Gabriel Rosenstock ar shlí na fírinne

Na Ceithre hAirde: Gabriel Rosenstock ar shlí na fírinne, Comhairleoirí teanga á lorg; Seimineár gréasáin faoi strus beartaithe

Gabriel Rosenstock: Is iomaí leabhar agus cnuasach filíochta a d’fhoilsigh sé i mbarr a réime chomh maith le prós do pháistí, drámaí, úrscéalta, aistí agus gearrscéalta.
Gabriel Rosenstock: Is iomaí leabhar agus cnuasach filíochta a d’fhoilsigh sé i mbarr a réime chomh maith le prós do pháistí, drámaí, úrscéalta, aistí agus gearrscéalta.

Fógraíodh an tseachtain seo caite go bhfuil Gabriel Rosenstock, duine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge agus aistritheoir cumasach, imithe ar shlí na fírinne. Bhí sé 76 bliana d’aois.

Rugadh é i gCill Fhíonáin i gContae Luimnigh sa bhliain 1949 agus d’fhreastail sé ar Choláiste na hOllscoile Corcaigh, áit a raibh sé lárnach sa ghluaiseacht liteartha Innti le filí óga eile amhail Nuala Ní Dhomhnaill, Liam Ó Muirthile agus Michael Davitt. D’éirigh leis an ghrúpa sin an fhilíocht a thabhairt amach as an leabharlann agus an bealach a réiteach do go leor scríbhneoirí agus filí eile a tháinig ina ndiaidh.

Is iomaí leabhar agus cnuasach filíochta a d’fhoilsigh sé i mbarr a réime chomh maith le prós do pháistí, drámaí, úrscéalta, aistí agus gearrscéalta. Bhí sé ar dhuine de na haistritheoirí Gaeilge ba mhó lena linn fosta, agus d’aistrigh sé saothair le Heaney, Beckett agus Yeats chomh maith le ceol Joni Mitchell, Van Morrison, Bob Dylan agus Leonard Cohen don fhéile litríochta mór le rá IMRAM.

Mhol Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, gach a raibh bainte amach ag Rosenstock le linn a shaoil fosta:

“D’fhág sé lorg ar leith ar shaol na scríbhneoireachta lena shaothair i nGaeilge, ní hamháin leis an méid a chum sé féin ach freisin leis an méid a chur sé ar fáil ó scríbhneoirí móra an domhain lena réimse leathan aistriúchán.

“Tá sult agus tairbhe bainte agus fós le baint ag chuile aoisghrúpa as a chuid scríbhneoireachta. Cinnteoidh a chuid aistriúchán go mairfidh nasc idir ár dteanga agus cultúir uile an domhain.

“Aireofar uainn go mór é.”

Ag caint le Scéal ar bhás Rosenstock, dúirt Liam Carson, Stiúrthóir na Féile IMRAM, “Thar aon ní eile, bhí Gabriel ag pléascadh le smaointí agus bhí an fhilíocht ina chroí istigh. Tá bearna millteanach mór fágtha i saol litríochta na Gaeilge anois.

Chreid sé ar thaobh amháin go raibh ar an fhile a bheith ag tarraingt ar thobar an traidisiúin ach ag an am céanna chreid sé go raibh sé de dhualgas ar an fhile briseadh amach ón traidisiún, an teanga a shíneadh agus na foirmeacha a lúbadh. Spreag sé glúin nua le dul i mbun pinn.

Bhí sé thar a bheith flaithiúil mar dhuine agus bhí dúil mhór aige san aos óg. Bíonn comórtas haiku againn mar chuid d’IMRAM gach bliain anois agus ba é Gabriel é féin a mhol an comórtas sin a reáchtáil.

Cé go bhfuil sé imithe ar shlí na fírinne, tá croí agus anam Gabriel linn go fóill sna leabharthaí agus seasfaidh na saothair sin an aimsir go deo.”

Dúirt An Chomhairle Ealaíon go raibh Rosenstock “ar dhuine de na daoine ba thábhachtaí i litríocht na Gaeilge.”

Dúirt Maura McGrath, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: Is drochscéal ceart é bás brónach Gabriel Rosenstock do litríocht na hÉireann. Is díol suntais an méid a rinne sé ar son na Gaeilge, agus tá méid mór saothar fágtha ina dhiaidh aige a spreagfaidh glúnta i bhfad romhainn.

“Le linn a ghairm iomráitigh, scríobh nó d’aistrigh Gabriel níos mó na 180 leabhar, a bhformhór i nGaeilge. File, fear scríofa tanka agus haiku, drámadóir, úrscéalaí agus scríbhneoir aistí a bhí ann.

“Ar son na Comhairle Ealaíon, déanaim comhbhrón ó chroí lena chlann, a chairde, comhalta uile Aosdána agus iad siúd ar fad a bhí spreagtha ag a chuid saothar. Beannacht Dé lena anam.”

TG4’s headquarters in Baile na hAbhann, Co Galway. Photograph: TG4
TG4’s headquarters in Baile na hAbhann, Co Galway. Photograph: TG4

Comhairleoirí teanga á lorg ag TG4

Tá TG4 ag súil le painéal nua comhairleoirí teanga a chur le chéile, a bheidh ar fáil ar bhonn sealadach agus ar bhonn togra chun comhairle a chur ar chomhlachtaí léiriúcháin a bhíonn ag cruthú cláracha agus ábhar trasardáin do TG4.

Deis ar leith atá anseo do dhaoine a bhfuil saibhreas agus líofacht sa Ghaeilge acu a gcuid saineolais a chur ar fáil chun barr feabhais a chur ar chaighdeán na Gaeilge ar chláracha TG4.

Beidh ar an chomhairleoir teanga scripteanna a scríobh agus a phrofáil do chláracha faisnéise/siamsaíochta nó seánraí eile, treoir a thabhairt maidir le foghraíocht agus saibhreas cainte sa Ghaeilge, comhairle a chur ar aisteoirí agus láithreoirí ar an láthair, agus tacaíocht a chur ar fáil le linn léirithe beo idir ábhar scríofa agus ábhar cainte.

Tá sé riachtanach go mbeadh ardchaighdeán Gaeilge ag iarrthóirí agus saineolas acu ar na canúintí éagsúla, ar ghnéithe de chultúr na Gaeltachta agus ar theangeolaíocht na Gaeilge. Tá TG4 sa tóir ar dhaoine solúbtha fosta, a bheidh ábalta oibriú ar thionscadail éagsúla de réir mar is gá.

Cuirfear na hiarrthóirí a n-éireoidh leo ar phainéal a bheidh i bhfeidhm go ceann trí bliana. Más maith leatsa cur isteach ar an phainéal seo, seol léiriú spéise chuig comhairleoir.teanga@tg4.ie roimh an 30 Aibreán 2026.

Derek Hollingsworth: Bíonn rudaí cosúil leis an saol sóisialta, gluaiseacht, aclaíocht, codladh, cothú cothrom, smaointeoireacht agus spraoi an-tábhachtach i ndáiríre.
Derek Hollingsworth: Bíonn rudaí cosúil leis an saol sóisialta, gluaiseacht, aclaíocht, codladh, cothú cothrom, smaointeoireacht agus spraoi an-tábhachtach i ndáiríre.

Seimineár gréasáin faoi strus a bhainistiú le bheith ar siúl an tseachtain seo chugainn

Tabharfaidh Derek Hollingsworth, Oifigeach Cuidithe Fostaithe le Seirbhís Chúnaimh Fostaithe na Státseirbhíse, faoi sheimineár gréasáin trí mheán na Gaeilge ar an 23 Aibreán le spotsolas a chaitheamh ar an tábhacht a bhaineann le strus a bhainistiú.

Uaireanta, mothaíonn an saol iomarcach agus is féidir leis an bhrú an ceann is fearr a fháil orainn. Cuirfidh an seimineár seo treoir phraiticiúil agus comhairle chuidiúil ar fáil don lucht féachana maidir le strus a bhainistiú, brú a laghdú, agus aire níos fearr a thabhairt dúinn féin.

Ag caint le Scéal an tseachtain seo, dúirt an t-áisitheoir, Derek Hollingsworth, a bhfuil céim aige sa tsíceolaíocht, go bhfuil an strus “normálta, ar an drochuair, ach is féidir leis tionchar a imirt ar ár meabhairshláinte agus ar ár sláinte ghinearálta chomh maith mura bhfuil straitéis againn chun é a bhainistiú.

“Nuair a bhíonn muid faoi bhrú agus ag obair go dian, ní bhíonn an fuinneamh againn dul go dtí an spórtlann nó bualadh le cairde nó clann chun cupán tae a dhéanamh.

“Bíonn rudaí cosúil leis an saol sóisialta, gluaiseacht, aclaíocht, codladh, cothú cothrom, smaointeoireacht agus spraoi an-tábhachtach i ndáiríre.

“Má bhíonn plean againn, tá muid in ann a bheith níos aclaí, roinnt ama a chaitheamh le daoine atá tábhachtach dúinn, a bheith ag léamh, scíth a ligean, fiú nuair a bhíonn muid faoi bhrú.”

Is é Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí a chuirfidh an seimineár seo ar fáil ag 11a.m., an 23 Aibreán 2026. Tá sé saor in aisce ach ní mór d’áit a chur in áirithe roimh ré. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag eolas@greasangaeilge.ie.