Ceisteanna fós gan freagairt tar éis Operation Kenova

Rinne MI5 an gníomhaire Stakeknife, nár ainmníodh go hoifigiúil sa tuarascáil, a chosaint arís agus arís eile

Ardchonstábla Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (Police Service of Northern Ireland) Jon Boucher ag seoladh  tuairisc Kenova.  Grianghraf: Charles McQuillan/Getty Images
Ardchonstábla Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (Police Service of Northern Ireland) Jon Boucher ag seoladh tuairisc Kenova. Grianghraf: Charles McQuillan/Getty Images

An tseachtain seo caite foilsíodh an tuarascáil deiridh den fhiosrúchán ‘Operation Kenova’, fiosrúchán a dhírigh ar earcú agus ar ghníomhaíochtaí an spiaire Stakeknife, ball sinsir den IRA agus an gníomhaire is míchlúití de chuid Arm na Breataine le linn na dTríoblóidí.

Gníomhaire a bhí ann ó na seachtóidí malla go dtí na nóchaidí luatha ar a laghad agus léiríodh sa tuarascáil gur cuireadh béim as cuimse ar an ghníomhaire a chosaint thar aon rud eile, fiú dá mbeadh daoine eile i mbaol mar gheall air nó dá mbeadh an gníomhaire féin páirteach i ngníomhaíochtaí cóiriúla.

Alfredo "Freddie" Scappaticci
Alfredo "Freddie" Scappaticci

Leagadh amach go soiléir sa tuarascáil go bhfuair níos mó daoine bás mar gheall ar Stakeknife ná mar a tarrtháladh, mar gheall go raibh Arm na Breataine agus MI5 den tuairim gur thábhachtaí cosaint an ghníomhaire ná daoine eile a chosaint nó deis a thabhairt dóibh ceartas a fháil i ndiaidh eachtraí a tharla.

Cé go ndearnadh tagairt sa tuarascáil go raibh a fhios ag Tadhg an mhargaidh gurbh é Freddie Scappattici a bhí taobh thiar den chódainm rúnda Stakeknife, ní thiocfadh leis an fhiosrúchán fíor-ainm an ghníomhaire a nochtadh go hoifigiúil. Seo mar gheall ar pholasaí de chuid Rialtas na Breataine gan dearbhú nó séanadh a dhéanamh maidir le ceisteanna leochaileacha a bhaineann le cúrsaí slándála. Cúis díomá a bhí ann do theaghlaigh na n-íospartach nach raibh an t-ainm deimhnithe go hoifigiúil mar chuid den tuarascáil seo. Dúirt ceannaire Operation Kenova, Iain Livingstone, nár cheart an polasaí seo a úsáid chun cosaint a dhéanamh orthu siúd a bhí páirteach i gcoir dháiríre, gur chás ‘eisceachtúil’ a bhí sa chás seo, agus go mbeadh sé ar leas an phobail deimhniú a fháil faoi fhíor-ainm Stakeknife in ainneoin an pholasaí.

Tá sé i gceist ag an dlíodóir as Béal Feirste, Kevin Winters, atá ag déanamh ionadaíocht ar chuid de na teaghlaigh a bhfuil nasc acu le daoine a cailleadh nó a gortaíodh le linn ghníomhartha Stakeknife, cás a thógáil sna cúirteanna mar gheall ar an pholasaí seo gan dearbhú nó séanadh a dhéanamh i dtaca le fíor-ainm Stakeknife.

Ceannasaí ar aonad inmheánach slándála de chuid an IRA a bhí i Freddie Scappaticci agus rinneadh nasc idir Scappaticci agus 14 dhúnmharú agus 15 fhuadach. Fuair sé bás in 2023.

Aimsíodh mar chuid den fhiosrúchán go ndearnadh an-iarrachtaí Stakeknife a chosaint agus a shuaimhniú mar chuid den obair seo. Tógadh ar saoire é faoi dhó ar a laghad nuair a tháinig sé chun solais go raibh an RUC ag iarraidh labhairt leis mar gheall ar dhúnmharú agus fuadach, agus íocadh suimeanna móra airgid leis thar na blianta.

Chomh maith leis sin, cruthaíodh fo-aonad dar teideal ‘Rat Hole’ le plé leis an mhéid ollmhór eolais a bhí á scaoileadh ag Stakeknife leis an arm agus tugadh líne ghutháin dó ar a raibh foireann ar leith ag obair i gcónaí le go dtiocfadh leis teagmháil a dhéanamh leo in am ar bith.

Tógadh ar saoire é faoi dhó ar a laghad nuair a tháinig sé chun solais go raibh an RUC ag iarraidh labhairt leis…

Cé go bhfuil sé ráite ag Stát Rúnaí Thuaisceart Éireann, Hilary Benn, go mbíonn úsáid gníomhairí den sórt seo faoi stiúir ag rialacha daingne anois, léiríonn obair an fhiosrúcháin go raibh saoirse nach beag ag eagraíochtaí slándála de chuid Rialtas na Breataine maidir leis na gníomhaíochtaí a bhí ar siúl acu le linn na coimhlinte ó thuaidh, gan mórán maoirseachta ná bainistíochta.

Bhí costas thart ar £47 milliúin (€52.6 milliún) ar an fhiosrúchán a bunaíodh agus tá íospartaigh agus a dteaghlaigh fágtha le go leor ceisteanna fótás. Tá ceisteanna móra ann maidir leis an leibhéal comhoibrithe a bhí ann idir Arm na Breataine, MI5 agus an fiosrúchán ón chéad lá - meastar go bhfuil eolas ann nár scaoileadh in am trátha.

Beidh impleachtaí ag an tuarascáil seo ar an obair atá ar siúl ag Benn agus é ag iarraidh reachtaíocht úr a thabhairt fríd Westminster a chruthóidh múnla úr le dul i ngleic leis na ceisteanna atá fós ann maidir le heachtraí a tharla sna Tríoblóidí.

Arís eile beidh sé deacair ar íospartaigh agus ar theaghlaigh na ndaoine a maraíodh nó a gortaíodh muinín a bheith acu i gcur chuige eagraíochtaí slándála na Breataine agus i Rialtas na Breataine ann féin fad is go bhfuil eolas á choinneáil siar agus nach bhfuil cur chuige trédhearcach oscailte in úsáid chun freagraí a fháil ar a gcuid ceisteanna.