Saibhreas teanga na nDéise

Tá sainiúlacht ar leith ag baint leis an gcanúint atá á labhairt nGaeltachtPhort Láirge

Nioclás Mac Craith an t-oide teangan i Scoil na Leanaí. Grianghraf: RoseAnn Foley
Nioclás Mac Craith an t-oide teangan i Scoil na Leanaí. Grianghraf: RoseAnn Foley

Tá ceol, foghraíocht agus frásanna speisialta ag baint le canúint na nDéise nach mbaineann le canúintí eile. Ní Gaeilge Chiarraí nó Gaeilge Iarthar Chorcaí a labhraítear anseo i nGaeltacht na nDéise. Idir na fuaimeanna, na nathanna cainte, na focail agus saibhreas liriceach na foghraíochta, tá leithleachas agus neamhchoitiantacht ag baint leis an gcanúint seo. Tá sí eisceachtúil agus álainn ó thús go deireadh. Is cúis áthais í seo do mhuintir Ghaeltacht oirdheisceart na tíre.

Cloistear samplaí den speisialtacht seo in úsáid go nádúrtha agus go rialta ag cainteoirí anseo – seo an áit ina deirtear ‘an Ghaelainn’ agus ‘labhairt na Gaelainne’ in ionad ‘an Ghaeilge’ agus ‘labhairt na Gaeilge’.

Cloistear go rialta mar chuid den chaint iad - na gnéithe agus na téarmaí neamhchoitianta a d’úsáidtí riamh is choíche ag dul siar sna blianta – agus tá an chanúint le cloisteáil go forleathan anseo i gcónaí, mar dlúthchuid de charachtar na nDéise.

Tá go leor focal ann - mar shampla, bhíodh amhránaí ar an sean-nós ina cónaí anseo tráth agus babhtaí nuair a iarradh uirthi canadh, chailleadh sí a misneach agus mhíníodh sí a cás nuair a deireadh sí go raibh ‘falsaer’ uirthi. Is é sin le rá go raibh sí neirbhíseach.

Sampla eile is ea an focal ‘ciotrainn’ a úsáidtear go rialta in ionad timpiste bóthair. “Bhí ciotrainn ann”, a déarfaí.

Agus in ionad a rá go bhfuil tú ag feitheamh le duine, úsáidtear an focal ‘fuireach’ go han-mhinic.

Agus in ionad a rá go bhfuil tú ag feitheamh le duine, úsáidtear an focal ‘fuireach’ go han-mhinic. Sampla eile is ea an focal ‘canach’ - in ionad a rá go raibh fearg ar dhuine, chloisfí daoine ag rá go raibh ‘canach’ air, fé mar a luaitear agus a mhínítear i leabhar dar teideal Seana-Chaint na nDéise II, le Risteard B Breatnach, a foilsíodh in 1961.

Foilsíodh féilire ilbhliantúil roinnt blianta ó shin, é deartha agus curtha in eagar le tacaíocht ó Chomhlacht Forbartha na nDéise, ina bhfuil an-chuid de na focail a chloistear go nádúrtha agus go minic anseo san Déise, focail agus frásanna atá neamhchoitianta lasmuigh den dúiche seo: truscar (feamainn), inniúil (ábalta), pabhsaithe (bláthanna), pleidhce (amadán), aibhléis (leictreachas) agus cluthar (compordach). Tá frásanna ann chomh maith: tabhair aireachas (tabhair aire), dén díobháil (cén dochar nó nach cuma), dé chúis (cén fáth) agus tine a adhaint (tine a lasadh). Tá beagnach céad focal le léamh agus iad spréite amach ar leathanaigh na míonna sa bhféilire seo.

Ag deireadh an tsamhraidh beifear ag cur fáilte roimh ghrúpa nua scoláirí agus iad tagtha chun scoilbhliain iomlán a chaitheamh sa Ghaeltacht ag foghlaim na Gaeilge – seo Scoil na Leanaí, an bhunscoil chónaithe lán-Ghaeilge atá lonnaithe i gceantar na Rinne. Fanann na páistí sa choláiste mar scoláirí chónaithe.

Beidh na daoine óga seo a fhreastalaíonn ar Scoil na Leanaí ag cur aithne ar a chéile den chéad uair, ach níos tábhachtaí fós beidh siad ag tosú amach ar bhóthar na foghlama agus ar bhóthar phróiseas an tumoideachais.

Mar a mhaíonn Olive Cróc, príomhoide na bunscoile, “ní bhíonn fóin acu, ní bhíonn an teilifís acu, ní bhíonn an t-idirlíon acu. Bíonn siad ar scoil nó amuigh faoin aer. Agus d’fhormhór na ndaltaí nuair a thagann siad ní bhíonn mórán Gaelainne acu.” Ach tosaíonn an próiseas, agus is cinnte go n-oibríonn prionsabal an tumoideachais.

I gceartlár na Gaeltachta. Grianghraf: RoseAnn Foley
I gceartlár na Gaeltachta. Grianghraf: RoseAnn Foley

“Tosaíonn muid ar an nGaelainn a bhí á múineadh dóibh sna naíonáin: laethanta na seachtaine, míonna na bliana, gach rud ó bhéal mar ghrúpa,” a deir an Crócach. Mar a dúirt sí in agallamh don raidió áitiúil le linn na scoilbhliana seo caite, bíonn formhór ag foghlaim na Gaeilge mar theanga labhartha den chéad uair. An scoilbhliain seo caite, bhí seachtar tagtha ó Ghaelscoileanna agus cé go raibh an Ghaeilge acusan, “cinnte bíonn an teanga ó bhéal acu ach bíonn snas le cur ar an ngramadach acu siúd…agus tarlaíonn sé sin de réir mar a théann an bhliain ar aghaidh”.

“An rud speisialta faoin scoil seo,” arsa Olive, “ná go bhfaigheann an páiste eispéireas iomlán ar chultúr na Gaeltachta ó thaobh cúrsaí acadúla de, ó thaobh cluichí Gaeltachta de, ó thaobh ceol traidisiúnta de. Agus go gcíonn siad an Ghaelainn mar theanga shóisialta agus go mbíonn deis acu bliain a chaitheamh lena chéile gan na meáin shóisialta ag cur isteach orthu.”

Is é Nioclás Mac Craith an t-oide teangan atá acu i Scoil na Leanaí. Bíonn sé ag cabhrú leis na páistí nach bhfuil aon Ghaeilge acu an teanga a fhoghlaim, agus ag na páistí go bhfuil Gaeilge acu, bíonn sé ag tógaint ar an nGaeilge sin. Mar a mhínigh sé in agallamh a rinne sé do mhír ar Molscéal de chuid TG4: “cuirimid ana-chuid de Ghaelainn na Rinne ina dtreo chomh maith chun í a fhoghlaim.Taitníonn sé go mór liom a bheith anseo. Tá difríochtaí áirithe is dócha i nGaelainn na Rinne agus an tSeanphobail nó Gaelainn na nDéise, mar a deir siad, le Gaelainn ó Ghaeltachtaí eile. Bíonn focail dhifriúla á n-úsáid againn”. I measc na bhfocal a luann sé tugann sé an sampla “i bhfochair a chéile” aa chiallaíonn daoine in éineacht lena chéile.

Scríobh Risteard B Breatnach i réamhrá a leabhair, agus é ag déanamh tagairt don saibhreas teangan a bhí i réim i ndúiche na nDéise caoga bliain roimh fhoilsiú an leabhair in 1961, go raibh an-chuid den saibhreas caillte. “From numerous footnotes the reader may be able to form some idea of what has been lost in fifty years,” a deir sé.

Seans go raibh an fhírinne á rá aige, ach seans go bhfuil cúrsaí feabhsaithe ó shin. Cé fios? Is de shíor a chasann rotha mór an tsaoil. Arís i mbliana, beidh scoláirí an tsamhraidh a bhí ag fuireach sa cheantar ag freastal ar ranganna Gaeilge i gColáiste na Rinne ag dul abhaile le feabhas tagtha ar a gcuid Gaeilge.

Ach maidir leis an dtumoideachas, i ndiaidh na scoilbhliana seo chugainn, imeoidh páistí abhaile ó Scoil na Leanaí, iad beagáinín níos sine, scileanna sóisialta foghlamtha acu, cairde déanta, Gaeilge mhaith faighte acu, agus níos fearr fós, beidh canúint ar leith ar a dtoil acu – is í sin Gaelainn bhinn na nDéise. Nach méanar dóibh.

Foclóir

sainiúlacht = uniqueness/distinctiveness

leithleachas = exclusivity/uniqueness

foghraíocht = phonology/pronunciation

tumoideachas = immersion educationil

aibhléis = electricity

cluthar = comfortable/cosy

méanar = fortunate