Cuirimis an Ghaeilge i lár na hÉireann nua

Is í Róisín Nic Liam údar na tuairisce ‘Éire Aontaithe: Deis chlaochlaitheach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht’. Tugann sí achoimre anseo ar thátail a cuid taighde.

Taighdeoir agus údar na tuairisce 'Éire Aontaithe: Deis chlaochlaitheach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht' Róisín Nic Liam agus Conchúr Ó Muadaigh, bainisteoir abhcóideachta le Conradh Na Gaeilge ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste. Grianghraph: Alan Betson
Taighdeoir agus údar na tuairisce 'Éire Aontaithe: Deis chlaochlaitheach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht' Róisín Nic Liam agus Conchúr Ó Muadaigh, bainisteoir abhcóideachta le Conradh Na Gaeilge ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste. Grianghraph: Alan Betson

Cuimhneofar amach anseo ar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste mar dheireadh seachtaine stairiúil spreagúil agus cinniúnach i scéal na nGael. Is ann a bhailigh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le chéile le haghaidh a thabhairt ar cheann de mhórcheisteanna ár linne: “An Ghaeilge in Éirinn Aontaithe: Éire nua a thógáil do na glúnta atá le teacht”. Líonadh clár an deireadh seachtaine le cainteanna éagsúla, ceardlanna, agus seimineáir ar an ábhar úd sular thug baill na heagraíochta faoi na rúin Ard-Fheise a chíoradh maidin Shathairn. Is ansin a ghlac móramh ollmhór go misniúil fadradharcach leis an leasú bunreachta go ngníomhóidh an Conradh i dtreo na hÉireann aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Ar na cainteanna céanna thar an deireadh seachtaine, bhí cur i láthair uaim ar thuairisc taighde a scríobhas i gcomhar le hOllscoil na Banríona agus Conradh na Gaeilge féin. “Éire Aontaithe: Deis chlaochlaitheach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht” an teideal atá ar an obair úd. Ar mhórthátail na tuairisce, tá an fhianaise go bhfuil an Ghaeilge neadaithe sna díospóireachtaí forleathana ar Éirinn aontaithe mar a bheadh cipín idirbheartaíochta ann ag lucht na bunaíochta. Léirítear go gcuireann an t-aos polaitiúil agus acadúil in iúl í go leanúnach mar a bheadh samhail chonspóideach den Náisiúnachas ann – nó mar rian den seanthraidisiún Gaelach – seachas mar theanga bheo phobail, ceist cheartais agus seoid náisiúnta a d’fhéadfadh cur le saol an uile dhuine. Leanúnachas fhorlámhas impiriúil an Bhéarla a shamhlaíonn lucht na bunaíochta le hÉirinn aontaithe más ea, seachas Éire dhíchoilíneach Ghaelach.

Róisín Nic Liam: Leanúnachas fhorlámhas impiriúil an Bhéarla a shamhlaíonn lucht na bunaíochta le hÉirinn aontaithe más ea, seachas Éire dhíchoilíneach Ghaelach. Grianghraf: Alan Betson
Róisín Nic Liam: Leanúnachas fhorlámhas impiriúil an Bhéarla a shamhlaíonn lucht na bunaíochta le hÉirinn aontaithe más ea, seachas Éire dhíchoilíneach Ghaelach. Grianghraf: Alan Betson

Áitítear sa tuairisc más ea go bhfágann an fhrámáil dhiúltach réaduchtach chéanna gur ag freagairt go cosantach do chlár atá claonta in aghaidh na Gaeilge agus na Gaeltachta atá pobal na teanga sna díospóireachtaí ar Éirinn nua go dtí seo, in áit deis stairiúil na hAontachta a thapú lenár bhfís fhorásach agus ár n-éilimh féin a leagan amach ó thaobh thodhchaí na teanga agus na Gaeltachta.

Cuireadh cor dearfach i gcinniúint na nGael ag an Ard-Fheis stairiúil seo, áfach, mar ar aontaigh an pobal náisiúnta teanga gur gá dúinn tiontú ón ionad imeallach leochaileach céanna, go seasamh réamhghníomhach dearfach agus deimhin a dhéanamh de go mbeidh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht fréamhaithe i mbunchloch aon socrú polaitiúil nua.

Maítear sa tuairisc freisin gur tráthúil an slógadh náisiúnta i dtreo Éire nua le todhchaí níos fearr a bhaint amach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht trí chéile, go háirithe ar an mbonn go n-aithnítear Éire aontaithe go forleathan mar dheis ar shochaí nua a dhearadh ó bhonn. Scrúdaítear oidhreachtaí díobhálacha an choilíneachais agus teip ghlan an dá dhlínse freastal ar phobal na teanga agus na Gaeltachta ó críochdheighleadh an tír go mídhleathach mar réasúnaíocht leis an deis úd a thapú, agus áitítear gur deis stairiúil é Éire nua leis na héagóirí sin a chur ina gceart.

Go deimhin, aithnítear Éire nua mar dheis chlaochlaitheach agus chneasaithe a d’fhéadfadh an caidreamh idir an Ghaeilge, an státchóras agus muintir na hÉireann trí chéile a athshocrú ó bhonn – is cuma cén dílseacht pholaitiúil nó féiniúlacht náisiúnta atá agat. Léirítear gur tráthúil an deis úd ré nua comhionannais a bhaint amach do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i gcomhthéacs na ngéarchéimeanna náisiúnta teanga sa chóras oideachais, sa Ghaeltacht agus i gcúrsaí cearta agus maoinithe trí chéile.

Ní hamháin gur chun leas phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta atá Éire aontaithe, áfach. Áitítear sa tuairisc freisin gur chun leas mhórfheachtas an athaontaithe é rannpháirtíocht ár bpobail ann. Maítear go bhfuil taithí na mblianta ag na Gaeil mar ghluaiseacht ar athrú stairiúil sóisialta a bhaint amach ón mbonn aníos – bíodh sin le Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, gluaiseacht na Gaelscolaíochta, nó an Dream Dearg féin a bhain reachtaíocht teanga stairiúil amach ó thuaidh in 2022. Fágann an traidisiún feachtasaíochta úd agus an stair shaibhir streachailte atá againn go bhfuil de chumas againne móiminteam ollmhór a chur leis an mórfheachtas i dtreo na hÉireann nua. Lonnaítear na Gaeil sa tuairisc más ea mar ailtirí agus údair lárnacha i múnlú thodhchaí na tíre, agus leagtar amach sraith moltaí dá réir do Chonradh na Gaeilge le rannpháirtíocht an phobail sin sa mhórshlógadh i dtreo Éire aontaithe a mhéadú le cinnte a dhéanamh de go mbeidh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht lárnach ann amach anseo.

Róisín Nic Liam agus Conchúr Ó Muadaigh i mBéal Feirste. Grianghraph: Alan Betson
Róisín Nic Liam agus Conchúr Ó Muadaigh i mBéal Feirste. Grianghraph: Alan Betson

Go deimhin, scáthán ab ea an Ard-Fheis ar an ról claochlaitheach céanna a imreoidh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta san fheachtas i dtreo aontú na hÉireann. Léiriú aoibhinn a bhí inti ar fhuinneamh agus flosc na hóige, dóchas, dúchas agus dearfacht na nGael, agus ar an tuiscint is an taithí i bhfocail Thomaí Rua Uí Chonghaile gur féidir fís a fhíorú ach gníomhú agus eagrú chuici.

Idirghabháil dhioscúrsach atá sa tuairisc seo más ea. Tugtar inti dúshlán na moltaí aineolacha i dtaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus lonnaítear na Gaeil mar cheannródaithe i múnlú thodhchaí na tíre. Áitítear nach mór do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta tumadh isteach sna díospóireachtaí polaitiúla seo le deimhin a dhéanamh de go slánófar todhchaí níos gile don teanga agus don Ghaeltacht, ach go bhfuil an baol ann go ndéanfar tuilleadh imeallaithe ar na Gaeil amach anseo mura seasfaimid an fód sa díospóireacht náisiúnta.

Níl sa tuairisc ach túsphointe sa chomhrá, áfach. Ní mór dúinn anois gluaiseacht náisiúnta neamhspleách a thógáil ón mbonn aníos a chinnteoidh go mbeidh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta – mar aon lenár bhfís, ár n-uaillmhianta agus ár n-éilimh – i gcroílár na hÉireann nua. Léiríonn taithí an Dream Dearg nach féidir gluaiseacht fhorásach rathúil a thógáil gan rannpháirtíocht agus úinéireacht an phobail uirthi, agus gur gá an chosmhuintir a chumasú tríd an bpróiseas fuascailteach úd. Sin an dúshlán a bheidh roimh Chonradh na Gaeilge mar fhóram daonlathach na nGael sna míonna amach romhainn.

Déanaimis ar fad cíoradh ar an tuairisc seo idir an dá linn. Tógaimis uirthi. Cuirimis blas níos radacaí fós ar ár gcuid cainte. Tapaímis an deis stairiúil seo le deireadh a chur leis an gcríochdheighilt, le hÉirinn a dhíchoilíniú idir theanga agus talamh, agus leis an tír a scaoileadh saor ar deireadh thiar ó laincisí an choilíneachais. Bíodh an port úd á chasadh in airde go bródúil, go Gaelach agus go misniúil againn, agus tógaimis Éire nua mar a mbeidh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ina croílár. Is ansin a bheidh Eriú, Banbha agus Fódhla ar bhóthar a leasa arís.

Foilseofar agus seolfar leagan Gaeilge agus leagan Béarla araon den tuairisc aimsir na Cásca. Is féidir ballraíocht a ghlacadh le Conradh na Gaeilge agus do lorg a fhágáil ar thógáil na gluaiseachta seo ag: cnag.ie/ga/ballraiocht

Foclóir:

spreagúil = inspirational

cinniúnach = momentous

fadradharcach = visionary

athaontaigh = reunite

cipín idirbheartaíochta = bargaining chip

bunaíocht = establishment

críochdheighilt = partition

flosc = zest.