Nuair a bhí muid óg agus inár gcónaí sa Ghaeltacht, ba mhinic a chluinimis scéalta de gach cineál a d’fhóir do pháistí agus, ina measc, bhíodh scéaltaí na bhfathach agus an troid fhíochmhar a bhíodh idir iad agus laoch óg na scéalta. Ba dheas shnasta, thaitneamhach, lán iontais an cur síos a bhíodh ar imeacht na troda go dtí go stealltaí an chloigeann den fhathach deiridh agus na gártha áthais uainne a bhíodh ag éisteacht, “Chuaigh sé fúthu, fríofa agus tharstu go ndearna siad creagán den bhogán agus bogán den chreagán agus go mbíodh éanacha beaga na coille craobhaí ag gabháil faoin chopóg agus faoi choim chun suain agus chun soiprithe, agus neoin bheag agus deireadh an lae ag teacht . . .”.
Fuair mé iarratas beag ó roinnt léitheoirí le deireanas cur síos a dhéanamh ar an éagsúlacht a bhaineann le húsáid an réamhfhocail a scríobhtar mar FAOI inniu. Is scéal casta go leor é ach shíl mé gurbh fhiú iarracht a dhéanamh cuid de na húsáidí a bhaineann leis a ríomh do léitheoirí an lae inniu.
Tá úsáidí eile ag <i>‘faoi’</i> a bhfuil rólanna tábhachtacha á n-imirt acu sa teanga chomh maith.
De réir Fhoclóir na SeanGhaeilge ó Acadamh Ríoga na hÉireann, bhí na leaganacha seo a leanas den réamhfhocal le fáil ag tréimhsí éagsúla de shaol na Gaeilge anuas go dtí an bhliain 1600 agus maireann go leor acu go fóill sa chaint – fo, fa, fá, faoí, fuibh, foibh, faoithe, fúithe is araile. Tá an litriú fae luaite chomh maith cé nach dtugtar an oiread sin samplaí cinnte de. Glacaim leis gur iarrracht an litriú seo ar fhuaimniú Ghaeilge na Mumhan a chur in iúl, cé gur fé is mó a chluinim ag cainteoirí an lae inniu.
Tá an Ghaeilge éagsúil ón Bhéarla sa mhéid is gur fearr leis an Ghaeilge a rá go mbíonn rud éigin faoi rud eile, san áit ar fearr leis an Bhéarla a rá go mbíonn rud amháin os cionn rud eile. Tabhair faoi deara go ndeirtear - Bhí an talamh go léir faoi bharr ‘all the land was cultivated’, Tá an áit uilig faoi na cearca ‘The chickens have the whole place to themselves’.
READ MORE
Úsáidtear an réamhfhocal go minic fosta ag cur síos ar threonna – Tháinig an t-adhmad isteach fá/faoi thír ‘the drift-wood came ashore’; Chuaigh siad fán/faoin choill/gcoill ‘They went towards the woods’.
Luaitear an réamhfhocal fosta le cur síos a dhéanamh ar thimpiste nó dhá rud/ainmhí bheith ag bualadh in éadan a chéile. Sampla maith de sin an abairt Chonnachtach - Bhuail dhá charr faoina chéile inniu ‘A two car collision occurred today’. Tá an úsáid seo le fáil sa teanga le fada. Is dóiche go bhfuil gaol idir an úsáid seo agus frásaí mar seo - Thug siad ruathar fúthu/faoina chéile ‘They attacked them/each other’.
Tá idirdhealú eile sa teanga a bhaineann go háirithe le gnás Ghaeilge Chúige Uladh agus úsáid an réamhfhocail faoi agus an leagan fá(n) atá chomh fairsing sa chanúint. Sna cásanna seo ciallaíonn faoi ‘thíos faoi’ rud éigin e.g. Tá sé i bhfolach faoin chloch mhór, ‘It’s buried underneath the big stone/rock’, cé go gciallaíonn Tá sé i bhfolach fán chloch mhór, ‘It’s buried somewhere around the big stone/rock’. Is léir gur fás úrnua sa chanúint an t-idirdhealú seo sa teanga ach ní fhéadfainn dáta cinnte a chur leis an athrú faoi láthair.
Tá úsáidí eile ag ‘faoi’ a bhfuil rólanna tábhachtacha á n-imirt acu sa teanga chomh maith. Baineann ceann acu sin le huimhreacha agus focail ghaolmhara. Seo roinnt samplaí – A trí faoi/fá cheathair cothrom le dó dhéag.
A seacht fá/faoi seacht, sin daichead a naoi.
Sibhse a rinne an mhatamaitic trí Ghaeilge, is cinnte gur bhuail sibh leis an úsáid ar leith seo.
Tá an úsáid seo a leanas fosta le fáil sa teanga bheo agus i dtréimhsí i bhfad i bhfad níos sine den teanga. Is mó fá/faoi dheich iad, ‘They are ten times more/bigger’.
Seo a leanas úsáid shuimiúil eile den réamhfhocal seo – Tá sé tuairim is fá 200 Euro, faoi nó ós a chionn ,‘It’s 200 Euros, more or less’.
Tá tuilleadh mór eile úsáidí ann ach caithfimid ligean leo go fóill. Seo dhá cheann díobh le bheith ag smaoineamh orthu – Tháinig siad an oíche/lá fá/ dheireadh ‘They came last night/the other day’. Bhí siad ag caint fá dtaobh dó. ‘They were talking about it’.
Foclóir
Bogán = Soft ground.
Copóg = Dock (leaf)
Creagán = Rocky ground.
D’fhóir = Suited.
Fíochmhar = Ferocious.
Gártha= Cheers.
Laoch = Hero.
Neoin bheag = Late afternoon, Evening.
Ríomh =Count, Enumerate.
Snasta = Polished.
Soiprithe = Settled down, Snuggled in.
Steall = Strike, Cut off.












