An fánaí fiáin

CROBHINGNE: NÍ RAIBH i ndán dó riamh iomáint a imirt do Thiobraid Árann

CROBHINGNE:NÍ RAIBH i ndán dó riamh iomáint a imirt do Thiobraid Árann. Bhí sé ródheas agus róshéimh agus guth chomh binn aige le mil ina slaoda ar Shliabh na mBan. Níor smacht ar amhrán go dtí é agus bhí bligeardaíocht chaomh ina shúile.

B’é an reibiliúnaí ciúin é a thóg na seanrabhcáin amach as na botháin agus as na tithe ceann fóid is a phleanc anuas ar stáitse an lae seo iad. Bhain sé casadh as roth an cheoil agus thit na duaiseanna a lean chun cáich.

Níorbh fhéidir a rá gurbh é Liam Clancy agus a dheartháireacha a thosnaigh athbheochan cheol na ndaoine, ach is iad a bhain an corc as an mbairille in Éirinn. Bhí ceol na ndaoine riamh ann, ach is i gcúlseomraí agus in ionaid gan mheas a chloistí é.

Seachas gleáradh meicniúil trom-mhéireantach an chairdín pianó a mhúchadh gach gléas eile is beag ceol dúchais a chraoltaí. Maidir le hamhráin, is dóichíde go seinnfí “If you’re Irish/Come into the parlour/There’s a welcome there for you/And if your name is Timothy or Pat/As long as you come from Ireland there’s a welcome on the mat/And if you come from the Mountains of Mourne/or Killarney’s lakes so blue/Whoever you are you are one of us/Whoever you are we will make a fuss/If you’re Irish this is the place for you!” seachas aon ní i bhfoirm ‘bailéid’ a raibh teagmháil imeallach féin aige leis an dúiche.

READ MORE

Bhí Margaret Barry – mar shampla amháin – ródhéanach le teacht i dtír ar an athrú a ghluais na Clancys, bíodh is go bhfuair sí eireaball na gaoithe uathu. Bhí a guth rógharbh is a hiompar ró-neamhbhanúil (dar le daoine) le go nglacfaí léi mar dhuine a chuirfí ar stáitse. Fairis sin, bhí sí mór i measc deoraithe Éireann i Sasana. B’iad deoraithe na hÉireann i Sasana an dríodar; b’iad deoraithe na hÉireann i Meiriceá an mámh.

Bhí tallann agus cumas agus ealaín ag baint le Liam ón tús. B’é bóthar na ndán a bhí roimhe amach pé ar domhan é. Ní raibh sé sa chinniúint aige go gcaithfeadh sé a shaol in oifig ag cuntas cuntas go cuntasúil.

Ach bhí an t-ádh leis gur go Meiriceá a chuaigh. Dá mba rud é gur fhan i gCarraig na Siúire agus na siúracha, ní Liam Clancy a bheadh ann in aon chor ach Willie áitiúil éigin eile.

Saoi agus draoi agus rí de bhailéadóir ba ea Liam Clancy, mar ba Liam Clancy é. Ach chuaigh sé i bhfeidhm orainn de thoisc gur bhain sé cáil amach dó féin i dtosach thar farraige thiar. Bhí sé riamh i ndán dúinn go gcaithfeadh duine an bheart a dhéanamh i mball éigin eile sara nglacfaí leis abhus. Agus ní fearr áit ná Meiriceá leis an mbeart sin a dhéanamh.

Bhí Johnny Logan agus Twink riamh mór sa Tuirc, ach bhí ábhairín amhrais orthu anseo – toisc iad a bheith mór sa Tuirc.

Ní raibh aon mheas ar na Cranberries i Luimneach ina dtús mar níor tuigeadh cad ba chranbeirí ann; agus bhí guth ag Dolores O’Riordan a chuirfeadh taibhse a bhí á sciúirseáil le péin i gcuimhne duit. Go fiú is mura raibh a leithéid riamh cloiste agat.

Bhí Angela's Ashesamuigh le breis agus bliain sula raibh aon trácht air. Ba neamhiontaí mura mbeadh aon trácht riamh air, gan amhras. Ach nuair a bhuaigh sé Duais Phulitzer, go hobann chualathas iomrá air in Éirinn, agus i Luimneach.

Thabhaigh Micheal Coleman clú dó féin ar dtúis sna Stáit, agus gan mórán moille bhí pobal Shligigh ag déanamh aithrise ar a stíl fidléireachta á cheapadh dóibh gur bhain sé leo féin.

Tuigeann Colum McCann agus Colm Tóibín más amhlaidh go mbíonn tú mór sna Stáit go mbeidh tú mór in Éirinn, leis.

Bheadh Liam Clancy mór ina phearsa agus mór ina ghuth dá mba nár chualamar gíocs as a ghuth ariamh.

Ach bhí an t-ádh leis, mar a bhí an t-ádh linne gur thuirling sé chugainn nuair a bhí na dea-phláinéid go léir ar a shon. Is fíor gur féidir cuid mhaith de na hamhráin thosaigh a fhágaint sa bhanc dramhaíl.

Is deacair Boolavoguea chanadh níos mó gan Fr Murphy "who stirred up his rocks with a warning cry" a bheith ag sonadh inár gcluasa; ná Kelly the Boy from Killaneagus na béabhair úd a bheith á gcaitheamh in airde go buacach.

Ach seoda riamh ba ea The Dutchman, Will Ye Go Lassie Go, The Band Played Waltzing Matilda(mar níor thréig sé cáineadh na hamaidí riamh), agus The Wild Rover, mar b'é fánaí fiáin ár gcroí é siar amach.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar