Méadú ar an dearfacht náisiúnta i leith na Gaeilge

Léiríonn taighde nua go n-aontaíonn formhór an phobail go bhfuil an Ghaeltacht tábhachtach do thodhchaí na teanga

Léiríonn suirbhé nua dearcadh an-dearfach ag pobal an stáit i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta. Grianghraf: Dara Mac Dónaill
Léiríonn suirbhé nua dearcadh an-dearfach ag pobal an stáit i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta. Grianghraf: Dara Mac Dónaill

Tá dearcadh an-dearfach léirithe ag pobal an stáit i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta, de réir suirbhé nua a choimisiúnaigh Gaelchultúr agus Údarás na Gaeltachta.

Léiríonn torthaí an taighde a rinne Amárach Research go bhfuil fonn ar thromlach suntasach daoine a gcuid Gaeilge a fheabhsú agus go bhfeictear an Ghaeltacht mar ghné ríthábhachtach de thodhchaí na teanga.

Ghlac sampla ionadaíoch náisiúnta de 1,000 duine fásta páirt sa suirbhé ar líne i mí na Nollag 2025, agus bhí lamháil earráide ±3.1% ag baint leis na torthaí.

Ceann de na torthaí is suntasaí ná go ndúirt 68% de dhaoine fásta sa stát gur mhaith leo an Ghaeilge a fhoghlaim nó feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga amach anseo.

Bhí an céatadán i leith na ceiste sin beagáinín níos airde i measc daoine óga, grúpaí eacnamaíochta níos airde, agus daoine a thuairiscigh go raibh siad líofa nó gur labhair siad Gaeilge go minic.

Léirigh an taighde freisin dearcadh dearfach náisiúnta faoin oideachas lán-Ghaeilge agus dúirt 49% de fhreagróirí an tsuirbhé go mbeadh siad sásta oideachas lán-Ghaeilge a chur ar a bpáistí, i gcomparáid le 25% a dúirt nach mbeadh agus 25% a dúirt nach raibh siad cinnte.

Tá an chuma ar an scéal mar sin go bhfuil méadú tagtha ar an dearcadh dearfach seo le blianta beaga anuas - i suirbhé a rinne ESRI in 2015, dúirt 23% de thuismitheoirí go mbeadh fonn orthu a bpáiste a sheoladh go bunscoil lán-Ghaeilge agus dúirt 18% go mbeadh fonn orthu iad a sheoladh go meánscoil lán-Ghaeilge.

Ina theannta sin, thuairiscigh 49% de dhaoine ar fud na tíre go n-úsáideann siad an Ghaeilge i suíomh amháin ar a laghad, bíodh sin sa bhaile, ag an obair nó i suíomhanna sóisialta.

Laige amháin a bhain leis an taighde áfach ná an meastachán a rinneadh ar mheonta mhuintir na Gaeltachta.

Ní raibh ach 109 duine sa sampla Gaeltachta agus níor cuireadh eolas ar fáil a thug le fios gur sampla ionadaíoch a bhí ann.

De bharr an tsampla bhig seo, bhí sé deacair difríochtaí suntasacha idir an Ghaeltacht agus an chuid eile den tír a ríomh. Mar shampla, dúirt 6% den sampla Gaeltachta go raibh siad “nach mór líofa” sa Ghaeilge i gcomparáid le 4% sa sampla náisiúnta.

Ní raibh sé mar rogha ag daoine a chur in iúl sa suirbhé go raibh siad “go hiomlán líofa” nuair a ceistíodh iad faoin leibhéal Gaeilge a bhí acu.

Maidir le líofacht, dúirt 49% de dhaoine fásta sa stát go bhfuil leibhéal éigin líofachta acu sa Ghaeilge – idir labhairt, léamh agus tuiscint.

Léirigh an taighde freisin gur cheap formhór na bhfreagróirí go raibh tionchar ag daoine mór le rá ar dhearcadh an phobail i leith na teanga.

D’aontaigh 51% gur chreid siad go láidir, agus 35% gur chreid siad go pointe go mbíonn dea-thionchar ag ceoltóirí agus ag daoine aitheanta eile ag labhairt Gaeilge os comhair an phobail, go mbíonn dea-tionchar aige sin ar thuairimí daoine i leith na teanga.

Tá ról lárnach ag an nGaeltacht i meon an phobail maidir leis an méid atá i ndán don Ghaeilge. Creideann 80% de dhaoine ar bhonn náisiúnta go bhfuil an Ghaeltacht tábhachtach i gcomhthéacs thodhchaí na teanga.

Nuair a fiafraíodh de dhaoine cad a ritheann leo agus iad ag smaoineamh ar an nGaeltacht, luaigh go leor acu teanga, cultúr, pobal agus traidisiún. Bhí an nasc seo níos láidre fós i measc na mban agus daoine níos sine.

Mar sin féin, d’aithin na freagróirí go bhfuil dúshláin ann. Creidtear go forleathan gur gá deiseanna fostaíochta agus tithíocht ar phraghas réasúnta a chur ar fáil do theaghlaigh áitiúla chun Gaeltacht inmharthana a chinntiú amach anseo.

Measann 62% de dhaoine go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh ionadaithe tofa in ann Gaeilge a labhairt agus d’aontaigh céatadán níos airde de dhaoine óga leis an ráiteas sin.

Ina theannta sin, dúirt beagnach dhá thrian de dhaoine gur mhaith leo níos mó gnólachtaí agus eagraíochtaí poiblí a fheiceáil ag úsáid na Gaeilge ina gcuid margaíochta, comharthaíochta agus cumarsáide.

Creideann 72% go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfeadh gnólachtaí sa Ghaeltacht seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge.