Scannal mor sa Pholainn

Beocheist: Ní haon rud nua é sa Pholainn scannal mór a mbíonn polaiteoirí sinsearacha cumhachtacha á lua leis

Beocheist: Ní haon rud nua é sa Pholainn scannal mór a mbíonn polaiteoirí sinsearacha cumhachtacha á lua leis. Is géire ná riamh an aird atá á díriú ar an scannal reatha, áfach, a bhfuil "Orlengate" baiste ag na meáin air.

Is é is cúis leis an dúspéis seo ná breabaireacht, spiaireacht, Rúisigh is an fear is saibhre sa Pholainn bheith bainteach leis. Pléann PKN Orlen, an comhlacht is mó sa Pholainn, le cúrsaí ola agus tá 28 faoin gcéad de i seilbh an stáit.

Tarraingíodh aird air in Aibreán nuair a cuireadh i leith Leszek Miller, a bhí ina phríomhaire ansin, go raibh sé freagrach as uachtarán an chomhlachta, Andrzej Modrzejewski, a chur as a phost i 2002. Ghabh póilíní Modrzejewski ar chúiseamh camastaíola nach raibh aon bhonn leis.

Cé gur shéan Miller na líomhaintí, cuireadh coiste iniúchta parlaiminteach ar bun. Is beag nach bhfuil dearmad iomlán déanta ar ghabháil Modrzejewski áfach, toisc an t-eolas atá an coiste tar éis nochtadh.

READ MORE

Ba é ba thúisce a bhain siar as pobal na Polainne ná scéal scaglann ola i nGdansk i dtuaisceart na Polainne. Theastaigh ó chomhlacht ola Rúiseach an scaglann seo bheith acu.

Deirtear gur thug na Rúisigh $5 milliún d'aire Polannach is do phiarda mór sa tionscal ola le go n-éireodh leo an scaglann a cheannach. In ainneoin gur thug na Rúisign an t-airgead mór seo, áfach, shocraigh rialtas na Polainne gan dul ar aghaidh le díol na scaglainne.

Rinneadh scéal mór den tuairisc seo; níltear rócheanúil ar an Rúis sa Pholainn - chuir finné amháin meon an phobail Pholannaigh i leith na Rúise in iúl don gcoiste iniúchta agus é ag caint leo: "Inné tancanna, inniu ola".

Ach níorbh é sin deireadh an scéil. Bhí cruinniú i Vín i 2003 idir Jan Kulczyk, an fear gnó is gustalaí sa Pholainn, a bhfuil 5 faoin gcéad den scairshealbhóireacht in Orlen aige, agus Vladimir Alganow a bhí ina ionadaí UES, monaplacht leictreachais na Rúise.

Ba ghníomhaire de chuid an KGB é Alganow i Vársá sna 1980í agus roimhe sin ba chomhscoláire le Vladimir Putin é in Acadamh Faisnéise na Rúise.

Dar le nótaí ó sheirbhísí faisnéise na Polainne, ar cúis mhór conspóide iad, luaigh Alganow le linn an chruinnithe an dóiteacht a bhí ar na Rúisigh faoi scéal na scaglainne, go háirithe i bhfianaise na breibe móire a thug siad.

Ba ansin a dúirt Kulczyk, de réir dealraimh, go bhféadfadh seisean a anáil a chur faoi Aleksander Kwasniewski, uachtarán na Polainne, le díol na scaglainne a athoscailt.

Tá leagan éagsúil den scéal ag Kulczyk. Admhaíonn sé gur bhuail sé le hAlganow i Vín ach maíonn gur cruinniú le UES a bhí socraithe is nárbh fheasach dó gur Alganow a bheadh i láthair mar ionadaí.

Shéan Kwasniewski go raibh sé isteach le Kulczyk. Is ar éigean a tugadh cluas dó i bparlaimint na Polainne, áfach.

Mhaígh ceannaire amháin de chuid an fhreasúra go raibh an Pholainn faoi riail spiairí is go mba chóir an t-uachtarán a tháinseamh.

Fiú muna bhfuil pioc den fhírinne sna líomhaintí seo, d'fhéadfaidís dochar nach beag a dhéanamh don uachtarán, duine den bheagán polaiteoirí a bhfuil meas ag an bpobal air.

Tá an méid sin scannail is mí-áidh ag rith leis an bPáirtí Sóisialach gur ar éigean atá siad i gcumhacht faoi láthair.

Is é Kwasniewski an t-aon duine a bhfuil seans aige an páirtí seo a chur ar bhóthar a leasa agus beidh a théarma mar uachtarán istigh ar an bhliain seo chugainn. Ach má bhaineann "Orlengate" an bonn de, d'fhéadfadh deireadh bheith lena réim féin.

Ar an drochuair do Kwasniewski, is é rún an fhreasúra ná a chlú a cháibleáil, ar ais nó ar éigean. Tá Roman Giertych, ceannaire ar pháirtí freasúrach amháin, ina leaschathaoirleach an choiste iniúchta. Le cor eile a chur sa scéal, bhí cruinniú aigesean le Kulczyk i Meán Fómhair.

D'áitigh Giertych gur de thaisme a bhuail sé le Kulczyk agus nach ndúirt sé leis ach an fhírinne a dhéanamh. Is amhlaidh gur mhair an comhrá uair an chloig. Dar le Kulczyk go ndúirt Giertych nach mbeadh aon fhadhb aige dá soláthródh sé fianaise a tharraingeodh míchlú ar Kwasniewski. Bíonn dhá insint ar gach scéal.

Ach seachas a fhéinchúisí a bhíonn polaiteoirí is é is mó a léiríonn scannal "Orlengate" ná a dhrochiontaobhaí atáthar fós sa Pholainn as an Rúis.

Ní dhéanfaidh a bhfuil an coiste ag tabhairt chun solais agus a bhfuil tite amach san Úcráin le déanaí ach an drochiontaoibh seo a ghéarú.