Aighneas san Oirthear

Beocheist: Tá an-aird á díriú le seachtainí beaga anuas ar an gcoimhlint idir an Pholainn agus ceann dá comharsana oirthearacha…

Beocheist: Tá an-aird á díriú le seachtainí beaga anuas ar an gcoimhlint idir an Pholainn agus ceann dá comharsana oirthearacha, an Bhealarúis, tír atá scoite ón Eoraip ach a bhfuil ceangail aici leis an Rúis.

D'éirigh an t-easaontas seo toisc mionlach Polannach nach beag bheith sa Bhealarúis agus údaráis Bhealarúiseacha bheith ag tabhairt drochíde dóibh.

Roimh an dara cogadh domhanda bhí roinnt mhaith d'iarthar na Bealarúise in oirthear na Polainne. Ach tar éis an chogaidh rinneadh teorainneacha na Polainne a bhogadh i dtreo an iarthair agus is é sin is mó is cúis le tuairim is 400,000 Polannach eitneach bheith ina gcónaí sa Bhealarúis anois.

Ar ndóigh, ní hé seo an chéad uair atá eascairdeas idir an dá thír seo. I 1998, mar shampla, chuir polaiteoirí iomráiteacha Polannacha eagraíocht ar bun i gcathair Bialystok in oirthear na Polainne agus mar aidhm acu maolú ar aonrú na Bealarúise ón gcuid eile den Eoraip.

READ MORE

Ní róshásta leis seo a bhí údaráis na Bealarúise agus mhaígh ceannaire KGB na tíre go raibh spiaireacht mar pholasaí ag rialtas na Polainne.

Bhris an t-aighneas reatha amach roinnt míonna ó shin nuair a toghadh ceannaire nua ar Aontacht na bPolannach sa Bhealarúis (SPB). Níor thaitin an té a toghadh le Aleksander Lukashenko, uachtarán údarásach na Bealarúise, agus fógraíodh go raibh torthaí an toghcháin neamhbhailí de dheasca camastaíola vótála. Anuas air sin, ceapadh mar cheannaire duine atá gar do Lukashenko.

Mhaígh baill SPB go raibh iarrachtaí á ndéanamh an eagraíocht a chur faoi smacht dílseoirí Lukashenko. Thaobhaigh rialtas na Polainne leis an SPB is tharraing aird ar rialtas na Bealarúise bheith ag cur isteach ar eagraíocht phríobháideach.

Ní gan freagra a fágadh ráiteas seo na bPolannach. Chuir Lukashenko in iúl go raibh an Pholainn ag séideadh faoi dhaoine le hagóidí sluamhara in aghaidh an rialtais Bhealarúisigh a ghríosú.

Díbríodh taidhleoir Polannach as an mBealarúis i mí Bealtaine, á chur ina leith go raibh sé i mbun an bonn a bhaint ó shochaí na Bealarúise. Rinne an Pholainn an pionós céanna a leagadh ar thaidhleoir Bealarúiseach i Vársá. Ó shin i leith tá Polannaigh eitneacha á gcarcrú agus taidhleoirí Polannacha á gcur abhaile mar a bheadh an saghas iompair seo ina spórt nua faiseanta sa Bhealarúis.

Is minic a dhéantar tagairt do Lukashenko mar dheachtóir agus b'éasca a thuiscint dá mbeadh eagla air roimh an bPolainn. Ghlac uachtarán na Polainne, Aleksander Kwasniewski, páirt tábhachtach i réabhlóid oráisteach na hÚcráine ina bhfuarthas an ceann is fearr ar an iarrthóir uachtaráin a raibh tacaíocht na Rúise aige. Ó toghadh Lukashenko, tá iarrachtaí déanta aige ceangail a shnaidhmeadh leis an Rúis.

Ní foláir nó go bhfuil rite le Lukashenko go bhfuil seans go mbeadh an Pholainn sásta an ról céanna a ghlacadh i gcomhthéacs na Bealarúise. Agus cén tslí is fearr ná trí mheán an mhionlaigh Pholannaigh?

Bheadh bunús éigin le buarthaí seo Lukashenko. Tá dréacht rúin curtha ag baill de Pharlaimint na hEorpa faoi bhráid na parlaiminte a mholann stáisiúin raidió a chur ar bun i dtíortha comharsanacha na Bealarúise le cláir a bheadh le héisteacht ag muintir na Bealarúise a chraoladh.

Ach ní hí an Bhealarúis an t-aon chomharsa amháin atá ag tarraingt trioblóide ar an bPolainn. Ag deireadh Iúil i Vársá ionsaíodh triúr páistí le taidhleoirí Rúiseacha sa Pholainn. Dar le húdaráis na Polainne gur ionsaí bligeard ar pháistí a bhí ann agus ní ionsaí Polannach ar Rúisigh.

Ach tá leithscéal foirmiúil éilithe ó Vladimir Putin agus tá an milleán curtha ag Roinn Gnóthaí Eachtracha na Rúise ar pholaiteoirí Polannacha a spreagann frith-Rúiseachas.

Agus níorbh é sin deireadh an scéil. I mí Lúnasa ar shráideanna Mhoscó tugadh faoi bheirt thaidhleoirí Polannacha is bualadh buillí ar iriseoir Polannach.

Glactar leis go bhfuil an forneart frith-Pholannach seo mar éiric an ionsaithe i Vársá ach meastar, leis, go bhfuil seans go bhfuil baint aige le hiompar na Polainne i leith na Bealarúise.

Féachann an Rúis ar an mBealarúis mar thír atá faoina hanáil, díreach mar a féachadh ar an Úcráin roimh an réabhlóid oráisteach. Ní fada ó bhí an Pholainn faoi chuing an Aontais Shóivéadaigh agus is deacair leis an Rúis glacadh le tír bheag na Polainne mar stát neamhspléach.

Is sa chomhthéacs seo a fhéachann roinnt mhaith Polannach ar an leadhbairt a tugadh do Pholannaigh i Moscó. Is é an trua ná go mb'fhéidir nach bhfuil dul amú orthu.