“Ba chóir go mbeadh an tUachtarán in ann labhairt leis an bpobal a úsáideann an Ghaeilge”.
Sin a dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, agus é ag caint le Scéal faoin rás go hÁras an Uachtaráin.
Agus toghchán na huachtaránachta beagnach buailte linn, níl aon chinnteacht fós go léireoidh an chéad uachtarán eile ceannaireacht i leith na teanga. Mar sin féin, tá sé ina ionchas ag gluaiseacht na Gaeilge go mbeidh cumas sa Ghaeilge ag pé iarrthóir a thoghfar.
“Tá ról ag an Uachtarán maidir le spreagadh a thabhairt don phobal ó thaobh úsáid na Gaeilge de,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.
READ MORE
Dúirt sé go raibh sé sin “déanta go héifeachtach ag an Uachtarán reatha” agus go mbeadh “ionchas” ag pobal na Gaeilge “go leanfadh sin” nuair a thoghfar an tUachtarán nua.

Bhain an tUachtarán Micheál Ó hUiginn úsáid as an nGaeilge sa bhaile agus thar lear. Ba léir go raibh fís láidir aige í a chur chun cinn mar chuid lárnach de chultúr, stair agus féiniúlacht náisiúnta na hÉireann.
Níl sé soiléir go fóill cén cineál físe a bheidh ag an chéad uachtarán eile.
Ní fios fós cé go díreach a bheidh ar an bpáipéar vótála i mí Dheireadh Fómhair. Is léir, áfach, go bhfuil níos mó daoine ag smaoineamh ar Áras an Uachtaráin i bPáirc an Fhionnuisce mar cheann scríbe, agus ar na cúiseanna ar mhaith leo an oifig a shealbhú.
Ach cén ról a bheidh ag an nGaeilge? Cuirfear an cheist sin ar na hiarrthóirí agus iad ag iarraidh tacaíocht a ghríosú ó mhuintir na Gaeltachta agus ón bpobal a labhraíonn an teanga go laethúil.
“Tá léirithe i suirbhéanna i measc iar-vótálaithe go bhfuil sé tábhachtach d’fhormhór an phobail go leanfaí den Ghaeilge a úsáid, a chur chun cinn, agus a chosaint,” a dúirt an Dr Pádraig Ó Laighin a bhí taobh thiar den fheachtas a bhain stádas oifigiúil amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach (AE).
Bealach amháin leis an pobal a ghríosú ná bá a léiriú leis an teanga.
“Bíonn comhthreormhaireacht áirithe i gceist idir feachtais éagsúla a bhaineann le mian an phobail a mhúscailt, agus toil an phobail agus a cheannairí a thabhairt leat,” a dúirt an Dr Ó Laighin.
“Is gá ómós a léiriú don phobal, agus dea-chaidreamh a chothú le gach duine,” a dúirt sé.
Tar éis do Mairead McGuinness a rá go raibh sí ag cur deireadh lena feachtas de bharr cúiseanna sláinte, tá an t-iarTheacht Dála agus Aire de chuid Fhine Gael, Heather Humphreys, chun cinn sna pobalbhreitheanna, agus an TD neamhspleách ó Ghaillimh, Catherine Connolly, sa dara háit.
Bhí ar Humphreys a cumas Gaeilge a chosaint nuair a bhí sí ina hAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus tá sé ráite aici le déanaí go bhfreastalódh sí ar ranganna Gaeilge dá dtoghfaí í.
Bhain an tUachtarán Micheál Ó hUiginn úsáid as an nGaeilge sa bhaile agus thar lear.
Óna thaobh sin de, is fiú a lua nach raibh Gaeilge líofa ag Máire Mhic Róibín ná ag Máire Mhic Giolla Íosa nuair a toghadh iad ina n-uachtaráin.
Tá Catherine Connolly ina Cathaoirleach ar Choiste Oireachtais na Gaeilge agus tá an-taithí aici ar cheist na Gaeilge. Toghadh i nGaillimh Thiar í in 2016, áit ar toghadh Micheál Ó hUiginn chomh maith.
Dúirt an Dr Ó Laighin go bhfuil sé mar chuid den fhreagracht atá ar an Uachtarán ómós a léiriú don Ghaeilge.
“Tá bundualgas polaitiúil ar gach saoránach, agus ar an Uachtarán féin, a bheith dílis don náisiún. Ciallaíonn sé sin gur gá don saoránach, agus don Uachtarán go háirithe, ómós a léiriú don teanga náisiúnta,” a dúirt sé.*
Dúirt Mac Giolla Bhéin nach bhfuil aon amhras faoi na buntáistí a bhaineann le cumas Gaeilge a bheith ag iarrthóirí agus gur mór an difear dearfach a dhéanann sé nuair is féidir le hiarrthóirí cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal Gaeilge agus Gaeltachta ina dteanga féin.
*Ceartúchán: Nuair a foilsíodh an t-alt seo, tugadh le fios go mícheart gurb é Ciarán Mac Giolla Bhéin a dúirt an abairt seo. Ba é an Dr Pádraig Ó Laighin a rinne an ráiteas. Gabhaimid leithscéal as an earráid. 09/09/25.













