Tá Sraith Lidl i bpeil na mBan faoi lán seoil ag an bpointe seo. Imreofar cluichí bhabhta a ceathair ag an deireadh seachtaine ach tar éis trí bhabhta, tá athbhreithniú ar na rialacha trialacha ar siúl.
Tá tionchar dearfach tar éis a bheith ag na rialacha ar chluichí na sraithe, dar liom. Feictear dom go bhfuil cumarsáid mhaith idir na réiteoirí agus na himreoirí. Tá luas taitneamhach leis an gcluiche agus tá tuairimí dearfacha léirithe go poiblí ag roinnt de na himreoirí. An cheist ná an bhfanfaidh na rialacha go léir? Sé riail a tógadh ó Pheil na bhFear, mar sin, bhí taithí ag an lucht tacaíochta cheana féin ar na rialacha nua ó thug CLG isteach anuraidh iad.
Tá imreoirí, bainisteoirí, réiteoirí agus a bhfoirne chomh maith le pobal na peile ag teacht i dtaithí ar na rialacha nua i gcónaí. Le trí seachtaine anuas, is léir go bhfuil neart samplaí feicthe againn de chluiche atá níos sciobtha, níos cothroime, agus níos taitneamhaí do na himreoirí agus don lucht féachana araon. Ba léir go raibh athrú mór i ndán do Pheil na mBan nuair a d’fhógair Cumann Pheil Gael na mBan ag deireadh mhí na Nollag go mbainfí triail as 12 riail nua le linn na Sraithe i mbliana agus i gcomórtais na n-ollscoileanna chomh maith.
Anois teacht an earraigh ach cé go bhfuil an lá ag dul chun síneadh, ní hionann sin is a rá go bhfuil deireadh leis na ceathanna báistí go fóill!
Caithfear cuimhneamh go bhfuil roinnt bainisteoirí nua i gceannas i mbliana agus tá siad ag dul i dtaithí ar fhoirne nua, gan trácht a dhéanamh ar rialacha nua. Táthar ag éirí cleachta leis na rialacha trialacha ach is léir go dtógfaidh sé roinnt mhaith ama le léargas cruinn a fháil orthu.
READ MORE
Is minic a bhíonn múraíl bháistí agus gaoth láidir ag séideadh ag cluichí sraithe an t-am seo bliana agus níorbh aon eisceacht iad na chéad trí bhabhta sa tSraith Náisiúnta go dtí seo. Anois teacht an earraigh ach cé go bhfuil an lá ag dul chun síneadh, ní hionann sin is a rá go bhfuil deireadh leis na ceathanna báistí go fóill! Ainneoin na haimsire, tá taispeántais láidre tugtha ag foirne éagsúla.
Mar aon le Peil na bhFear, má aimsítear scór taobh amuigh den stua 40m, bronnfar dhá phointe in áit pointe amháin. Bhíothas ag súil go spreagfaidh sé seo straitéis nua i measc na dtosaithe agus tá samplaí maithe feicthe againn go dtí seo. Tá roinnt mhaith imreoirí tar éis cúilín dhá phointe a aimsiú. Ina measc, Aoife Cullen (Loch Garman), Eimear Fitzpatrick (An Dún), Kate Slevin (Gaillimh), Niamh Hannon (Doire), Rachel McGoldrick (Sligeach) agus Chloe Fennell (Port Láirge).

Faoin riail nua, bronnfar marc ar imreoir a bheireann ar an liathróid go glan ón gcic amach ar an líne 40m nó thar an líne sin. Is féidir leis an imreoir leanúint ar aghaidh leis an imirt láithreach. Ach, ní raibh an deis chéanna an riail faoin marc agus an cic amach a fheiceáil agus an talamh trom ar pháirceanna na tíre faoi láthair. Níl aon amhras ach gur athrú chun na maitheasa is ea an riail go gcaithfidh triúr imreoirí a bheith ina leath féin i gcónaí le linn an chluiche, chomh maith leis an gcúl báire. Ó bheith ag éisteacht le tuairimí na n-imreoirí agus go deimhin dearcadh na mbainisteoirí, táthar an-tógtha leis an riail seo a chuireann smacht agus struchtúr níos fearr ar an gcluiche. Mealltar agus spreagtar foirne le dul ar an ionsaí.
Ó thús na sraithe, táim an-tógtha leis an riail ‘buail agus imigh’. Má dhéantar calaois ar imreoir, ní chuirtear moill leis an imirt. Má dhéanann imreoir nó oifigeach foirne feall nó calaois de chineál éigin – cuir i gcás léiriú dímheasa ar an taobhlíne – bogtar an liathróid 50m chun cinn. Tá trí rud tugtha faoi deara agam faoin tionchar atá tar éis a bheith ag an riail sin. Coinníonn na himreoirí guaim orthu féin agus tá tuilleadh smachta le feiceáil uathu ar pháirc na himeartha. Ina theannta sin, tá an taobhlíne níos ciúine agus mar gheall ar an dá ghné sin, ní chloistear feadóg an réiteora chomh minic céanna.
Ar na hathruithe is suimiúla, tá rialacha nua a cheadóidh dúshlán idir na himreoirí, ach ní féidir leas a bhaint as an ngualainn. Ciallaíonn sé seo go bhfuil imreoirí in ann dul i mbun dúshláin níos láidre, ach tabharfar cosaint do shábháilteacht an imreora fós. Tógfaidh sé tamall eile tionchar na rialacha áirithe seo a fheiceáil mar ní dóigh liom go bhfuil imreoirí ná réiteoirí ar aon intinn fúthu go fóill.
Tá deis anois ag baill an choiste a mhol na rialacha nua, iad a phlé agus athruithe cuí a mholadh agus a dhéanamh, más gá.
Níl ach ceithre bhabhta fágtha - faoi láthair is iad Port Láirge an t-aon fhoireann i Roinn 1 atá tar éis chuile chluiche a bhuachaint agus iad ar bharr chlár na bpointí. Ar an lámh eile de, tá trí chluiche caillte ag seaimpíní Chraobh 2025, Áth Cliath, agus iad ag an mbun faoi láthair. Ach tá an-tábhacht ag baint le taithí agus tá imreoirí le filleadh. Tuigtear go mbeidh Caoimhe O’Connor ag teacht ar ais ar an bhfoireann tar éis di teannán na hioscaide a ghortú. Táthar ag súil le captaen na bliana seo caite Carla Rowe teacht ar ais chomh maith leis an gcosantóir Leah Caffrey, bean a bhfuil cúig ghradam Réalta Pheil na mBan buaite aici.
Déanfar athbhreithniú ar na rialacha ina n-iomláine ag deireadh an tséasúir. Is ansin a phléifear torthaí na rialacha ag an gComhdháil Speisialta chun cinneadh a dhéanamh cé acu ba cheart iad a choinneáil go buan nó nár cheart.













