Feactas in aghaidh an phlean Westdoc

A chara, - Bhi 300 duine ag cruinniú poiblí i gCill Chiaráin i gConamara i mí Dheireadh Fómhair seo caite ag ar cuireadh go láidir…

A chara, - Bhi 300 duine ag cruinniú poiblí i gCill Chiaráin i gConamara i mí Dheireadh Fómhair seo caite ag ar cuireadh go láidir in aghaidh an phlean dochtúireachta ar a dtugtar Westdoc. Bhí sé ar an gcruinniú poiblí ba mhó sa gceantar le fada an lá.

Ní raibh an pobal sásta glacadh le córas faoina mbeadh dochtúir amháin ag tabhairt seirbhíse i gceantar fada fairsing in iarthar Chonamara ó 6 p.m. tráthnóna go dtí 8 a.m. an mhaidin dár gcionn agus i gcaitheamh an deireadh seachtaine uilig. Go deimhin, labhair roinnt dochtúirí sa gceantar go poiblí faoin scéal agus dúirt said nach raibh aon réasún leis an bplean seo agus go bhféadfaí daoine a chur i mbaol dá bharr.

Tá feachtas ar bun againn anseo ó shin agus muid ag iarraidh go mbeadh córas ceart tacaíochta ag dochtúirí an cheantair seo - Ros Muc agus Carna - a d'fhágfadh go mbeadh scíth cheart acu óna gcuid oibre. San am chéanna, chinnteodh an córas seo go mbeadh dochtúir ar fáil don phobal i gcónaí agus an dochtúir sin lonnaithe sa gceantar nuair a bheadh sé/sí ar dualgas éigeandála oíche agus deireadh seachtaine. Tá go leor staidéir déanta againn ar an gceist seo agus tá cáipéisí curtha ar fáil againn d'fheidhmeannaigh an Bhord Sláinte agus do pholaiteoirí ag na cruinnithe a bhí againn leo.

Tá dul chun cinn maith déanta againn. Tá sé ráite ag an Aire Éamon Ó Cuív agus ag an Aire Stáit, Frank Fahey, nach bhfuil córas ar nós Westdoc feiliúnach i gceantair mhóra tuaithe, áit a mbíonn an daonra scaipthe anonn agus anall. Tá a thacaíocht tugtha ag an Dr Jerry Cowley, TD, Cathaoirleach Eagraíocht na nDochtúirí Tuaithe don iarracht.

READ MORE

Chomh maith leis sin, ba cheart aird a tharraingt ar an méid a dúirt Cathaoirleach Westdoc féin, an Dr James Kent, sa nuachtán The Irish Medical Times ar 24ú Márta, 2003.

San alt sin, dúirt an Dr Kent nárbh é Westdoc "an freagra" in áiteacha áirithe faoin tuaith agus luaigh sé Iarthar Chonamara, Iarthar Mhaigh Eo agus ceantar Iorrais go sonrach. Theastódh córas eicint eile sna ceantair sin, a dúirt an Dr Kent.

Tá muide anseo an-cháinteach ar Bhord Sláinte an Iarthair faoin easpa dul chun cinn ag an gcruinniú is deireanaí a bhí againn leo i gCarna. Tá sé de dhualgas ar an bhord aird a thabhairt ar dhearcadh a phobail, ar dhearcadh na bpolaiteoirí agus ar dhearcadh Chathaoirleach Westdoc. Beidh muid ag dul níos géire ar an bhfeachtas seo anois lena chinntiú go gcoinneofar an tseirbhís dochtúireachta pobail chomh maith, agus chomh gar do láthair, agus a bhí sí i gcónaí sa gceantar seo. San am chéanna, beidh muid ag iarraidh go mbeadh tacaíocht cheart ag dochtúirí an cheantair. - Is muide,

SEOSAMH Ó CUAIG, MÁIRTÍN Ó GRÍOFA, MÁIRE ÁINE

UÍ MHAOILCHIARÁIN, BEARTLA BREATHNACH, ÁINE MÁIRE NÍ FHLATHARTA, SUSAN UÍ CHATHÁIN, Aill na Brún,

Cill Chiaraín, Conamara, Co na Gaillimhe.