Clocha

CROBHINGNE: TÁ NA dúgudairí amuigh arís ag iarraidh cúrsa na dlí agus reacht Dé a chosc

CROBHINGNE:TÁ NA dúgudairí amuigh arís ag iarraidh cúrsa na dlí agus reacht Dé a chosc. Is féidir go gcuirfí Sakineh Mohammadi Ashtiani chun báis lá ar bith feasta san Iaráin, mar is amhlaidh gur dhúnmharaigh sí a fear céile.

Deir an dlí gur mharaigh sí a fear céile, agus dá bhrí sin, mharaigh sí a fear céile. Deir an dlí go raibh sí le fir eile chomh maith, agus deir an dlí gurb é an bás atá tuillte aici. Tá sé lánfhurasta dúinne a bheith dian ar dhlí na hIaráine mar ní daoine sinn a chuimhneodh a choíche ná go deo ar dhuine a chaitheamh leis an slua i mBealach Conglais ná in áit ar bith eile.

Is é nach gcuimhníonn daoine air ná an cúram a ghlacann údaráis na hIaráine chucu féin sa ghnó íogair seo. Tá mórán leabhar agus alt agus tráchtas trom scríofa go scrupallach timpeall ar dhlí na gcloch.

Ní féidir go díreach cloch ar bith is mian leat a ardú agus é a chrústach leis an mbean ar bhealach tútach garbh. Ní foláir na clocha a bheith roghnaithe go cáiréiseach de réir dlí, agus iad a bheith rangaithe de réir uafáis agus éirime na coire a bhfuiltear le leorghníomh cóir a dhéanamh ann.

READ MORE

Fairis sin, tá fasaigh agus gnáis faoi leith ann maidir le conas an carn cloch a chur le chéile, le hairde na gcarn sin, agus lena bhfad ó chéile ar láthair an chirt.

Tá na hintinní is géire de chuid an 13ú haois tar éis mórán allais meabhrach a chaitheamh leis an gceist seo, agus táimidne dall ar fad ar an réasúnaíocht léannta sin.

Ní dár gcúram sa cheart é breithiúnas a thabhairt orthu siúd, mar ní mó nach dtuigeann siad siúd cuid de na nósanna aisteacha atá againne.

An té a bhacfadh le taighde ceart a dhéanamh ar an ábhar seo, seachas na hiriseoirí leisciúla sin a bhailíonn ábhar anuas ón aer, is fearr a thuigfeadh sé an chaolchúis.

Ar an gcéad dul amach, ní hionann an tslí a maraítear fear agus bean faoin dlí seo. Cuirtear an fear suas go dtína mhuineál sa talamh agus gan caoi ar bith aige a lámha a luascadh.

Fairis sin, is féidir fadhbairní cloiche, is é sin, clocha réasúnta mór a chaitheamh leis an bhfear, nuair is féidir roinnt áirithe spallaí cloiche, is é sin clocha níos lú, a chaitheamh leis an mbean.

Cuirtear an bhean suas go dtína com, agus dá réir sin, bíonn cothrom éigin aici beagán bogadh a dhéanamh, rud a fhágann go dtéann cuid de na méaróga thairsti. Léiriú follasach é seo ar an urraim atá ag Ioslam don bhean.

Dá éamais sin, tá cosc agus bac agus teir go hiomlán ar ghéaráin chloch a ghearrfadh an craiceann agus a d’fhágfadh lot nó méirscre uirthi. Ní cheadaíonn an dlí áilleacht an duine a chur ó rath, go háirithe toisc go ligtear don bhean gan a búrca a chaitheamh ar an lá áirithe sin.

De réir fo-fhoráil amháin, is féidir moghléirí móra cloch a chaitheamh, ach caithfidh an té a gcaitear na clocha léi a bheith os cionn 252 punt meáchana, agus is annamh a chuirtear é seo i bhfeidhm.

Tá an focal “sporthail” i nGaeilge na hAlban agus arb é is brí leis de réir fhoclóir Dwelly “a subdued rattling noise, such as is made by a stone wall about to fall”.

Mar mhalairt ar na clocha seo a chaitheamh, tá socrú ann inar féidir ligean d’fhalla titim ar an duine ciontach. Bheadh sin níos tapúla, is fíor, agus cé go gcloisfí an sporthail i gceart, ní bheadh an oiread sin spóirt ann don lucht féachana. I gcás tíre nach bhfuil chomh hiontach sin ag an bpeil ná ag an spórt idirnáisiúnta, tá sé tábhachtach go dtabharfaí caitheamh aimsire dóibh a dhlúthódh an pobal le chéile.

Is deacair a mheas cad is fiú tionscal seo na gcloch don Iaráin. Tá an ráta dífhostaíochta measta ag 14 faoin gcéad, agus is deimhnitheach go mbeadh sé i bhfad níos airde mura mbeadh na coiréil stáit a sholáthraíonn na clocha beannaithe seacht lá na seachtaine, seachas ar an Aoine.

Ní chuireann sin san áireamh an slua daoine a dhéanann iad a phéinteáil, iad a shnasú, a chuarú, ná na daoine ar féidir iad a dhíol mar chuimhneacháin ina dhiaidh sin. Ná na hacadaimh faoi leith ina dtugtar oiliúint san chaitheamh cloch, ar ealaín ardsciliúil í, a bhfuil súil ghrinn, amas cruinn, glaine croí, neart géag agus beart do réir do bhráthar ag teastáil uait chun do phas a bhaint amach. Is beag mac léinn a n-éiríonn leis dul níos sia ná an bhunchéim féin CL101.

Is fiú cuimhneamh chomh maith go bhfuair sí 99 mbuille den fhuip cheana féin, nuair a bhíothas ag áiteamh go raibh an 100 cruinn tuillte aici.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar