“Ní féidir linn pobal inmharthana teanga a chruthú ar ‘vibes’ amháin.”
Sin a dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge Ciarán Mac Giolla Bhéin agus é ag labhairt ag plé painéil a reáchtáil an nuachtán seo sa Phuball Gaeilge ag an bPicnic Leictreach ag an deireadh seachtaine.
Dúirt Mac Giolla Bhéin go bhfuil “dualgas faoi leith” ar an Stát tacaíocht a léiriú do phobal na Gaeilge agus go bhfuil “infreastruchtúr, infheistíocht agus tacaíocht” de dhíth.
“Má tá muid ag súil leis go mbeidh an freagra ag teacht ón bharr anuas, beidh muid ag fanacht. Ní tharlóidh sé. Agus sin ráite, níl aon amhras go bhfuil dualgas faoi leith ar an Stát.”
READ MORE
Ag plé na ceiste “An bhfuil an Stát dáiríre faoin nGaeilge, nó an gealltanais gan ghníomh atá i gceist?” a bhí an plé painéil.
Cháin Mac Giolla Bhéin an “béalghrá” a léiríonn polaiteoirí i leith na Gaeilge, agus dúirt sé go raibh an titim 3.5 faoin gcéad ar an gcéatadán páistí atá ag freastal ar Ghaelscoileanna a taifeadadh anuraidh “samhnasach.”
“Cén dóigh faoin spéir a bhfuil muid inár suí i stát ina bhfuil stádas bunreachtúil ag an teanga - atá lán den bhéalghrá seo ar son na Gaeilge agus nach bhfuil forálacha bunúsacha ón gCoimisinéir Teanga á gcur i bhfeidhm go héifeachtach - agus ina bhfuil titim sa Ghaeloideachas?
“Tá mé ag déanamh go bhfuil go leor daoine dubh dóite den bhearna shuntasach atá ann idir an béalghrá ó pholaiteoirí ó réimse leathan de pháirtithe atá i gcónaí ar thús cadhnaíochta ag rá [go bhfuil] grá acu don teanga, ach a chailleann gach uile dheis an grá sin a léiriú trí ghníomh diongbháilte a dhéanfadh difear.”
Phléigh an painéal réimse leathan ábhair ó stair na Gaeilge sa státchóras nuabhunaithe ag tús an tSaorstáit go dtí an easpa maoinithe d’eagrais Ghaeilge sa lá atá inniu ann agus an mhoill atá ar na Caighdeáin Teanga, córas a thabharfadh soiléireacht do chomhlachtaí poiblí faoi mar is ceart freastal ar an bpobal trí Ghaeilge.
Dúirt Síobhra Aiken, léachtóir i Roinn na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, go ndearmadtar “go minic” gur eascair an Stát as gluaiseacht an neamhspleáchais ach nár fíoraíodh fís na hathbheochana nuair a bunaíodh an Saorstát.
“Nuair a bunaíodh an stát, níor fíoraíodh go leor de na haislingí a bhí ag glúin na réabhlóide, agus sin b’fhéidir ceann de na rudaí is truamhéalaí - go raibh daoine a raibh a gcroí sa Ghaeilge ag dul isteach sa rialtas agus nach ndearna siad beart de réir a mbriathair.”
“Má fhéachann muid ar stair an oideachais, feiceann muid go ndeachaigh an bhéim a bhí ar an teanga i léig go mór,” a dúirt sí.
“Bhí an-iarracht ann ag an tús go mbeadh an Ghaeilge á labhairt sa chóras, ach bhí sé thar a bheith dúshlánach córas a bhí chomh Gallda sin a aistriú go dtí córas Gaelach, más mian leat.
“Theastódh athnuachan ó bhun leis sin a bhaint amach.”
Dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach an eagrais Gaeloideachas, go bhfuil an “fuinneamh spleodrach” atá faoi phobal na Gaeilge “ar nós go bhfuil sé ag tarlú in ainneoin an stáit”.
“Braitear go bhfuil codarsnacht mhór idir cur chuige an stáit agus ansin an tiomantas agus an fuinneamh atá amuigh ansin,” a dúirt sí.
“Tá an dá rud ag teastáil, is dóigh liom go bhfuil cur chuige comhtháite de dhíth idir an fuinneamh pobail sin agus ansin cur chuige an stáit.
“Tá go leor daoine atá ag obair sa réimse a deireann go bhfuil an córas oideachais briste.”
“Tá mé feasach, ag ócáid mar seo, go mbíonn cineál fonn clúmhar ar dhaoine go gcaithfimid cothromaíocht a aimsiú idir an dá rud, agus tá sé tábhachtach a aithint céard atá ag oibriú sa chóras oideachais, cad iad na hiarrachtaí macánta atá ar bun, ach is dóigh liom go príomha go gcaithfimid a aithint go bhfuil go leor den chóras foirmiúil oideachais briste faoi láthair.”
Phléigh Páidí Ó Lionáird, Bainisteoir Cumarsáide in Oifig an Choimisinéara Teanga, tuarascáil bhliantúil na hOifige a foilsíodh i mí Iúil. Rinneadh trácht sa tuarascáil ar na moilleanna ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga, moilleanna a dúradh ag an am atá ag sárú cearta teanga lucht labhartha na Gaeilge.
Ina ainneoin sin, dúirt sé nach bhfuil easpa uaillmhéine ann.
“Tá na haislingí seo ann. Is í an fhadhb ná an táimhe nó an ‘stasis’ atá ann iad a chur i bhfeidhm.
“Is í an fhadhb atá againn ná go bhfuilimid cúig bliana síos an bóthar anois ó chuir Michael D. a lámh leis an reachtaíocht sin. Táimid fós ag fanacht ar spriocdhátaí, tá muid fós ag fanacht ar threoirlínte, tá muid fós ag fanacht ar chóras na gcaighdeán.”
Mhol Ó Lionáird an toradh atá ar chaiteachas na gcomhlachtaí stáit ar fhógraíocht trí Ghaeilge, dualgas a leagtar orthu de dheasca na reachtaíochta teanga.
“Tá €20m sa bhliain á chaitheamh ar fhógraíocht i nGaeilge. Tá €6m de sin á chaitheamh ar na meáin Ghaeilge amháin. Tá sé ag cothú saghas éicisféar meán Gaeilge as féin,” ar seisean.
“Ach an bhfuil sé sin ag tarrac le gach rud eile atá sa reachtaíocht? Níl.”
“Is spriocanna reachtúla iad seo.”
“Tá siad sa reachtaíocht, agus tá an stát ag loiceadh ar a chuid reachtaíochta féin. Agus tá sé sin ráite sa bhrollach anseo againn go neamhbhalbh, go bhfuil an stát ag cailliúint a chuid spriocdhátaí féin ach, i ndáiríre, an bhfuil iontas an domhain orainn?”













