Le déanaí, bhailigh ceannairí agus príomhpháirtithe na n-eagraíochtaí a chur cúrsa speisialta ar bun fiche bliain ó shin i nGaeltacht na nDéise. Bhíodar i láthair chun an breithlá seo a mharcáil i gceart. Mar gheall ar an gceann scríbe suntasach a baineadh amach agus an tArd-Dioplóma i Léiriú Teilifíse agus na Meán atá ann ó 2006 ar aghaidh, eagraíodh ceiliúradh ollmhór.
Cuireadh tús leis an gcúrsa iarchéime seo fiche bliain ó shin nuair a tháinig dhá eagraíocht le chéile - Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt (SETU) agus Nemeton TV, comhlacht léiriúcháin teilifíse, agus, fé mar a meabhraíodh do na daoine a bhí i láthair ag an ócáid cheiliúrtha seo, bhí Údarás na Gaeltachta sásta tacaíocht agus maoiniú a chur ar fáil ón tús.
In éineacht leis na bunúdair a bhailigh, agus an t-imeacht a bheith ar fáil le sruthú ar líne dóibh siúd nach raibh in ann freastal ar an ócáid a tionóladh i stiúideonna Nemeton TV sa Rinn, bhí iarchéimithe, comhpháirtithe tionscail, agus mic léinn reatha an chúrsa i láthair.
“Nuair a cuireadh tús leis an gcúrsa seo fiche bliain ó shin, bhí fís shoiléir ann – deis fheiceálach a thabhairt do dhaoine chun scileanna gairmiúla a fhorbairt sa teilifís agus sna meáin agus é sin go léir a déanamh trí mheán na Gaeilge,” a dúirt Siobhán Ní Ghadhra, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, nuair a labhair sí ag an ócáid.
READ MORE
!Tá go leor athruithe tar éis tarlú sa tionscal le fiche bliain anuas agus cuirtear fáilte roimh an nuálaíocht, ach “ón tús an rud is tábhachtaí ná an scéalaíocht, agus níor athraigh sé sin,” a dúirt an Dr Moira Sweeney, atá ina stiúrthóir ar an gcúrsa.
“Inniu, is féidir a rá go cinnte gur éirigh leis an bhfís sin i bhfad níos fearr ná mar a cheapfadh aon duine ag an tús. Tá ról lárnach ag an Ard-Dioplóma seo i scéal na meán Gaeilge...Tá glúin nua chruthaitheoirí ann anois a fheiceann an Ghaeilge, ní mar chaitheamh aimsire amháin, ach mar bhunchloch dá saol proifisiúnta,” a lean sí.
Dúirt an tOllamh Veronica Campbell, Uachtarán Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt, aoi eile a d’fhreastal ar an ócáid, go bhfuil fás tagtha ar an gcúrsa ó thosaigh sé maidir le “relevance, creativity and impact”.
“The skills taught in the Ard Diploma enable graduates to bring new thinking and new technologies to bear, helping to capture, reinterpret, and redefine the identities of traditional rural communities for a new era and a new generation,” a dúirt sí.
Tá go leor athruithe tar éis tarlú sa tionscal le fiche bliain anuas agus cuirtear fáilte roimh an nuálaíocht, ach “ón tús an rud is tábhachtaí ná an scéalaíocht, agus níor athraigh sé sin,” a dúirt an Dr Moira Sweeney, atá ina stiúrthóir ar an gcúrsa. Mheabhraigh sí don lucht éisteachta go bhfuil ról ríthábhachtach á imirt ag an gcúrsa i bhforbairt an chéad ghlúin eile de ghairmithe na meán in Éirinn.
Gach bliain oibríonn an clár go dlúth le príomhpháirtithe tionscail lena n-áirítear Nemeton TV, Údarás na Gaeltachta, Gréasán na Meán, TG4, agus SETU Port Láirge, agus é mar aidhm acu a chinntiú go bhfaigheann mic léinn taithí phraiticiúil, agus léargas díreach ar thimpeallachtaí gairmiúla léiriúcháin. Tá sé mar mhisean i gcónaí ag clár an chúrsa bliana mic léinn a ullmhú le scileanna praiticiúla, tuiscint agus léargas ar an dtionscal, agus muinín chruthaitheach a fhorbairt iontu chun rath a bhaint amach i léiriú teilifíse agus na meán nua-aimseartha.
Bhí deis ag gach aoinne a bhí i láthair féachaint siar ar an dtréimhse fiche bliain agus a fheiceáil go bhfuil céimithe an chúrsa - stiúrthóirí, eagarthóirí, léiritheoirí agus speisialtóirí teicniúla - ag feidhmiú ag gach leibhéal i dtionscal seo na meán, iad ag obair leis na comhlachtaí is gnóthaí agus is mó sa tír. Glactar leis go bhfuil dea-cháil bainte amach ag an gcúrsa san earnáil seo mar cheann de na cúrsaí dá leithéid is mó dírithe ar an tionscal in Éirinn. Tosaíonn clár an chúrsa atá ag Leibhéal 8 gach bliain i mí Mheán Fómhair agus leanann sé ar aghaidh go mí na Bealtaine.
“Is í seo an earnáil is mó ina mbíonn an Ghaeilge á húsáid… agus sin é an sprioc atá againn,” a dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, agus é ag caint ag an imeacht speisialta comórtha. “Ag croílár an scéil tá an bealach a insítear an scéal, an modh cumarsáide agus an bua sin, agus is léir go bhfuil na tréithe sin i gcroílár na hoibre anseo. Ní hamháin go bhfuil an oiliúint ar bun, ach go bhfuil sí á déanamh ar an gcaighdeán sin… go náisiúnta nó go hidirnáisiúnta”.
Mheabhraigh Irial Mac Murchú, Príomhfheidhmeannach Fiontraíoch Nemeton TV, dos na haíonna a bhí bailithe le chéile, gur “thaispeáin muid 270 cluiche in 2025… ní bheimid in ann é sin a dhéanamh gan na daoine a tháinig ón gcúrsa”.
Dar leis: “tá na laethanta is mó agus na laethanta is fearr romhainn amach, le bhur dtacaíocht go léir”. Ghabh sé buíochas ach go háirithe le hÚdarás na Gaeltachta as an tacaíocht leanúnach luachmhar atá curtha ar fáil acu don chúrsa ó 2006 ar aghaidh.
Meabhraíodh do na haíonna ag an ócáid go bhfuil an cúrsa bunaithe ar fhealsúnacht shoiléir: gur cheart don oideachas tríú leibhéal a bheith ábhartha, dinimiciúil, agus ailínithe go dlúth le riachtanais an tionscail, agus go gcabhróidh an cur chuige seo le céimithe a ullmhú do ghairmeacha rathúla i réimsí na teilifíse agus na meán-léiriúcháin.
In éineacht leis an bpríomh-Ard-Dioplóma, tá cúrsaí gearra speisialaithe ar an gclár, iad deartha chun tacú le forbairt scileanna i ngach réimse den earnáil. Ina measc seo tá oiliúint i gceamaraíocht do chraoltóireacht spóirt, stiúradh agus fuaim do léiriúcháin chraolta seachtraí, oibríochtaí téip físe laistigh de thrucailí OB agus réamheolas ar dhéantús scannán do dhaltaí na hIdirbhliana.
Inniu, mar chuid den chur chuige seo a chinntíonn go bhfanfaidh an clár chun tosaigh ar athruithe teicneolaíochta agus cruthaitheacha, tá cúrsa nua a scrúdaíonn úsáid eiticiúil na hintleachta saorga i dtionscal na meán, atá á chur ar fáil, le hurraíocht a bhronn Gréasán na Meán air.
Foclóir:
ceannairí = leaders
ceann scríbe = destination/journey’s end
tionscal = industry
glúin nua = new generation
cruthaitheoirí = creatives
Mheabhraigh = reminded
cúrsaí gearra speisialaithe = short specialised courses











