Cnuasach Chearra

SEOLFAIDH an Dochtúir Ciarán Ó Coigligh, léachtóir agus scríbhneoir, cnuasach nua béaloideasa, Seanchas Jimmí Chearra Chois Fharraige…

SEOLFAIDH an Dochtúir Ciarán Ó Coigligh, léachtóir agus scríbhneoir, cnuasach nua béaloideasa, Seanchas Jimmí Chearra Chois Fharraige(Coiscéim) leis an seanchaí Jimmí Chearra, seachtain ón Aoine ag 8pm sa Phoitín Stil, Indreabhán, Co na Gaillimhe.

Is é Pádraic Ó Cearra, mac Jimmí, a rinne eagar ar an saothar a bhfuil os cionn 500 leathanach ann, idir réamhrá, scéalta, nótaí agus agallaimh.

Dúirt sé go raibh sé bródúil an t-ábhar a fheiceáil i gcló agus aitheantas a thabhairt do sheanchas agus bhéaloideas Cois Fharraige.

Bhí an t-ábhar ar fad scríofa de láimh ag a athair agus faoi Phádraic a bhí sé an téacs a ullmhú don leabhar. Chuir sé litriú caighdeánach ar an scríbhneoireacht ach chloígh sé le canúint Chonamara sna scéalta féin ionas nach ndéanfaí díobháil dóibh.

Feirmeoir beag atá ina athair, a tháinig ar an saol sa bhliain 1927, agus a d'fhág an scoil in aois a 13 bliain. Bhí clú ar a theach as seanchas agus lean Jimmí den traidisiún.

Oíche sheanchais ar Áras Uí Chadhain a chuir ar a shúile dó a thábhachtaí agus a bhí sé an t-ábhar a bhí ina chloigeann a scríobh síos, a dúirt Pádraic. Níor mhaith leis go gcaillfí na scéalta ach go mairfeadh siad do ghlúin eile.

Agus rogha mhór scéalta atá ann don chéad ghlúin eile: scéalta ó Bhun an Bhaile; faoi chúrsaí stiléireachta agus óil; faoi chreideamh; scéalta sí; faoin chléir; scéalta as an Achréidh agus scéalta faoi chúrsaí polaitíochta, imirce, talmhaíochta agus gnásanna tuaithe agus slite beatha.

I mbeagán focal, a dúirt Pádraic, tá seanchas ann a mbainfeadh gach Gaeilgeoir taitneamh as.