Leanfaimid ar aghaidh an tseachtain seo le tuilleadh ábhair ar thagair muid dó san alt dheireanach ach nach dtug muid samplaí ar bith faoina raibh i gceist. Tosóidh muid leis an fhocal cuing nuair is muineál nó stráice fada talaimh a bhíonn i gceist leis. Is minic gur cosán siúil é nó bealach trasna ar uisce idir dhá inseán. Tá gaol ag an fhocal seo leis an fhocal cuingir a dhéanann cur síos ar an cheangal a bhíodh idir dhá ainmhí nó idir capall agus seisreach agus daoine ag obair ar an talamh.
Tá áitainm i bparóiste Ghaoth Dobhair in aice le Dún Lúiche a ngairtear Mín na Cuinge de. Arís eile, is muineál beag de thalamh glas mín é idir dhá uisce. Bhí an t-ainm áite seo go mór i mbéal na ndaoine ó lár na gcaogaidí den chéad seo caite mar gur ann a tógadh Stáisiún na Mónadh a chuir obair ar fáil do mhuintir na háite ar feadh suas le leathchead bliain.
Cé go bhfuil ‘ng’ ina lár, ní fhuaimnítear é mar ‘ng’ ach cuirtear guta fada ‘í’ ina áit mar seo: ’Mín na Cuí-ghe’. Tréith de chuid Ghaeilge an Tuaiscirt lagú nó cailliúint an ‘ng’ seo. Tá baile i Maigh Eo a dtugtar Ballindine air i mBéarla ach is Baile an Daingin a thugtar air i nGaeilge. Níl a fhios agam an bhfuil aon sampla eile de chailliúint nó de lagú ‘ng’ le fáil níos faide ó dheas ná deisceart Mhaigh Eo.
Tá cuma ar an scéal ó fhianaise na staire go bhfuil an t-athrú seo a chuireann ‘ng’ ar ceal i lár focail, agus amanna ag deireadh focail, sean go leor agus go dtéann sé siar go dtí an 14ú/15ú haois déag.
Ós ag caint ar chailliúint ‘ng’ é, is minic fosta a ligtear ‘ng’ leathan ar lár i bhfocail, rud a chuireann focail as a riocht nó as aithne ar dhuine. Is beag duine nár chuala trácht ar an bhaile a dtugtar Belcoo air i mBéarla. Ach is beag duine acu sin a rithfeadh sé leis gur Béal Cunga/Conga a ainm Gaeilge i dtosach. Ligtear an ‘ng’ ar lár agus cuirtear ‘ú’ ina áit. Agus arís eile, is cuing nó leagan éigin eile de is bun leis an ainm agus is ar chuing nó ar mhuineál talaimh ar loch atá an Baile tógtha.
READ MORE
Tá cuma ar an scéal ó fhianaise na staire go bhfuil an t-athrú seo a chuireann ‘ng’ ar ceal i lár focail, agus amanna ag deireadh focail, sean go leor agus go dtéann sé siar go dtí an 14ú/15ú haois déag. Is le Cúige Uladh a bhaineann sé den chuid is mó ach tá a lorg níos faide ó dheas ná sin agus tuilleadh cuardaigh le déanamh le sin a chruthú.

Tá fianaise againn gur lagaíodh ‘ng’ i ndeireadh focail chomh maith. Samplaí de sin an focal moing ‘a mane’ a bheith á rá mar maoigh nó fiú moí; long ‘a ship’ á rá mar laogh agus tabhair faoi deara scraith loinge ‘surface of quagmire’ á rá go minic mar scraith loí-ghe. Tá mé cinnte go bhfuil tuilleadh le rá faoi seo ach fágfaimid sin go lá maith éigin amach anseo.
Labharfaidh muid anois ar fhocal eile a bhíodh an-choitianta sa chaint san am a mbíodh daoine ag obair ar thalamh garbh agus ar phortaigh – is é an focal atá i gceist agam ceasaí ‘a bridge, a footbridge’. Chuirtí é seo le chéile go han-tapaidh le fóide, le clocha agus le hadhmad agus ba mhór an áis agus an cuidiú é le dul thar dhíogacha nuair a bhíodh an talamh éagothrom. Arís eile, is focal é ceasaí a léiríonn ceangal idir dhá chuid den talamh: cuid íseal agus cuid ard.
Is suimiúil an rud é smaoineamh ar bhrí an fhocail ceas. Go bunúsach, ciallaíonn sé barraíocht nó an iomarca de rud éigin a ithe agus dá thoradh sin gan a bheith ábalta bogadh thart nó siúl go rómhaith. Deireadh daoine go minic nuair a d’fheicfeadh siad muc nó muca sínte amuigh lá deas samhraidh - tá ceas ar an mhuic. Is dóigh liom gur ón chiall seo a tháinig an focal ceasaí ar an tsaol – cosán atá sínte amach idir dhá phíosa talaimh mar áis siúil is araile.
Smaoinímis fosta ar an laige a bhuail na hUltaigh fadó i scéal na Tána agus go mb’éigean do Chú Chulainn Cúige Uladh a chosaint go dtáinig siad chucu féin arís. An Ceas Naoidhean an t-ainm a tugadh ar an tinneas nó ar an mhallacht a cuireadh orthu. Is iomaí casadh a chuireann an Ghaeilge di!
Foclóir
Áis = Facility
As aithne = Unrecognisable
As riocht = Distorted
Ceas = Excess, Debility
Cuing = Yoke, Narrow neck of land
Cuingir = Yoke, of harness
Díogacha = trenches, drains
Fóide = Sods
Inseán = Small water meadow
Tapaidh = Quickly












