Is iomaí sin bealach atá ann le tabhairt faoin stair a scríobh bíodh sin ina liostáil annála, mionscrúdú ar cháipéisí oifigiúla, tuairisc ar fhianaise bhéil nó uaireanta úrscéal féin a scríobh. Cé nach ‘stair’ a bhíonn san úrscéal staire is minic gur féidir leis an scríbhneoir a bhfuil samhlaíocht aige beocht a thabhairt do chnámha aimride na hinsinte trí mhothála agus braistintí ama faoi leith a athchruthú is a leagadh inár láthair. Is féidir é sin a dhéanamh go réadach mar a dhein Tolstoi in Cogadh agus Síocháin nó le cumadóireacht rómánsúil mar a dhein Walter Scott, beirt díobh siúd a chuir fothaí faoin genre.
Ach an oiread le cineál litríochta ar bith eile níl aon rialacha ag baint leis an úrscéal staire, agus b’fhéidir gurb í an chéad cheist a mhúsclódh ceann a bhfuil na gothaí sin faoi, ná an mbaineann sé leis an earnáil sin in aon chor? Ar shlí is cuma cad é freagra na ceiste sin, níl ann ach go bhfuil dealramh an úrscéil staire ar Bódléar le Darach Ó Scolaí, leabhar a bhuaigh príomhdhuais an Oireachtais, Gradam Uí Shúilleabháin, agus Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana ag na Irish Book Awards cheana.
Ní luaim cineál an genre ach gur maith leis an léitheoir a fhios a bheith aige cén saghas ainmhí leabhair a bhfuil sé ag plé leis. Táid ann nach ndrannfadh le húrscéal staire dá mbeadh béilí na seachtaine ag crochadh air, agus daoine eile a chaithfeadh aon rud a mbeadh boladh an fhicsin fháistinigh ina thimpeall amach leis an gcat láithreach. Sin é fáth na dúile sa rangú.
D’fhéadfadh leathanaigh thosaigh an scéil seo a thabhairt le fios duit go bhfuil log an scéil áit éigin i gConamara uair éigin san aois seo caite. Úrscéal Gaeltachta faoi phobail thiar eile, ambaist! Ach sar i bhfad tá caint ar chúirt éigse i gCromadh, rud a sheolann ar ais go dtí an 18ú haois sinn. Go deimhin, cuireadh tús leis an scoil éigse sin uair éigin sna 1730idí, agus is cinnte go raibh deireadh leis roimh bhás Sheáin Uí Thuama an Ghrinn sa bhliain 1775. Ach ansin, tuigtear dúinn go bhfuil duine sa cheantar ar Bónapartach cruthanta é, rud a thugann ar aghaidh go dtí tús an 19ú haois sinn, go dtí go dtagann an máistir scoile faoi thionchar Charles Baudelaire nár foilsíodh a chéad leabhar mórcháile uaidh Les Fleurs du Mal go dtí 1857.
READ MORE
Cad tá ar siúl anseo? Caith uait na miosúir, bain díot feisteas na huaire, cuir pé tuiscint chruinn a shíl tú a bheith agat sa chiseán bruscair, strac anuas an slata tomhais agus na boscaí meá, beir leat don diabhal an ní a mbeifeá ag coinne leis agus gabh leat isteach ann sa sprid ina bhfuil sé scríte, sprid spraoi agus ghealadhraim, giúmar súgartha agus leibhéil, fuadar grinn agus fiafraithe.
Coiméide is ea an t-úrscéal seo, ach níl tú ag iarraidh go raghainn siar ar cad is brí leis sin go mion. Is ea, tá greann ann, mar atá anseo, ach de réir tuiscintí clasaiceacha tá ann chomh maith coinbhleacht idir seansmaointe agus smaointe nua ag bíogadh aníos, agus fairis sin, eachtra a bhfuil deireadh sona leis de ghnáth. Cuid mhór den scéal seo is insint shamhlaíoch atá ann ar an seanteannas riamh idir foirmeacha stálaithe litríochta agus foirmeacha úra. Tuigtear duit, áfach, go bhfuil teanga an údair go daingean ina phluc aige agus níl aon chasúr trom ina lámha aige ag bualadh téise abhaile.
…is é Beartla a chuireann an phraiseach ar fud na mias nuair a fhógraíonn sé go bhfuil deireadh aige féin leis an bhfilíocht thraidisiúnta…
Tá cipe breá de charachtair bharúla againn le tiomáint a chur faoin scéal, Ruaidí Pheada Ruaidí, Máirtín Gabha, Micilín na hAirde, Máire an Phosta, Júidín, Annraoi an breitheamh cúirte, sagart postúil agus Beartla an máistir scoile a dhéanann Bódleár de féin ar ball. Tá a gcúram féin ar gach duine díobh sin agus caidreamh corrach eatarthu dá réir, ach is é Beartla a chuireann an phraiseach ar fud na mias nuair a fhógraíonn sé go bhfuil deireadh aige féin leis an bhfilíocht thraidisiúnta toisc nach bhfuil inti ach bréag agus a seal caite.
“Níl sa bhfilíocht ach bréag a deirim. Bréag ar fad!” Níl ann don Ghiolla Mear ná do Cháit Ní Dhuibhir ná don Bhuachaill Bán ná do Mhac an Cheannaí féin, agus buille mór don bhaile ar fad é seo toisc gurbh eisean a chuiridís go dtí an chúirt filíochta i gCromadh gach bliain d’fhonn onóir na háite a sheasamh.
Is measa ná sin é, óir tá galar na Fraincise dulta sa chloigeann ann agus is mian leis a bheith ina Bhaudelaire Gaeilge, is é sin le rá, tá sé le dul i mbun bheith “ag cumadh na nua-fhilíochta fírinní” agus a shaol “a chaitheamh le filíocht” den tsaghas seo feasta. Déanann sé amhlaidh, gabhann isteach sa bhfásach, glacann ceirteacha agus nósanna na Fraince chuige agus tá ina dhíthreabhach ar son na héigse.
Ní beag ar a mbeag a tharla sin ach le léargas obann gan choinne, agus fágann sin an baile ar fad san fhaopach de cheal file a dhéanfaidh an bheart dóibh i gCromadh. Baintear triail as an máistir nua, ar uiscealach ceart de shoidealach duine atá ann, agus ar léir nach ndéanfaidh sé an bheart, agus is scoilt dhá champa is cor don bhaile ag iarraidh réiteach an scéil.
Is le neart faobhair rógaireachta a chuireann Ó Scolaí é seo de agus braitheann tú air gur beagán i bhfochair an mhagaidh atá ina pheann nuair a éilítear “tuilleadh anró…tuilleadh pionóis, tuilleadh péine, tuilleadh páise” ar ábhar file. Braitheann tú gur malairt é seo ar “rancás”, ar “princeam is pramsach, pocamas is pléaráca…giodam is gáire, meidhréis is macnas”, tréithe a bhain go brothallach le filí na Máighe agus le dámhscoil Chromadh.
Tá an greann ina scim ar uachtar na hinsinte, ach tá ann i gcónaí. Nuair a thagann don mháistir nua, tugtar faoi deara go bhfuil an Ghaeilge aige cosúil go maith lena gcuid Gaeilge féin, ach fós:
“Is dóigh gur ag súil le máistir Gaelainne a bhí mé,” arsa duine amháin.
“Tá cuma an léinn air mar sin féin.”
Tá sinsearacht fhada ag seanmóirí sagairt sa litríocht againn agus tá óráid an tsagairt ón altóir in aghaidh faisean nua na Fraince agus na litríochta sa traidisiún sin go glan, ach nach é gach duine a ghéilleann go bog dó, óir mar a deir cailleach lasmuigh den doras, “Sílfeá, mura bhfágfaí corrpheaca ag duine nach mbeadh gnaithe ar bith le sagart”.
Tá oiread sin tráchta ar “an fhírinne” agus an oiread sin treise léi mar shlánchuid na healaíne go dtaibhsítear dúinn gurb aoir é seo chomh maith, aoir ar mhórchúis, ar mhustar, ar éileamh thairis mar is ceart. Go deimhin, is féidir a rá gur dánaíocht ar an bhfírinne (pé í féin) nó ar fhírinní (pé iad féin) atá san úrscéal greanta snoite domhainéadrom seo agus is maise air a réidhe is a ghluaiseann ar ladhracha seolta laistíos agus le meangadh gáire lastuas.
Foclóir:
iomaí = many
cáipéisí = documents
log an scéil = location of the story
gealadhram = high spirits
soidealach = proud, arrogant
scim = thin coating
princeam is pramsach = frolicking and prancing
aoir = satire













