Cuig bliana Beo! beathach ar an Idirlion

Beidh dhá thionscnamh Ghaeilge nua-aimseartha ag ceiliúradh i mbliana

Beidh dhá thionscnamh Ghaeilge nua-aimseartha ag ceiliúradh i mbliana. Beidh TG4 deich mbliana ar an saol an tSamhain seo ach is ag an iris Idirlín Beo! (www.beo.ie) atá chéad ghlam an tSamhraidh. Cúig bliana d'aois atá an iris an mhí seo.

Is é Liam Ó Cuinneagáin foilsitheoir Beo! Tá aithne air mar stiúrthóir Oideas Gael, eagras a chuireann ranganna ar fáil do daoine fásta, agus cathaoirleach Údarás na Gaeltachta.

Is é Éamonn Ó Dónaill, chomh-Chonallach de chuid Uí Chuinneagáin, eagarthóir na hirise míosúla agus duine eile a bhfuil cion fir déanta aige in earnáil an oideachais aosaigh agus ní hiontas é dá bharr sin go gcuireann Beo! béim ar leith ar fhoghlaimeoirí.

Deir an Dálach gurb é ceann de na príomhchuspóirí atá ag Beo! "ábhar léitheoireachta i nGaeilge a chur ar fáil do dhaoine i ngach cearn den domhan".

READ MORE

Tá an méid sin déanta de réir na staitisticí. Meallann Beo! 4,000 cuairteoir sa tseachtain agus idir 15,000-20,000 cuairteoir sa mhí. Léann na cuairteoirí ceithre alt éagsúla ar an mheán.

Faoi láthair, is as Éirinn, an Bhreatain, na Stáit Aontaithe, Ceanada agus an Astráil a thagann bunús na léitheoirí, gréasán domhanda Gaeilge a bhfuil Beo! mar lárphointe teagmhála ann. É seo ar €70,000 sa bhliain ó Fhoras na Gaeilge.

Mheall an tIdirlíon an Dálach de bharr chomh héasca agus a bhí sé dul i dteagmháil le léitheoirí. Iar-eagarthóir de chuid Comhar é Ó Dónaill agus bhí sé ag iarraidh na fadhbanna dáileacháin a bhí ag an iris sin a sheachaint. Tugann sé "iris thraidisiúnta" ar Beo! ar bhealtaí.

Bíonn ailt rialta ar chúrsaí reatha, ar na healaíona, ar imeachtaí stairiúla, ar chúrsaí teanga agus agallamh na míosa ann agus comhfhreagraithe as tíortha i gcéin agus i gcóngar a chuireann an t-ábhar ar fáil.

Is furasta a fheiceáil cad chuige a mbeadh tarraingt ag an iris ar ghlúin an Idirlín. Tá na hailt leagtha amach ar bhealach simplí, rud a éascaíonn an léitheoireacht agus bíonn gluais ann le gach alt, áis a chuidíonn le léitheoir brí natha nó focail a dheimhniú gan foclóir mór trom a tharraingt anuas den tseilf. Tá na hailt féin gairid go maith, rud nach ionann is a rá go bhfuil siad éadrom ó thaobh ábhair de.

Is iomaí alt fiúntach ar chúrsaí polaitíochta a bhíonn le léamh ar Beo! agus foilsítear tráchtaireacht thuigseach ar chúrsaí ealaíne agus litríochta nach mbeadh as áit ar shainiris.

Deir Ó Dónaill go mbíonn sé "ag cur scríbhneoirí ó dhoras go leanúnach". Bíonn, de ghnáth, deich n-alt aige gach mí nach dtig leis a chur i gcló cheal spáis. Agus níl sé tugtha don gháir éadóchasach go bhfuil ganntanas scríbhneoirí Gaeilge ann. "Tá na scríbhneoirí amuigh ansin," a deir sé.

Deir sé gurb í "margaíocht an rud mór nach bhfuil déanta go héifeachtach".

Beidh orthu tabhairt faoi sin má tá siad le cur le líon na léitheoirí atá acu agus lena gcuid seirbhísí a fhorbairt, a deir sé.

Beidh, mar shampla, fuaim le trí alt ón mhí seo chugainn. Beidh fuaim ina háis ag daoine atá ar bheagán Gaeilge, a deir sé. Beidh seans acu éisteacht le halt agus focail a fhoghlaim dá réir.

Laige atá ann nach bhfoilsítear Beo! ach uair amháin sa mhí ach níl d'acmhainn acu é a fhoilsiú níos minice ná sin. Bheadh tuairim is €300,000 de dhíth leis an iris a chur ar fáil ar bhonn coicíse.

Conas a chuirfeadh sé síos ar na cúig bliana deireanacha? "Go leor déanta; go leor le déanamh," a deir sé i mbeagán focal.