Ar shlí amháin níl aon rud is sine ná nuacht an lae inné. Is minic nach n-éiríonn liom an páipéar reatha a léamh toisc cúraimí eile a bheith ag gabháil steallaidh orm agus go leagaim uaim é (nó iad) d’fhonn breith suas air (nó orthu) ar ball. Ionann sin, níos dóichí ná a mhalairt, nach léitear in aon chor, nó neachtar acu, gur léamh thar a bheith grod agus gasta a dhéanfar.
Ina choinne sin, ní annamh seoda i bhfolach i lár na luifearnaí laethúla ach teacht orthu, agus is fíor go bhfuil leabhar breá curtha in eagar ag Regina Uí Chollatáin ar cholúnaithe na teanga in Iriseoirí Pinn na Gaeilge. Agus tá leabhair éagsúla againn ó am go chéile ar cholúin faoi leith scríbhneoirí seachas a chéile, go háirithe Liam Ó Muirthile, Proinsias Mac Aonghusa agus Críostóir Ó Floinn. Agus duine de na hiriseoirí ba mhó cáil lena linn agus gur fiú é a léamh i gcónaí is ea Breandán Ó hEithir.

Bíodh gurbh úrscéalaí é a bhain cáil amach dó féin le Lig Sinn i gCathú agus le Sionnach ar mo Dhuán chomh maith le bheith ina láithreoir teilifíse agus tráchtaire raidió, is mar iriseoir nó colúnaí leis an Irish Press, an Irish Times agus Comhar is mó agus is sia a scríobh sé. Cé go bhféadfaí scata leabhar a shniugadh as iomláine a shaothair iriseoireachta, tá an t-ádh linn go bhfuil againn An Chaint sa tSráidbhaile (1991) ar togha dá shaothar é a foilsíodh san iris Comhar idir 1956 agus 1990 curtha in eagar ag Caoilfhionn Nic Pháidín.
Tá réamhrá substaintiúil leis an gcnuasach ag Liam Mac Con Iomaire nach aon mhalairt é ar an mbeathaisnéis Iomramh Aonair a scríobh sé ina dhiaidh sin ar Bhreandán Ó hEithir, ach a bhfuil luach gátarach leis mar eolas ar an duine agus ar an tábhacht a bhain lena chuid colún mar scríbhneoireacht agus mar thráchtaireacht ar shaol na tíre. Níl sa rogha atá déanta sa leabhar ach an tríú cuid dá shaothar in Comhar, gan gach rud iomadúil eile a bhac. Deir sé gur ‘fear inste scéil’ ba ea Breandán thar gach rud eile agus gurbh é sin a bhua, fara an ‘stíl chomhráiteach liteartha’ a chleacht sé a fhágann gur díol sásaimh agus eolais é a léamh le fonn fós inniu. Tugann sé suntas do na hábhair a raibh Ó hEithir sáite iontu, an Ghaeilge gan amhras, an pholaitíocht reatha, na cluichí Gaelacha, pearsana na tíre agus cuireann treise leis an ngearradh a bhí san fhriotal aige, an greann ar gá a bheith ina orlaí tríd chun go n-éascófaí cuid den tromchúis agus den ródháiríreacht.
READ MORE
Sciorradh sé leis ó chúram go cúram ag pleancadh nó ag leadradh nó ag déanamh grinn de réir is mar a ritheadh leis.
Murab ionann agus go leor eile, ní aon ábhar amháin a bhíodh aige i gcónaí á phlé ar cholún singilte aonair. Sciorradh sé leis ó chúram go cúram ag pleancadh nó ag leadradh nó ag déanamh grinn de réir is mar a ritheadh leis. Mar shampla, i gcolún amháin go randamach tá ábhar aige ar dhinnéar a bhí ag Conradh na Gaeilge, agus ansin sleachta faoi na fotheidil ‘construe!’, ‘éadóchas’, ‘bug-eye’, ‘aerach ó broin’, ‘caighdeán labhartha’, ‘l’attaque’, agus ‘ní ólaim puins.’ Samhlaíonn tú go bhfuil tú ag gluaiseacht leat go mear ar roithleagán ró ionas gur dícheall duit d’anáil a tharraingt.
Tá, ba dhóigh leat anseo, go leor atá glan as dáta agus tá, ar bhealach. Cuirfidh daoine a bhfuil cuimhne éigin acu, meathchuimhne féin, ar imeachtaí polaitiúla agus cultúrtha ó 60idí na haoise seo caite (agus rompu) i leith go dtí bás Bhreandáin sa bhliain 1990 suim sa tráchtaireacht bheoga a thugann sé orthu. Is ea, musclaítear smaointe ar ais ar bhaghchat Fhiodh Ard, ar Haughey, ar Lynch, ar na laethanta a raibh dianchinsireacht i réim ‘ag na cailleachaí, na piúratánaigh agus na piteogaí’ a raibh greim daingean ar ‘phíobán na codach eile againn’ acu. Go deimhin, tugann chun cuimhne go raibh páirtí eile a raibh ‘progressive democrats’ orthu sular tháinig Dessie O’Malley agus a chapaillíní ag sodar chun cinn in 1985, ach sa chás seo bhain siad le Noël Browne agus le Jack McQuillan a thug National PDs orthu féin.

Is suaitheantasaí, áfach, go bhfuil go leor eile sna hailt agus sna haistí seo a thabharfadh le fios duit nár athraigh puinn. Bhí aighnis in RTE ann an uair úd mar atá anois, tá de locht ar Pháirtí an Lucht Oibre ‘nach bhfuil aon pholasaí leanúnach, réabhlóideach dá gcuid féin acu ach iad mar a bheadh peileadóirí a bheadh ag brath go hiomlán ar na dearmaid a dhéanfadh an taobh eile,’ ach gurb é atá i ndán faoi FF agus FG ná ‘tír bheag rachmasach (do chodán áirithe den phobal) gan tréithe náisiúnta, gan chultúr, gan fuinneamh’, agus ní fhaca sé riamh ‘an oiread riblíní goiríneacha caoch ar meisce is a chonaic’ sé i nGaillimh i dtrátha na Nollag.
Go leor de ghnóthaí na Gaeilge is ‘ceist í a bhfuil claimhreach uirthi’, cé go gcuirfidh lucht staire spéis i bhfeachtas an Pháipéir Bháin agus an LFM, agus is ar éigean gurb ábhar nár pléadh cheana caighdeán teanga na mbunmhúinteoirí. Mar fhear mór spóirt sníonn cúraimí an CLG (‘an cumann nár scoilt riamh’) tríd an insint, agus is lánoiriúnach go dtabharfaí ardmholadh d’iománaí ar nós Joe Sammon na Gaillimhe nár bhain riamh ardghradam amach dó féin toisc é a bheith ag imirt leis an gcontae contráilte. Tá sé binn agus greanta leis na scéilíní, ar nós an duine ar chas Ciarraíoch air tar éis a mbuailte i gcluiche ceannais na hÉireann is go ndúirt sé leis le hardphléisiúr: ‘Thy kingdom gone!’
Cé gurb iad na colúin seo blonag agus scamhard an leabhair, tá aistí liteartha níos iomláine aige anseo chomh maith ar Liam Ó Flaithearta, Hemingway, dhialanna Uí Ríordáin, fara roinnt gearrscéalta nár cnuasaíodh le chéile riamh. Ná dearmadtar ach an oiread go bhfuil daichead is a cúig leathanach ann dá chlár saothair idir leabhair agus cholúin, agus nach bhfuil ann ach na teidil loma agus dátaí a bhfoilsithe.
Sa phlé a dhéanann sé ar an mbaol atá san iriseoireacht don scríbhneoireacht chruthaitheach admhaíonn go hoscailte gur ‘bró mhuilinn’ í de ghnáth agus gurb iomaí sin scríbhneoir a chuaigh ar an bpeann sna nuachtáin a bhreac ábhar ‘nár mhaith leo a fheiceáil go deo arís’ - ní féidir é sin a rá faoina shaothar siúd inár dtaobhna.
Thuig sé a chúram, a chumas, a chineál agus a thallann féin: ‘Dá éadroime dá bhfuil m’oirdín, buailfidh mé; dá laghad é mo bhiorán tollfaidh mé; dá mhéid agus dá dhea-fheistithe an leath-deiridh is ea is mó an fuinneamh a bheas sa speach.’ Ní leomhfadh aon duine an méid sin a shéanadh.
Foclóir: neachtar = either; luifearnach = dross; úrscéalaí = novelist; is sia = fartherst; tromchúis = grave matter; ag leadradh = beating; claimhreach = plumage













