Nuair a d’éirigh David Cameron as mar Phríomh-Aire na Breataine sa bhliain 2016, air féin a bhí an milleán go huile agus go hiomlán.
Caithfear an diallait a chur ar an each cóir agus níl dabht ar bith gurbh é an Breatimeacht ba chúis lena thitim.
Ó ghlac an Ríocht Aontaithe ballraíocht sa Chomhphobal Eorpach in 1973, bhí amhras i gcónaí le brath sa ghaol a bhí ag an tír sin leis an mBruiséil. Thaitin an margadh aonair go mór leis an mBreatain ach bhí a lán gnéithe den struchtúr polaitiúil nár luigh go compordach le polaiteoirí na tíre sin, idir Choimeádaigh agus Páirtí an Lucht Oibre, ná leis an bpobal.
Ní fhéadfainn buille faoi thuairim a thabhairt faoi líon na gceannteideal atá léite agam bunaithe ar an téama “Barmy Brussels Bureaucrats”. Sa Pháirtí Caomhach, ach go háirithe, bhí dream docht a bhí go smior in aghaidh na hEorpa, a bhí seineafóbach agus a raibh éirí in airde ag baint leo, a chaith síos ar an Eoraip agus ar mhuintir na hEorpa.
READ MORE
Ba sheift ghlic pholaitiúil a bhí ann chun cinneadh dodhéanta polaitiúil a sheachaint. An difríocht idir Blair agus Brown, agus Cameron, ná go raibh an bheirt sin ar aon aigne leis an bpobal agus gur thuig siad an aeráid pholaitiúil. Níor thuig Cameron í beag ná mór.
Nuair a bhí Tony Blair agus Gordon Brown ag barr a réime deich mbliana roimhe sin, thuigeadar beirt an claonadh fíordhiúltach a bhí ag muintir na Breataine maidir leis an Eoraip. Ag an am bhí brú ar Blair agus Brown an t-airgeadra nua, an euro, a ghlacadh agus steirling a chaitheamh i dtraipisí. Chun an fhírinne a rá, bhí a fhios acu go mbeadh orthu reifreann éigin a reáchtáil chun an t-athrú sin a dhéanamh. Ba mhór idir Páirtí an Lucht Oibre agus an Páirtí Caomhach ag an am sa mhéid is go raibh a lán ball ibPáirtí an Lucht Oibre báúil don Eoraip. Fós féin, thuig Brown nach mbeadh seans dá laghad ag an Rialtas aon reifreann maidir leis an Eoraip a bhuachan.
Mar sin, chruthaigh sé tástáil nach beag maidir leis an euro. Bheadh ar chóras geilleagrach na Breataine cúig choinníoll a chomhlíonadh sula mbeadh an Rialtas toilteanach dul isteach san euro. Dar ndóigh, bhí an caighdeán agus an tairseach chomh hard nach gcomhlíonfaí iad go deo na ndeor! Ba sheift ghlic pholaitiúil a bhí ann chun cinneadh dodhéanta polaitiúil a sheachaint.
An difríocht idir Blair agus Brown, agus Cameron, ná go raibh an bheirt sin ar aon aigne leis an bpobal agus gur thuig siad an aeráid pholaitiúil. Níor thuig Cameron í beag ná mór.
Bíodh is go raibh sé faoi bhrú marfach ó eite dheis a pháirtí féin, níor chóir dó géilleadh don reifreann. Nuair a rinne sé é sin bhí an dísle caite. Bhí an beart déanta. Ní raibh i ndán ach cinneadh amháin — diúltú iomlán don Eoraip. Chaill an Bhreatain an cath an lá sin. Chaill sí an cogadh chomh maith.
Ón lá sin go dtí an lá atá inniu ann, tá an Bhreatain ag sleamhnú agus ag dul i meath. Tá roinnt tráchtairí a mhaíonn go raibh sé sin ag tarlú roimhe sin. Ní fheadair an bhfuil siad ceart. Ar aon chuma, tháinig an anachain pholaitiúil sin chun cinn in 2016.
Bhí Enda Kenny ina Thaoiseach ar an tír seo ag an am. Ó shin i leith, tháinig triúr comharbaí ina dhiaidh: Leo Varadkar, Micheál Martin agus Simon Harris.
Le linn na tréimhse céanna sa Bhreatain tá seisear tar éis teacht agus imeacht: Theresa May, Boris Johnson, Liz Truss, Rishi Sunak, Keir Starmer agus anois Andy Burnham.
Liz Truss? Léiriú ba ea í sin ar an sotal a bhí aici agus ag a páirtí. Mhair sí níos lú ama ná mar a bheadh ag teastáil ó dhuilleog leitís tosú ag seargadh. Agus ag caint ar shotal, céard faoi Boris Johnson? B’é an Breatimeacht an chloch ba mhó ar a phaidrín ach rinne sé a bheag den dochar a bhí á dhéanamh do phobal na Breataine.
Níorbh aon iontas é, mar sin, gur bhuaigh Páirtí an Lucht Oibre an toghchán deireanach.
Ach bhí an dochar déanta. Agus níorbh é Keir Starmer an polaiteoir a chuirfeadh gach ní ina cheart. Fear macánta agus cothrom é Keir Starmer agus a lán taithí aige sa saol poiblí.
Ach ar an drochuair, bhí sé lag mar Phríomh-Aire. Lig sé do Donald Trump amadán a dhéanamh de. Bhí a theacht i láthair chomh leamh le huisce portaigh. Níor éirigh leis ceangal ceart a dhéanamh leis an bpobal.
Tá an dúshlán polaitiúil an-mhór. Tá meath eacnamaíochta tagtha ar an mBreatain, agus gach cosúlacht ar an scéal gur mhéadaigh an briseadh leis an Eoraip na deacrachtaí.
Is iad daoine cosúil le Johnson agus Nigel Farage ó Reform atá freagrach as an bpraiseach. Ach is í an íoróin chrua ná go bhfuil Farage ag ligean air anois gur slánaitheoir é. Níos measa fós, creideann daoine bochta sa Bhreatain an nathair nimhe sin go fóill, agus é ag ligean air go bhfuil leigheasanna míorúilteacha aige.
Cuireadh Starmer as oifig go neamhthrócaireach an tseachtain seo caite. Tá pearsantacht láidir ag Andy Burnham, an cumas agus fuinneamh aige dul i ngleic go díreach le daoine ar nós Farage agus Kemi Badenoch, ceannaire na gCaomhach.
Nuair a toghadh Burnham, bhí deireadh le Starmer. Ní dóigh liom gur thuig sé go hiomlán é sin go dtí an deireadh seachtaine, nuair a tháinig na daoine ba ghaire dó chuige faoi dheireadh agus dúirt leis go raibh a rás rite.
Ní fhéadfá ach bá a bheith agat dó agus é ag seasamh go haonarach taobh amuigh de 10 Sráid Downing ag tabhairt óráid uaidh agus é ag éirí as. Is ar éigean a bhí sé in ann a chuid mothúchán a cheilt.
Rinne Starmer a dhícheall, ach níor leor é sin.
Ní bheidh sé éasca ag Burnham ach oiread. Níl an Bhreatain ag déanamh go maith agus tá an-amhras faoi pholaiteoirí agus faoin bpolaitíocht i gcoitinne. An chéad rud ar chóir dó a dhéanamh ná an tír a threorú níos mó i dtreo na hEorpa. Tuigeann cách nach féidir an Breatimeacht a chúlú. Ach má dhéantar iarrachtaí chun an caidreamh a fheabhsú, cuirfidh sé an Bhreatain ar ais ar bhóthar a leasa.
Foclóir:
milleán = blame
diallait = saddle
seineafóbach = xenophobic
tairseach = threshold
géilleadh = to yield/to submit
sleamhnú = to slide/to slip
anachain = disaster/calamity
sotal = arrogance
seargadh = to wither/to shrivel
slánaitheoir = saviour














