An bard agus an bladar

Cuireann daoine óga agus daoine atá óg ina meon nár thachtaigh an saol fós iad spéis thar meán sa rud nach bhfuil ar eolas

Drámaí le Shakespeare
Drámaí le Shakespeare

Bhí sioscadh éigin sa luifearnach le déanaí mar gheall ar gan drámaí le Shakespeare a bheith ar chúrsa ardteistiméireachta Béarla an stáit abhus. Ní cúrsaí iontais sin, óir tá an nós forleathan ag dul i bhforleithne aon rud a shamhlaítear a bheith dúshlánach nó deacair nó déanach a dhíbirt ar mhaithe leis an dalta. Chuala cogar i mo chluas á rá ‘ar mhaithe leis an múinteoir’, ach scaoileas tharam é sin.

Ceann d’fhearann fairsing clichéanna an oideachais is ea nach foláir ábhar a theagasc a bhaineann le timpeallacht, le hábhar infheicthe, le paróiste dúchais, leis an ní in aice méara, leis an rud atá inláimhsithe cosúil le lego, leis an earra atá nach mór ar eolas cheana ag an leanbh bocht nó an déagóir féin. Scéal liom dóibh: is mó an tsuim a chuireann an páiste ar an urlár sa dineasár nach bhfaca sé riamh seachas cat na gcomharsan, nó is túisce a spreagann scéal Hannibal ag trasnú na nAlp é seachas scéal an choiste is déanaí atá ag casadh le ceist shimplí na tithíochta a réiteach.

Cuireann daoine óga agus daoine atá óg ina meon nár thachtaigh an saol fós iad spéis thar meán sa rud nach bhfuil ar eolas, sa rud a thugann aer don mheabhair, sa ghníomh aigne a thugann speach don tsamhlaíocht. Sin é an fáth gur féidir le tuismitheoir scéal a léamh nó a insint don pháiste is óige a bhfuil an cúpla siolla féin ag teacht óna bhéal i dteannta na bpislíní, is féidir scéal ar bith, mar gheall ar ainmhí ar bith nach bhfaca sé, ar chréatúr ar bith nach bhfuil ann, ar thír nár chruthaigh Dia fós, ar ghrian a bheith ag siúl ar an talamh, ar fharraige atá tirim, ar bháisteach mar chalóga arbhair, ar fhaolchú cineálta, ar airgead cabáiste, ar dhuine gan fón póca, ar chaint na gealaí, ar an rince sna scamaill, ar ghual inite, ar ifreann álainn, ar pé ní faoin tsamhlaíocht ghorm bhuí chorcra bhuile ar féidir nó nach féidir a bheith ann. Sin agat túschéim na foghlama. Tá a fhios ag gach tuismitheoir an méid sin toisc nár dhein siad cúrsa oideachais riamh.

Tá dhá mhórdheacracht ag Sheakspeare bocht: B’fhéidir nárbh é, ach duine den ainm céanna a bhreac na drámaí agus an fhilíocht

Tá dhá mhórdheacracht ag Sheakspeare bocht: B’fhéidir nárbh é, ach duine den ainm céanna a bhreac na drámaí agus an fhilíocht. Agus ní hí teanga na linne seo, nó le fiche bliain anuas, nó béarlagair ala na huaire teilifís Mheiriceá atá á chleachtadh ag a shorcas uileghabhálach de dhaoine.

Is beag aighneas liteartha is mó a d’adhain fearg agus ceo seachas an t-aighneas baoth nárbh é William Shakespeare (Liam Mac an Chroitheadóra Sleá) ó Stradford upon Avon (nó Áth na Sráide ar an Abhainn) a chum is a cheap an saothar atá curtha síos dó. Liosta rófhada gan áireamh iad na húdair a luaitear lena shaothar seachas é féin: Francis Bacon, Edward de Vere, Christopher Marlowe agus nach mór ceithre scór go leith eile a bhfuil Cervantes agus an bhanríon Éilís I ina measc, ach arb é Uilliam Nuinseann ó Chontae na Mí, file Gaeilge agus bligeard an té is suimiúla díobh.

Má chaitheann duine seasamh lasmuigh dá dhoras féin agus dul le ceard nó le gairm ar bith, ní foláir dó focail agus frásaí eile a fhoghlaim seachas iad siúd a chloiseann sé os cionn an chliabháin nó ón teilifís sa chúinne. Gnó beag díreach neamhchas de chuid an oideachais is ea rogha de na domhain sin a nochtadh don intinn dhúnta.

Táim saonta go leor géilleadh gur féidir le boc gan mórán scolaíochta as baile beag gan tábhacht drámaí agus filíocht den scoth a cheapadh, agus gur fiú do dhaltaí síneadh samhlaíochta agus friotail a fháil ina gcuid oideachais.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar