Nuair a bhí mé i m’Uachtarán ar Ollscoil na Gaillimhe, bhí sé de nós agam ofráil dul amach ó chearnóg na hollscoile le bualadh leis an bpobal agus le hionadaithe an phobail, Teachtaí Dála ina measc. An coincheap a bhí agam, nár tugadh faoi deara b’fhéidir, ná go bhfuil an ollscoil freagrach don phobal agus d’ionadaithe an phobail agus gur ceart dul amach chucu seachas iad a ghlaoch isteach chun cruinniú.
Chas Éamon Ó Cuív liom go minic ina oifig sa Dáilcheantair agus sa Dáil, anois is arís i m’oifigse i gcearnóg na hollscoile. Chuile Theachta Dála agus Seanadóir eile, thángadar chuig an ollscoil. Seachas Catherine Connolly.
Bhí sise eisceachtúil. Thuig sí an coincheap b’fhéidir.
Chasamar ina hoifig Dáilcheantair agus í i mbun clinice. Gnáth-oifig a bhí insroichte ón tsráid, an deasc aici ar uilleann a bhí oscailte, gan constaic a chruthú idir í agus a cuairteoirí.
READ MORE
An chéad uair gur bhuaileamar le chéile, d’fháiltigh sí go raibh Gaeilge agam tar éis conspóid ina leith ag an am. Agus labhraíomar iomlán tré Ghaeilge ó shin.
Dúirt sí go raibh an Ghaeilge foghlamtha aici agus go raibh sí fós ag foirfiú na gramadaí aici, mar a dúirt sí oíche na dtorthaí toghcháin i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Ní raibh aon ghá le leithscéal, an Ghaeilge ar a toil aici, í compordach agus ag síneadh compord dóibh siúd nach cainteoirí ó dhúchas iad.
Bhí plámás ann, moladh domsa ó na Teachtaí as Gaillimh agus bualadh bos dá réir. Seachas ó Catherine Connolly.
Agus muid ag comhrá, ní raibh aon chaint ar ardstraitéis uaithi. Ní raibh aon phlámás ná cur i gcéill uaithi ach oiread. Í fíorchúirtéiseach an t-am ar fad, cheistigh sí mar sin féin, ceisteanna ar son ana cosmhuintire i gcónaí. Cad a bhí á dhéanamh againn do mhic léinn faoi mhíchumas? Bhí costas ollscoile ródhaor dóibh siúd ar bheagán maoine, cad a bhí á dhéanamh againn faoi? Cén cur chuige a bhí againn i leith na Palaistíne?
Bhí a guth á ardú ar a son siúd a bhí fágtha ar lár, ar an taobh amuigh. Dúshlán ionraic á leagan síos aici roimh an tsochaí agus roimh an ollscoil a bhí mar chuid de.
Cé go raibh ceangail aici, táim cinnte, le mórán a bhí ar siúl san ollscoil, níor tháinig sí mórán go bhfaca mé pé scéal é go hócáidí oifigiúla san ollscoil. Chaithfeá meas a bheith agat air sin: bhí ardnós b’fhéidir ag baint le hócáidí foirmeálta an ‘black tie’ nár luigh go compordach leo siúd nach bhféadfadh a bheith ann.
Ar cheann dos na cruinnithe deireanacha a bhí agam sular fhág mé an ról ollscoile, le linn Shamhradh 2024, chuaigh uachtaráin na n-ollscoileanna go Teach Laighean le bualadh le Seanadóirí agus Teachtaí Dála leis an gcás á dhéanamh athuair d’infheistíocht sa chóras tríú leibhéal.
Bhí plámás ann, moladh domsa ó na Teachtaí as Gaillimh agus bualadh bos dá réir. Seachas ó Catherine Connolly. Guth á ardú aici arís ar a son siúd a bhí fágtha ar lár, dúirt sí gur mhinic gur chuir ár n-ollscoileanna le míchothromaíocht sa tsochaí agus d’fhiafraigh sí dínn cad a bhí muid ag déanamh faoi. Tugadh freagra faoi ról an oideachais tríú leibhéal maidir le deiseanna a chur ar fáil do chách agus an gá le hinfheistíocht sa chóras SUSI.
Ag dul amach an gheata dóibh chuig Sráid Chill Dara i ndiaidh an chruinnithe, bhí roinnt uachtaráin ollscoile ag tabhairt amach faoin gceist. A leithéid d’áiféis, dar leo.
Ach, mar a scríobh mé in alt ar Studies mí Mheán Fómhair seo caite, thuig mé an cheist agus a cás. Tar éis dom a bheith mar bhall foirne in DCU, UCD agus in Ollscoil na Gaillimhe, agus tar éis cónaí orm i nGaillimh, agus i nGlas Naíon agus ar Charraig Dhubh na príomhchathrach, thuig mé an fhíordhifríocht i bpearsantacht ár n-ollscoileanna agus a ngaol le pribhléid agus ‘Éire Oifigiúil’ ar thaobh amháin agus, ar an taobh eile, ceartas sóisialta, forbairt réigiúnach agus iad siúd atá fágtha ar lár idir chathair agus tuath. Tá difríocht shuntasach idir comhthéacs agus carachtar ollscoile atá lonnaithe i gceartlár Bhaile Átha Cliath 4 agus ollscoil i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath nó in iarthar na tíre. Scoileanna príobháideacha, rachmas i lár an aonaigh agus pribhléid i ngan fhios, i gcomparáid le saol ar an imeall agus ar an taobh amuigh.
Agus mé ar scoil i nGaillimh, Scoil Fhursa, Scoil Iognáid agus Coláiste Iognáid, shiúlfainn abhaile suas Bóthar an Chaisleáin Nua. Bhí an Seantalamh ar mo chlé seal, an ollscoil ar mo dheis seal. Shiúlfainn thart orthu, ar a mbruach, seachas tríothu, dhá chuid den chathair a bhí iomlán éagsúil óna chéile ag an am. Tá athrú mór tagtha ar an dá áit ó shin, agus Uachtarán na tíre anois ón Seantalamh.
Guth á ardú ar a son siúd atá fágtha ar lár. Dúshlán na sochaí á tabhairt aici go hionraic.
Ní bheidh ‘Éire Oifigiúil’, Éire na pribhléide, saor ó cheistiú. Agus níor cheart go mbeadh.
Is iarUachtarán ar Ollscoil na Gaillimhe agus iarOllamh sa Chuntasaíocht in UCD é Ciarán Ó hÓgartaigh.












