Cúrsaí a bhfuil tábhacht leo, seans . . .

TUARASCÁIL: Ó D'ÉIRIGH mé as An Gúm tá níos mó ama agam chun féachaint amach an fhuinneog

TUARASCÁIL: Ó D'ÉIRIGH mé as An Gúm tá níos mó ama agam chun féachaint amach an fhuinneog. Tá snag breac sa ghairdín. Ar shlí níl aon tábhacht mórán leis mar éan. Ar shlí eile, níl aon ní níos tábhachtaí ná é.

Seans go bhfuil Barack Obama (abair) níos tábhachtaí ná é. Seans go mbeidh Obama ina uachtarán ar na Stáit Aontaithe lá breá éigin sula n-éagfaidh mo Róisín Dubh. Níl mórán i ndán don snag breac, an bhfuil?

Ar ndóigh, má chreideann tú san athionchollú, d'fhéadfadh an snag breac teacht ar ais agus a bheith ina Phápa lá breá éigin. Ar mo leabhar breac! Ach bheadh deacrachtaí áirithe aige ansin sa mhéid is nach ngéilleann an Pápa don athionchollú.

Pé scéal é...

READ MORE

Feicimse an snag breac le mo dhá shúil féin. Cloisim an snag breac le mo dhá chluas féin. Tá sé os mo chomhair agus na habairtí seo á mbreacadh síos agam. Is ann dó, ar feadh meandair. Is cuid dem shaol anois é. Is cóngaraí dom é ná Obama (ná an Pápa ná aon stróinséir eile is mian leat a lua, ná cara fiú).

Tagann is imíonn an snag breac ar scáileán mo shúl, más mian leat, faoi mar a thagann is a imíonn Obama agus é ina cheannlíne nuachtáin. Níl mórán difríochta idir an dá fheiniméan seo ach go mb'fhéidir gur léire é an t-éan ná an duine. Domsa ar aon nós. Ina dhiaidh sin is uile, b'fhéidir nach ann do cheachtar acu ach mar a bheadh scannán ann.

Infheistímid brí i gceannlínte seachas a chéile agus tá an baol ann go bhfuil cultúr na gceannlínte ag dul i bhfeidhm orainn go léir - fiú na daoine sin nach léann nuachtán in aon chor; má théann siad go dtí an siopa ag an gcúinne chun bainne nó arán a cheannach, siúd ag drannadh os a gcomhair iad ceannlínte na nuachtán tablóideach. Léan orthu!

Bhí lámh agam féin san obair mhaslach sin fadó agus mé ag obair don nuachtán ANOIS. Na focail is na habairtí sin go léir, na scéalta a bhí le cumadh, na foinsí a bhí le seiceáil is le hathsheiceáil, an ghramadach a bhí le ceartú, na botúin chló, na fógraí a bhí le haistriú, na leathanaigh is na grianghraif sin go léir, na fotheidil faoi na grianghraif, na scéalta nó na tuairimí ar measadh tábhacht a bheith ag baint leo ag an am, cá bhfuil siad anois?

An bhfuil aon ní níos uaigní ná sean-nuachtán? An t-alt seo, braithim go bhfuil sé ag éirí beagáinín uaigneach cheana féin. Sean. Caite. Gan bhrí. Tugann sé sin ar ais go dtí an snag breac mé, an dtuigeann tú?

Máistir Zen is ea an snag breac. Níl aon ní smolchaite ag baint leis. Is beo beathach bríomhar breabhsánta é mar éan buile, saghas ceannlíne dhubh is bán is ea é nach n-éiríonn an nuacht aige stálaithe go deo. Is é do bheatha!

Ní Meiriceánach mé mar sin nílim in ann vóta a chaitheamh, vóta a chuideodh le seansanna Obama um Shamhain. I bhfocail eile, nílimse in ann cor ar bith - dá laghad é - a chur i gcinniúint Obama ná i gcinniúnt an tsnaga bhric dá n-abrainn é.

(Níl aon ghinideach ar Obama ach féach an ginideach álainn atá ar an snag breac! Agus tá daoine ann ar bhreá leo fáil réidh leis an nginideach. An as mo mheabhair glan atá siad?!))

DEIR CRÍOSTAITHE áirithe go bhféadfainnse guí ar son Obama. Ach má tá daoine eile ag guí ar son McCain, cad a tharlóidh ansin? Ní thuigim. An mbeidh troid mhór ar neamh idir an dá arm paidreacha? Nó an é an líon is mó paidreacha a bhuafaidh an cás i ndeireadh an lae?

An féidir paidir mar seo a rá: "A Dhia, ná lig do McCain buachan?" Is ceist í sin a chuirfinn ar dhiagaire dá mbeadh clár raidió ann agus diagaire ina bhun ach is leathamadáin iad (i gcead dóibh) go leor de na láithreoirí atá anois ann toisc, is dócha, go bhfuilimid tugtha, mar éisteoirí, thar aon ní eile, don bhrilléis. Easpa brí. Scanraíonn brí sinn. Dáiríre. Ar easpa brí a mhairimid.

Tá Obama i gcéin. I bhfad i gcéin, san Oileán Úr. Ní fheicim é ná ní chloisim é. D'fhéadfá féachaint air agus éisteacht leis ar ar an teilifís, ar ndóigh, ach ní hé an rud céanna é.

Ach - stop! - ná habraimis go bhfuil an snag breac chomh tábhachtach le hObama. Nach bhfuil bua na reitrice ag Obama tar éis an tsaoil. Nach duine é! Níl ag mo shnag breacsa ach 'geac-geac-geac' agus an méid sin féin go snagach aige.

Bíonn snaga breaca mar pheataí ag daoine áirithe, an raibh a fhios sin agat? An-chompánach is ea é ach gur bailitheoir nithe geala é; mar sin caithfear spéaclaí, spúnóga, seodra, eochracha agus mar sin de a chur i bhfolach uaidh. Sciobfadh sé fáinne na Gaeilge féin! (Éan gallda é a tháinig anall chugainn leis na Normannaigh, dála an scéil).

Caithfidh grá a bheith agam don snag breac agus grá a bheith agam d'Obama. Ab ea? Is ea, is dócha, mar aon dream amháin is ea sinn, mise, tusa, Obama agus an snag breac.

Saghas apartheid a bheadh ann sinn a scarúint óna chéile. Sin an tuiscint a bhainimse as leabhar mistéireach atá á léamh agam gach oíche - sea, gach oíche - le bliain anuas, I Am That le Sri Nisargadatta Maharaj, an leabhar is dúshlánaí dár léas go dtí seo, ar go leor bealaí. Á léamh gach oíche a bhíos agus mé ag súil go bhfanfadh cuid de im cheann nó im chroí nuair a dhúiseoinn an mhaidin dár gcionn, nó fiú mura ndúiseoinn.

Sa chéad áit, níl aon bhonn le hObama ná leis an snag breac, a déarfadh Nisargadatta, ná le haon ní eile a dtagann athrú is claochlú air. Leoithní is spraisteacha seo dheireadh an tsamhraidh, cén bonn atá leo? Leá chúr na habhann is dán do gach aon ní. Is amhlaidh don Am agus don Spás, ní hann dóibh dáiríre. Samhlaíocht ghlan, a léitheoir dhil. Níl bonn faoi aon ní ach an réaltacht atá anseo, Anois, faoi láthair. (Ní hionann Anois agus an páipéar marbh den ainm céanna!)

Bhuel, tá bonn faoin snag breac mar sin mar is i láthair atá sé. (Gabh mo leithscéal, bhailigh sé leis ó chianaibhín nuair a bhí m'airdse ar na focail seo ach gach seans go mbeidh sé ar ais).

Thar a bhfaca tú riamh! A leithéid de shorcas! An snag breac ar ais agus cara mór leis ina theannta. Seó is ea an domhan, cur i gcéill, a deir Nisargadatta.

Ní fheicimse - is ní fheiceann tusa - ach domhan príobháideach, brionglóid. Is é is grá ann ná an aontacht a fheiscint, an aontacht sin atá laistiar den éagsúlacht go léir a bhraitear a bheith ann. Grá, sin uile!

Níl a fhios agam an duine é Obama a fheiceann an aontacht sin. Tá súil agam go bhfeiceann. Feictear domsa go bhfeiceann...

Ar na leabhair is déanaí ó pheann an údair tá Géaga trí Thine, rogha haiku (Comhar), Na Daoine Dalla (An Gúm), Tuairiscíonn Krishnamurphy ó Bhagdad (Coiscéim), I Met a Man (Doghouse) agus Bliain an Bhandé/Year of the Goddess (Dedalus)

athionchollú reincarnation - brilléis nonsense - ceannlíne headline - cinniúint fate - diagaire theologian - feiniméan phenomenon - láithreoir presenter - nuachtán newspaper - réaltacht reality - samhlaíocht imagination - snag breac magpie - tábhacht importance