Na bóithre nár siúladh

Is dócha gur le teann barr seansúlachta a leanann gach duine a bhóthar féin.

Beidh cuimhne ag go leor againn nuair a bhíomar inár mbrístí gearra agus sileadh lenár srón go dtagadh aint nó uncail nó comharsa fhiosrach a bhí gann ar chomhrá eile is go bhfiafraíodh siad dínn cad a dhéanfaimis nuair a bheimis ‘fásta suas.’ Ceann de na freagraí a bhíodh ag buachaillí óga ná gur mhian leo a bheith ina bhfir mhúchta dóiteán, nó neachtar acu, a bheith sa Gharda.

Cuid de na buachaillí sin is fíor gur ghabh cuid acu le pireamáineachas, agus an chuid eile le coirpeacht a rinne a leas seachas aon phinsean a gheofaidís ón stát. Ní fios cad iad na mianta a bhíodh ag teacht as béal na gcailíní, ach is ar éigean go ndúirt aon duine díobh ar an tsráid go raibh siad tiomanta a bheith ina spásairí nó ina máinlianna inchinne, cé gur dóichí go bhfaighfeá a leithéid anois.

Is dócha gur le teann barr seansúlachta a leanann gach duine a bhóthar féin. Bhí duine in aon rang liom a mhaígh go ndéanfaí Taoiseach de, ach bhí samhlaíocht bhuile aige. Ár bhformhór, thit na díslí chugainn mar a ráinig, agus nach mbeadh amhras go héag ort faoin duine a thuigfeadh agus é nó í sna déaga idir eatarthu cad é go díreach a theastaigh uaithi nó uaidh thar amhras anonn?

Is í an tsrón an mhéar ar eolas is cruinne atá agat agus foirmeacha lofa úd an CAO á líonadh isteach. Bhí dúil riamh agam féin a bheith im mainicín fireann ag siúl ar stáitse ach ar chúis éigin ceapadh nach raibh na spága cearta agam. Thairis sin, shamhlaigh mé a bheith im thiománaí leoraí fadraoin. Na bóithre fada bána sin dom mhealladh, éisteacht le ceol ar feadh an lae, casadh le daoine as críocha éagsúla, burgairí blasta ar imeall na slí. Bhí fadhb riamh agam, áfach, an gluaisteán a chúlú isteach timpeall i gceart, rud a d’fhágfadh ceataí áirithe maidir le leoraí fada a raibh trucailí ina eireaball siar.

READ MORE

Is é an post is mó a shamhlaím go bhféadfainn é a dhéanamh go binn agus go líofa ná a bheith im bhladarálaí raidió. Ní hé a bheith im dhioscmharcach go baileach, fág gur obair bhreá bhog shuáilceach í sin chomh maith, i bhfad níos fusa ná a bheith id mhianadóir guail. Is é atáim ag maíomh an neach nasctha maidine nó an tráthnóna sin a choinníonn geabstaireacht agus cabaireacht leis an aer de cheal aon rud fódúil a bheith le rá. Táid ar fáil ar fud an bhaill (seachas ar RnaG, gan amhras), go minic leo féin ach uaireanta le páirtí eile ar chomhgheab leo.

Is ionadh liom a líofacht as tiobra d’fhocail: ‘Móra dhaoibh, seo é an 21ú Lúnasa, agus lá álainn amuigh ansin áit éigin, ach anseo abhus, mise liom féin agus súil agam go bhfuil sibh ar fheabhas cibé áit sa tír a bhfuil sibh, bhí an deireadh seachtaine go maith, léigh mé go raibh an ceoltóir Daidí Siúcra ar an stáitse in Butte, Montana agus go raibh daoine ag bailiú a chuid allais agus á dhíol ar seacht míle dollar an deoir. Is ea, an rud is úire ar fad, uachtar reoite do mhadraí! Samhlaigh é sin. Agus, cad is dóigh leat de Lá Idirnáisiúnta na Naipcíní Póca, sin inniu. Cad a cheapann sibhse, cuirigí glao anseo ar uimhir a neáidí niúidí nidí, agus feicim ar an Indipindint go mbeidh scannán nua á dhéanamh de Scipí, ach go bhfuil cangarú Éireannach á lorg…’

Braithim go bhféadfainn seo a dhéanamh go filiúnta agus go líofa ach foireann tacaíochta a bheith laistiar díom a choinneodh rian an lae liom gan teorainn agus draíocht éigin a choinneodh bealadh lem theanga.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar