Ar cheart dúinn Shakespeare a mhúineadh inár scoileanna, sa lá atá inniu ann?

University Observer: Labhraíonn Síofra Ní Shluaghadháin, faoin taithí atá aici, staidéar a dhéanamh ar Shakespeare, agus a tuairimí faoina mhaitheas.

IS fíor é le rá gurbh cás conspóideach é ábhar curaclam sa tír seo go minic. Cé nach bhfuil an leibhéal cinsearachta i bhfeidhm anseo is atá sna Stáit Aontaithe (agus tá mé ag smaoineamh go háirithe ar cásanna ina gcuirtear cosc ar leabhair sa seomra ranga), tá ár bhfadhbanna féin againn. Gach bliain, thart ar mhí Meitheamh, agus na scrúdaithe ag dúnadh linn, tagann an ceist a bhfuil faoi lámh agamsa anseo aníos – Cén mhaitheas atá i Shakespeare sa bhliain 2016?

Ar dtús báire, caithfidh mé a bheith ionraic. Le linn trí bliana, rinne mé féin staidéar ar an litríocht Béarla, agus I rith an am, rinne mé staideár ar timpeall is deich drama de chuid an Bhaird, chomh maith le Macbeth agus Rome & Juliet ar an meánscoil. Ach,  cé go raibh mionstaidéar déanta agama r a saothar sa meánscoil, is fíor é le rá gur fhoghlaim mé meas dá chuid scríbhneoireacht ar an gcoláiste.

Tá deacaireachtaí ar leith ag baint le múineadh Shakespeare sa seomra ranga mar atá sé. Cuireann an córás scrúdaithe brú ar dhaltaí foghlaim de ghlan mheabhair, rud a dhéanann dochar d’aon cúrsa litríochta, i mo thuairimse. Is deacair amharc ar na mionsonraí den scríbhneoireacht (mar shampla, leis an bhfilíocht), nuair atá brú ama, agus easpa tuiscint i gceist. Go simplí, leis an gcóras mar atá sé faoi láthair, is deacair é aon suim nó sonas a spreagadh i ndaoine agus iad i mbun foghlaim. Is breá é seo uilig a rá, ach cén baint atá aige seo le Shakespeare go díreach?

Tá fadhb mhór ag roinnt daoine leis an gcoincheap go mbeadh údar Sasanach mar príomhpháirt inár siollabas náisiúnta, agus mar gheall ar seo, go bhfágtar scríbhneoirí Éireannacha ar lár as an siollabas sin. Is cinnte go bhfuil easpa scríbhneoirí dúchasacha ar an gcuraclam Bhéarla, agus ó mo chuimhne féin, ní dhearna mé staidéar ach ar beirt nó triúr le linn sé bliana ar an meánscoil. Is trua é sin, agus táim fíor bhuíoch go raibh an suim ionam féin litríocht Éireannach a léamh as mo stuaim féin. Is cinnte go bhfuil gá le leathanú agus éagsúlú sa siollabas.

READ MORE

Leis an chuid eile den alt seo a léamh, lean an nasc seo: http://on.irishtimes.com/EyzCF1K