‘Éire Aontaithe mar Dheis Chneasaithe’: taighde úr Róisín Nic Liam
Sheol Róisín Nic Liam, iníon léinn PhD in Ollscoil na Banríona, a cuid taighde nua ‘Éire aontaithe mar dheis chneasaithe: ré nua don Ghaeilge agus don Ghaeltacht’ tráthnóna Aoine na hArd-Fheise. Bhí seomra lán go béal le héisteacht leis na cainteoirí iontacha agus le ceisteanna a chur ar an phainéal roimh mhórphlé na rún maidin Dé Sathairn. Ar an phainéal bhí Róisín í féin, Uachtarán an Chonartha Ciarán Mac Giolla Bhéin, an Dr Fearghal Mac Bhloscaidh agus Clíodhna Ní Mhianáin.
Tá obair na gcapall ar bun ag Róisín ó thosaigh sí ag tabhairt faoin PhD ag plé le hathbheochan chomhaimseartha na Gaeilge i mBéal Feirste ó bhí Comhaontú Aoine an Chéasta (1998) ann, agus tá sí ar dhuine de na daoine is mó a bhíonn ag labhairt amach agus ag spreagadh ghluaiseacht Chonradh na Gaeilge ag gníomhú i dtreo Éire aontaithe.
Mar chuid den taighde, tá sraith moltaí curtha le chéile ag Róisín don Chonradh chun cuidiú leo tógáil ar an obair seo sna blianta beaga amach romhainn agus pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a spreagadh “ról lárnach a imirt i múnlú thodhchaí na tíre”.
READ MORE
I measc na moltaí atá aici tá anailís a dhéanamh ar shamplaí idirnáisiúnta de ghluaiseachtaí teanga, clár for-rochtana le heagraíochtaí agus ceannairí lárnacha, chomh maith le pléfhóram do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar cheist an athaontaithe.

Gradam an Uachtaráin bronnta ar Fhergus Ó hÍr
Is ar Fhergus Ó hÍr as Iarthar Bhéal Feirste, gníomhaí teanga agus feachtasóir iomráiteach ar son ceartas sóisialta, a bronnadh Gradam an Uachtaráin ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2026. Tá taithí 50 bliain ag Fergus ar bheith ag obair mar chuid de ghluaiseachtaí agus d’fheachtais éagsúla chomh maith le bheith lárnach sa ghluaiseacht ar son Cearta Sibhialta agus in éadan na mBlocanna H.
Toghadh Fergus mar chomhairleoir le Halla na Cathrach ar son Daonlathas an Phobail sa bhliain 1981 agus lean sé ar aghaidh chun ról lárnach a imirt in athbheochan na Gaeilge sna 90idí mar phríomhoide ar Mheánscoil Feirste, an chéad mheánscoil lán-Ghaeilge ó thuaidh. Ina dhiaidh sin chaith sé blianta ina bhainisteoir ar Raidió Fáilte i mBéal Feirste. Toghadh Fergus ar Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge ag Ard-Fheis an Chonartha i mBéal Feirste in 1996, an uair dheireanach a raibh an Ard-Fheis a thit amach ina chathair dhúchais féin.
Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, gur “ollmhór” an tionchar a bhí ag Fergus Ó hÍr ar Ghaeil Bhéal Feirste agus ar an phobal ó thuaidh le leathchead bliain anuas, agus go bhfuil an pobal “go mór mór i dtuilleamaí Fergus de bharr na hoibre uilig atá déanta aige ar son phobal na Gaeilge i mBéal Feirste agus ar fud na tíre”.
Comhaltas Uladh 100 bliain ar an fhód
Tugadh aitheantas speisialta do Chomhaltas Uladh ag Dinnéar Mór na hArd-Fheise oíche Dé Sathairn agus iad ag ceiliúradh 100 bliain ar an fhód i mbliana. Eagraíocht atá i gComhaltas Uladh a chuireann an Ghaeilge chun cinn i gCúige Uladh trí ranganna, comórtais scoile, féilte agus scoláireachtaí Gaeltachta i nGaeltacht Thír Chonaill a chur ar fáil.
Ag caint ar an cheiliúradh tábhachtach seo, dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, nach aon “áibhéil a rá nach mbeadh an Ghaeilge mar atá sí ó thuaidh nó i gCúige Uladh ach ab ea iarrachtaí ceannródaíocha Chomhaltas Uladh ó 1926 ar aghaidh, a sheas isteach sa bhearna bhaoil agus an Ghaeilge faoi ionsaí fíochmhar sa stát nua ó thuaidh, tráth a raibh sí á díbirt ón chóras scolaíochta, go raibh cosc á chur uirthi go poiblí agus a raibh sí ar lag trá trí chéile”.
Deiseanna Foghlama Gaeilge d’Fhostaithe Gaeltachta
D’fhógair Údarás na Gaeltachta comhpháirtíocht nua le Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma (MSLETB) an tseachtain seo caite chun cúrsaí Gaeilge a chur ar fáil saor in aisce d’fhostaithe i ngnólachtaí ar fud na Gaeltachta.
Is é an eagraíocht Gaelchultúr a chuirfidh na cúrsaí ar fáil. Tá na cúrsaí aitheanta ag QQI ar leibhéil 2–6 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí. Cuirfear ar fáil iad ar bhonn páirtaimseartha ar líne, le rang amháin in aghaidh na seachtaine ar feadh 12 sheachtain.
Cuirfear béim ar scileanna teanga praiticiúla agus ar chumarsáid mhuiníneach, ag freastal ar fhoghlaimeoirí de gach leibhéal.
“Tá áthas orainn an chomhpháirtíocht nua seo le MSLETB agus Gaelchultúr a fhógairt,” a dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail & Pleanála Teanga an Údaráis.
“Léiríonn sé tiomantas Údarás na Gaeltachta tacaíocht a thabhairt d’fhostaithe sna Gaeltachtaí a gcuid Gaeilge a neartú ina saol oibre laethúil. Tá súil againn go mbeidh tionchar dearfach ag an gclár seo ar úsáid na Gaeilge sna pobail ina bhfuil ár bhfostaithe ag obair agus ag maireachtáil.”
Cuirfear tús leis na cúrsaí i mí an Mhárta.
Le breis eolais a fháil nó le spéis a léiriú, déan teagmháil le: pleanailteanga@udaras.ie













