Déanann Gaeilgeoirí níos fearr é, dar le Fadó Fadó! Is breá liom an réimse earraí Gaeilge atá ar díol ag an siopa beag gleoite seo, agus má tá tú sa tóir ar bhronntanas Nollag do Ghaeilgeoir ar leith i do shaol, is cinnte go dtiocfaidh tú ar an rud atá uait anseo. Díolann siad t-léinte atá chomh deas le rud ar bith a gheofá i siopaí na mórshráide, féilirí agus dialanna a choinneoidh breá eagraithe thú sa bhliain úr, agus mugaí ildaite a bheadh iomlán foirfe do bhabhta Kris Kindle ar bith atá beartaithe agat i mbliana.
Tá láithreacht ar líne ag an bhranda seo atá ag dul ó neart go neart agus mar sin is léir go bhfuil rudaí iontach mór i ndán dó.
Tá táirgí galánta Gaelacha Fadó Fadó ar fáil ag www.siopafadofado.com.

Ag ceiliúradh na Nollag leis an Chéad Ghlúin Eile
READ MORE
Is in Eaglais Multose Naofa i gCionn tSáile, Contae Chorcaí a bheidh an t-imeacht amharclainne thar a bheidh Nollaigiúil seo ag titim amach ar an 19 Nollaig. Tiocfaidh damhsóirí Gaelacha, banna ceoil den scoth agus beirt deirfiúracha Máire agus Étáin Ní Churraoin (An Chéad Ghlúin Eile) le chéile chun seó lán ceoil agus dhraíocht na Nollag a chur os comhair an lucht féachana. Lasfaidh soilse Nollag an eaglais ghalánta agus amhráin thraidisiúnta na hÉireann á gcanadh ag an bheirt i gceann de na hionaid is speisialta sa chontae.
Traidisiún na Nollag i gCionn tSáile atá sa cheolchoirm seo, atá ina ceathrú bliain anois, agus meallann sé lucht féachana de gach aois achan bhliain. Leithscéal den scoth é sult a bhaint as ceol féiltiúil agus cuimhní galánta na féile a chruthú le do chlann.
Ar chaill tú amach ar thicéid? Is féidir tú féin a chur ar an liosta feithimh anois ar www.eventbrite.ie

Coinnigh na fadhbanna craicinn ó dhoras le Skingredients
Bíonn go leor leor deiseanna againn sult a bhaint as an saol um Nollaig, pléisiúr a bhaint as bia deas, cúpla deoch a bheith againn le cairde agus muid féin a ghléasadh suas le dul amach ag pléaráca. Cé go mbíonn sé iontach tábhachtach tú féin a mhilleadh le linn na míosa seo, is minic a bhíonn fadhbanna craicinn mar thoradh ar an scléip seo ar fad.
Méadaíonn bianna siúcrúla cosúil le seacláid agus faoiste agus bianna lán ola cosúil le cáis táirgeadh ola an chraicinn, agus is é sin an fáth go mbíonn cúpla goirín breise ag go leor againn le linn shéasúr na Nollag. Nach mór an trua gurb iad seo na bianna is blasta agus na cinn is mó a mbaineann muid sult astu! Chomh maith leis sin, is féidir le do chuid smididh cur isteach ar do chraiceann, go háirithe mura n-éiríonn leat é a bhaint de d’aghaidh sula dtéann tú a chodladh.
Níor cheart duit a bheith buartha má tá tú ag streachailt le do chraiceann ag an bhomaite. Is comhartha iad na loirg bheaga seo go bhfuil tú ag baint sult as an saol, ach is féidir leo náire a chur orainn uaireanta.
Is breá liom an réimse cúram cnis atá ag Skingredients, branda galánta Éireannach a bhunaigh an ‘Skin Nerd’ Jennifer Rock. Tá táirgí ar leith acu lán le haigéad salaicileach, a théann i ngleic le haicne agus na coilm bheaga a fhágann goiríní ina ndiaidh. Tá an glantóir ‘Sally Cleanse’ ar dóigh agus foirfe do dhuine ar bith a bhfuil giota beag cuidithe uathu lena gcuid craicinn an t-am seo bliana.
Tá ‘Sally Cleanse’ (€33) ar fáil ó www.skingredients.com nó ó chógaslanna ar fud na tíre.

Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Greg Hall
Is é an dearthóir Greg Hall atá taobh thiar de ‘Pellador’, ceann de na brandaí faisin is cúláilte agus is aitheanta ar shráideanna na hÉireann sa lá atá inniu ann. Faigheann Hall inspioráid ó éadaí traidisiúnta cniotáilte na hÉireann agus éadaí spóirt ó na clubanna peile is mó san Eoraip chun baill éadaigh ildaite tarraingteacha a chruthú.
Déantar gach píosa a dhearadh i gCathair Luimnigh, agus is breá liom go seasann fréamhacha láidre Éireannacha an bhranda amach in achan bhall a dhéanann siad. Is léir an nasc atá déanta ag Hall le ceol, stair agus cultúr na hÉireann ó bunaíodh Pellador sa bhliain 2022.
Is féidir amharc ar réimse éadaí Pellador ag www.pellador.com nó ag @pellador_ ar Instagram.












