Ba chóir deireadh a chur le díolúintí ó staidéar na Gaeilge i mbunscoileanna na tíre.
Sin bunmholadh na tuarascála nua ‘Ó Dhíolúine go hIonchuimsiú’ a foilsíodh maidin inniu agus arbh é an tOllamh Emeritus Pádraig Ó Duibhir, as Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, a bhí ina bun. Is é Conradh na Gaeilge a choimisiúnaigh an staidéar.
Ag labhairt dó le Scéal, dúirt an tOllamh Ó Duibhir go dtaispeánann an taighde gur chóir breathnú ar an dara teanga mar dheis do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta foghlama acu, rud nach bhfuil ag tarlú sa mhúnla reatha.
Tháinig méadú 109 faoin gcéad ar líon na ndaltaí a fuair díolúine ón nGaeilge de bharr deacrachtaí foghlama idir 2017 agus 2024.
READ MORE
Dúirt an tOllamh Ó Duibhir: “An tábhacht a bhaineann leis an bpíosa taighde seo ná go ndearnadh scrúdú ar an taighde maidir le foghlaimeoirí a bhfuil riachtanais speisialta acu.”
“Is féidir le scileanna litearthachta sa dara teanga cabhrú le scileanna litearthachta sa chéad teanga.”
— An tOllamh Emeritus Pádraig Ó Duibhir
“Léiríonn an taighde, i gcás daltaí a dhéanann staidéar ar an dara teanga, go n-éiríonn go maith leo sa chéad teanga i gcomparáid le daltaí nach ndearna staidéar ar an dara teanga.
“Is féidir le scileanna litearthachta sa dara teanga cabhrú le scileanna litearthachta sa chéad teanga.
“Abair an dalta a bhfuil disléicse orthu, an tuairim atá ag daoine áirithe ná go gcuirfeadh sé an iomarca brú orthu dul i ngleic le córas scríbhneoireachta i dteanga eile ach a mhalairt a léiríonn an taighde.”
Léirítear sa staidéar chomh maith nach bhfuil an córas reatha ag teacht leis an taighde idirnáisiúnta ar fhoghlaim teangacha ná le prionsabal an oideachais ionchuimsithigh.
Rinneadh comparáid freisin idir Éire agus roinnt tíortha Eorpacha eile maidir le polasaithe teanga agus díolúintí, agus dúradh go raibh Éire neamhghnách sa mhéid is go gceadaítear díolúintí buana ón nGaeilge ar scála fairsing.
Sa Bhreatain Bheag, san Fhionlainn, sa Chatalóin, i Málta agus i Lucsamburg, is tacaíochtaí agus socruithe speisialta a chuirtear ar fáil de ghnáth seachas díolúintí buana.
Dúirt an tOllamh Ó Duibhir: ”Thar lear, feictear air mar cheart ag páiste atá ag teacht chun na tíre go mbeidh rochtain acu ar an teanga réigiúnach."
“Braitheann siad gur leatrom a bheadh ar an dalta mura bhfoghlaimíonn siad an teanga, agus laghdaítear na spriocanna atá ann dóibh ar feadh cúpla bliain chun deis a thabhairt dóibh.”
Léiríonn na figiúirí is déanaí go raibh breis agus 73,000 dalta díolmhaithe ón nGaeilge sa bhliain acadúil 2024-2025.
Cé go bhfuil líon na ndíolúintí sa chóras bunoideachais measartha seasmhach le blianta beaga anuas, fuarthas amach go raibh méadú mór ann ag leibhéal na hiar-bhunscoile.
Luaigh an tuarascáil go raibh 60,946 dalta iar-bhunscoile díolmhaithe ón nGaeilge in 2024, líon arb ionann é agus 14.3 faoin gcéad de dhaltaí na hearnála.
Tugann an tuarascáil le fios go bhfuil na díolúintí anois i bhfad níos coitianta ná mar a bhíothas ag súil leis nuair a athraíodh na rialacha in 2019.
Dúradh freisin go ndearna 19,404 dalta, nó 51 faoin gcéad díobh siúd a bhí díolmhaithe de bharr deacrachtaí foghlama, staidéar ar theanga iasachta eile.
Deirtear sa tuarascáil gur ábhar ceiste é sin ós rud é go mbíonn na daltaí céanna ag foghlaim teangacha eile agus iad díolmhaithe ón nGaeilge.
Molann an tuarascáil freisin gur cheart deireadh a chur leis na díolúintí ag leibhéal na bunscoile agus tacaíochtaí breise a chur ar fáil do dhaltaí de réir a riachtanas.
Ag leibhéal na hiar-bhunscoile, moltar díolúintí sealadacha, páirtdíolúintí agus socruithe réasúnta a chur in áit cuid mhaith den chóras reatha.
Moltar sa tuarascáil freisin gur cheart do shíceolaithe oideachais de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS) cinntí a dhéanamh i gcásanna fíoreisceachtúla.
Ceann eile de na gnéithe nua sa staidéar ná réamh-mheastachán ar líon na ndíolúintí a bhronnfar sna blianta amach romhainn.
Má leanann na treochtaí reatha ar aghaidh, meastar go mbeidh 22.5 faoin gcéad de dhaltaí iar-bhunscoile díolmhaithe ón nGaeilge faoin mbliain 2030.
Tugann an tuarascáil foláireamh go bhféadfadh sé sin stádas na Gaeilge mar ábhar éigeantach a lagú mura ndéanfar athruithe ar an gcóras.














