Cen focal?

Bhí an colúnaí seo ar lorg an fhocail "redundant" i bhfoclóir de Bhaldraithe - ná bíodh imní ar dhuine ar bith, níor tharla sé…

Bhí an colúnaí seo ar lorg an fhocail "redundant" i bhfoclóir de Bhaldraithe - ná bíodh imní ar dhuine ar bith, níor tharla sé go fóill - agus tháinig ar an mhíniú seo a leanas: redundant: flúirseach. Agus faoi "abundant" san fhoclóir céanna, tá: flúirseach. Is ionann "flúirseach" ag Ó Dónaill agus "abundant".

Tá samplaí eile de dhifríochtaí idir dhá phríomhfhoclóir na teanga. "Corcán coille" atá ag de Bhaldraithe ar "bullfinch" agus "corcrán coille" ag Ó Dónaill; "Lá coille" ag de Bhaldraithe agus "Lá caille" ag Ó Dónaill; "héalacaptar" ag de Bhaldraithe agus "héileacaptar" ag Ó Dónaill.

Is iomaí sin uair a chuir earráidí sa cholún seo an scríbhneoir seo ó chodladh na hoíche. Tá de chúiteamh ann, ar a laghad, nach bhfuil i dTuarascáil ach iriseoireacht agus go gcaitear an t-ábhar sa chiseán bruscair ag deireadh gach lae.

Ní hamhlaidh an scéal d'fhoclóir. Tá lucht na Gaeilge ar bís leis an fhoclóir nua Béarla-Gaeilge a fheiceáil i gcló. Tá an obair sin idir lámha ag Foras na Gaeilge faoi láthair.

READ MORE

Idir an dá linn, nach bocht an scéal é d'fhoghlaimeoir ar bith na leagain éagsúla seo bheith ann?