An ghairm

Crobhingne: Tá mórán dúigh - agus cló leictreonaigh - caite ar cheist a bhfuil an freagra greanta san seanfhocal againn. Tá …

Crobhingne: Tá mórán dúigh - agus cló leictreonaigh - caite ar cheist a bhfuil an freagra greanta san seanfhocal againn. Tá mórán sean-nath riamh amuigh ansin ar deacair dúinn iad a chiallú ar an gcéad éisteacht.

Deir na Sualannaigh nár cheart ligean don bhrón dul níos airde ná do dhá ghlúin, agus na Taimil go loiteann gáire bréige na fiacla. "Leigheasann an dochtúir an duine breoite nach bhfaigheann bás," dar leis na Seapánaigh; "tapaigh deis na féasóige," arsa an Bulgáireach le bolg-gháire, "mar is plait í ar an taobh thall."

Fad is atá scríob á tarraingt trí do chloigeann agat ag iarraidh brí a fháscadh astu san, is soiléire go mór is go fada gur treise dúchas ná oiliúint na Gaeilge. Tuigtear é gan fhadhb, gan cheist, gan doic. Ina choinne sin dá ngéillfí dó bheadh an saol go léir, agus a chuid comhairleoirí agus múinteoirí agus oilúnóirí agus colúnóirí as obair agus ag tarraingt an dóil.

Bheadh síceolaithe - seachas mairteolaithe nó caoireolaithe nó muiceolaithe - go háirithe as obair, mar is iad is mó a bhíonn ag triall ar bhun an angair nuair nach bhfuil angar ar bith ann gan trácht ar a bhun. Is iad is fearr, áfach, a léiríonn lena gcuid taighde síoraí ar chúplaí comhionanna a scartar as a n-óige go mbíonn siad a bheag nó a mhór mar a chéile is cuma cén t-iomard nó bárthain a theangmhaíonn leo.

READ MORE

Bhí an tuiscint seo riamh ann ag draoithe druaga agus ag seanchailleacha, bíodh is nár ghá go ngéillfimis dóibh toisc gur draoithe druaga nó seanchailleacha iad. Bhí lé faoi leith riamh agam leis an teoiric gur mhaighdeana mara lofa faoi dear An Galar Dubh ar fud na hEorpa, agus gur succubi iomadúla sa leaba leat i gcaitheamh na hoíche ba chúis leis an tuirse sin ort ar maidin.

Dá éamais sin, creidtear gur treise dúchas ná oiliúint. Is beag solaoid is tréine air seo ná scil agus cumas, agus go deimhin, ginias George Best. Níor thraeneáil sé níos déine, níor chaith giob níos mó ama sa ghiomnáisiam, níor dhein pioc staidéir ar theoiric ard na peile seachas an dara duine. B'fhéidir gur lú a dhein.

Ar go leor slite, ní raibh sé freagrach as an mbua a bhí aige. Bronntanas ba ea é. Tabhartas ó Dhia. Gibht ón spiorad a shocraíonn an uile ní, nó ón diabhal, nó ó sheans, nó ón gCaid uilechumhachtach a chaitheann an dísle agus a chumann agus a chamann na rialacha. Na céadta mílte de bhligeaird sráide a bhí ar chomhaois leis ar fud na cruinne. Iad uile ag speachadh na liathróide bige leadóige, nó an oráiste, nó na seadóige, nó an lamhnáin muice, nó na caide cruinne leathair i gcoinne binn an tí i scabhat sráide. Na mílte díobh siúd le glóire ina súile ach luaidhe ina gcosa thíos.

Thuirling dusta na réaltaí ar Georgie Boy Bhéal Feirste. Tháinig an spréacharnach le chéile i nglaic na síóg agus sheol siad chuige é. Chuaigh deamhan na cruthaitheachta isteach ina chosa ag gáire agus líon sé a shaol le ceol agus le huafás. Dhá phóca fhada tá ag an saol; ceann ar le Dia é, agus an ceann eile ar leis an diabhal. Líonadh dhá phóca Georgie Boyo Manchester United síos suas go grinneall agus go liopa an chupa.

Fuair sé "an ghairm" nó an glaoch mar a fhaigheann cách. Ní raibh freagrach as a bhua, ná ciontach ina laigí. B'fhéidir leis smut beag mionbhanláimhe a shíneadh lena chumas; agus b'fhéidir leis smacht oiread na fríde a chur ar a chuid duáilcí, b'fhéidir. Ach faoi bhun obráidí plaisteacha agus uain eile aimsire b'é a dhícheall gan an bóthar a leagadh amach dó a shiúl gan diúltú don tíolaic a tugadh dó.

Glaoitear daoine áirithe chun na sagartóireachta, daoine eile chun uimhreacha bingó a ghlaoch, daoine eile fós chun tóraíocht a dhéanamh ar ollphéisteanna ar thóin locha. Daoine eile ina dhiaidh sin, is é a mbua mallachtaí a chaitheamh, nó faobhar a chur ar sceana, nó páistí a thabhairt ar an saol. N'fheadar aon duine cad é an glaoch atá á chur air go dtí go n-éisteann sé.

Ní raibh aon dul as ag Georgie Boya Cork Celtic ach éisteacht. Bhí a chuid cluas i ladhracha a dhá chois aige agus i luascadh na gcromán agus ina chuid éascaíochta seolta. An té a bhfuil siúl aige ní dheineann puinn iontais de ach oiread is a dhéanann an t-asal dá chros. B'é soineantacht an bhua, cuma-liomachas an tallainn a dhein peileadóir ardeisceachtúil de i dtánaiste Maradona agus Mick O'Connell amháin.

Is fíor, leis, go bhfuil daoine a ngairmtear chun leimhe agus chun leamhais iad. Daoine arb é a mbua ná a n-easpa. Daoine a raibh sé de bheannacht is de mhallacht acu go raibh siad mar chách. Níor ghairm mar sin a fuair an Seoirse is Fearr.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar