Doras feasa

CROBHINGNE: NÍL STAIR na hÉireann scríofa fós

CROBHINGNE:NÍL STAIR na hÉireann scríofa fós. Is féidir a rá, gan amhras, nach scríobhfar go brách í mar tá cúrsa na beatha róghabhlánach agus róchlaochlaitheach le go gceapfadh aon insint amháin, ná seacht n-insint déag agus ceithre fichid féin é.

Tá an stair lomlán le stuif dhubh, an stuif sin a bhfuil a fhios againn í a bheith ann ach gur deacair breith uirthi.

Ní hé nach bhfuil leabhair bhreátha ann a chuireann rompu scéal na tíre seo a ríomh ó thús go deireadh.

Ceann díobh sin is ea Ireland: A Historyle Thomas Bartlett a foilsíodh anuraidh, agus ar sampla gléineach den stair scéaltach í, agus is í an stair scéaltach an t-aon stair amháin ar fiú damait ar bith í.

READ MORE

Is de shuimiúlacht go bhfaightear cuid den scríbhneoireacht phróis is dearscnaithí ón aos staire, go háirithe iad siúd a thuigeann go dtuirlingíonn abairtí go slán ar a gceithre chos. (Scaoilimis tharainn an Story of Irelanda chuir Fergal Keane i láthair.)

Bíodh gur léir go dtéann an aimsir chaite i bhfeidhm ar an aimsir láithreach, is léire fós go dtéann an aimsir fháistineach i bhfeidhm ar an aimsir chaite. Is mian linne go mbeadh a bhfuil thart cheana in oiriúint don am atá fós romhainn.

Is é is deacra don staraí a cheapadh ná conas mar a bhí an saol dóibh siúd a mhair le linn na n-eachtraí a bhfuil trácht á dhéanamh acu féin orthu. Ina choinne sin, is féidir a bheith suite de nach n-aithneodh an té a bhí beo in Éirinn cúpla céad bliain ó shin formhór an ábhair a bhíonn á bhreacadh i dtaobh na tréimhse sin.

An chuid againn a mhair trí chorraíl shóisialta nó pholaitiúil ar bith – abraimis an suathadh mór ó thuaidh – nuair a léimid leabhar ina thaobh aithnímid go bhfuil baint éigin aige lenar tharla. B’fhéidir nach ngéillfimis don téis ná don áiteamh ach thaibhseofaí dúinn go raibh tadhall éigin aige leis na blianta sin. Ní mar sin d’fhormhór de stair na hÉireann.

Foinsí stáit agus cabaireacht na n-uasal, scríobadh caol ar barra, uachtar breoite an chinsil, forscreamhóg bhrioscadúil na muintire a bhí thuas seal is fairsinge a fhaighimid níos minicí ná minic féin.

Tráth ann, tráth as, déantar feacadh glúine agus castar locadh gruaige i dtreo an bhéaloidis agus na hárseolaíochta, agus b’fhéidir go luafaí de sheans go raibh droichead idir imeachtaí seachtracha an tsaoil agus an bheatha phearsanta laistigh.

An tagairt fhánach féin a bhíonn ann, áfach, agus fágtar an stair shóisialta i dtaobh le giúirléidí, le huirlisí, le hiontstraimintí, le ciúitrimintí, le cip agus le meanaithí an tsaoil ábhartha.

Aon eisceacht mhór amháin ba ea Foras Feasa ar ÉirinnShéathrúin Chéitinn a raibh an bheatha dhaonna ar tinneall agus ag preabadh ann. De mhíorúiltí an tsaoil shlím seo tá foras feasa eile againn agus é ag teacht le chéile chugainn uidh ar n-uidh le deich mbliana anuas. Is é sin an Manuail de Litríocht na Gaeilgele Breandán Ó Doibhlin a nocht chugainn i sé cinn d'fhaisiclí nó d'imleabhair agus a bhfuil an ceann clabhsúir díobh againn anois.

Feachtas ollmhór misniúil ba ea é seo inar chuir aon scoláire amháin roimhe – nach scoláire Gaeilge mar a thuigtear sin é – díolaim de scoth an mhachnaimh agus na mothála a déanadh in Éirinn le 500 bliain anuas go dtí lár an 19ú haois ar fáil dúinn.

Tá seo ar cheann de na gaiscí scríbhneoireachta, eagarthóireachta agus tráchtaireachta is mó dár deineadh riamh sa tír seo. Is é Field Day Anthology arís ar ais é, de cheal na ndaoine a cuireadh isteach ar son na polaitíochta. Is é Foras Feasa tar éis an fhorais fheasa é. Is í an t-aon stair fhírinneach ar Éirinn í a d’aithneodh an duine a bhí thuas le linn na staire sin.

Ná cuireadh an focal “Litríocht” as duit sa teideal. Litríocht is ea an stair, agus stair is ea an litríocht. Is í an litríocht an craiceann atá laistigh den stair, an taobh istigh amuigh.

Dá éamais sin, áfach, tugann Ó Doibhlin aistí léannta dúinn ar gach gné de ghluaiseacht na staire sin dúinn ó 1500 (nuair a thosnaíonn an chéad imleabhar) i leith, aistí greanta cúrsacha a shuíonn scéal na hÉireann go daingean sa smaointeoireacht a bhí réimiúil ag aon am ar leith. Eagla ar bith níl air a mhaíomh go bhfuil baint ag smaointe sa chloigeann leis an rud a tharlaíonn sa chorp.

Is iad na leabhair seo an insint is gaire atá againn do stair fhírinneach mhuintir na hÉireann. An staraí nach bhfuil siad léite agus slogtha aige, ní staraí ar bith é ach soidéalach.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar