimhseach. Séard atá tábhachtach ná go mbeadh straitéis againn agus go gcuirfear i bhfeidhm í."