Ceiliúradh ar cheannródaí Déiseach

Gradam saoil bronnta ar Mháire Seó Breathnach as a cuid oibre ar son na Gaeilge

Gradam saoil bronnta ar Mháire Seó Breathnach as a cuid oibre ar son na Gaeilge
Gradam saoil bronnta ar Mháire Seó Breathnach as a cuid oibre ar son na Gaeilge

Tháinig dhá ghrúpa pobail le chéile i nDún Garbhán in iarthar Phort Láirge chun aitheantas a thabhairt don ghníomhaí teanga Máire Seó Breathnach.

Bhí cairde, comhghleacaithe, baill agus iar-bhaill na gcoistí teanga éagsúla sa cheantar, in éineacht le gaolta agus clann Mháire Seó, bailithe in aon ionad amháin chun an gradam saoil speisialta a cheiliúradh agus an ceann scríbe atá bainte amach aici a mharcáil. Dúradh go bhfuil 20 bliain ann ó ceapadh Máire Seó Breathnach ina rúnaí ar bhord Chomhlacht Forbartha na nDéise, an grúpa forbartha pobail agus teanga a bunaíodh in 2005 chun tacú le buanú agus neartú na Gaeilge sa Rinn agus sa tSeanphobal agus chun tacú le forbairt acmhainní agus seirbhísí sa cheantar.

Chomh maith leis sin tá Máire Seó ar choiste Dhún Garbhán le Gaeilge ó bunaíodh é in 2017, coiste atá ag feidhmiú chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa bhaile seirbhíse Gaeltachta agus a raibh baint lárnach aici len é a fhorbairt. Is iad an dá ghrúpa pobail seo a tháinig le chéile chun gradam saoil a bhronnadh uirthi.

Dúirt Dónal Ó Conghaile, iar-bhainisteoir Chomhairle Chontae Phort Láirge agus cathaoirleach reatha Dhún Garbhán le Gaeilge, “go raibh an t-ádh ar fad leo” gur ceapadh Máire Seó Breathnach mar oifigeach teanga ar Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge 23 bhliain ó shin. Dúirt sé gur “duine an-nádúrtha” í agus gur “duine a oibríonn an-chruaigh ar fad”.

Ón am sin ar aghaidh in 2002 nuair a ceapadh í ina hoifigeach Gaeilge ar an gcomhairle, a dúirt Jen Uí Dhuibhir, cathaoirleach ar Chomhlacht Forbartha na nDéise, “tá spás don Ghaeilge cothaithe ag Máire Seó… ar fud an chontae”.

Ag ócáid speisialta an bhronnta, dúradh gur duine í Máire Seó atá ina ceannródaí, duine a ghníomhaíonn ar son na Gaeilge agus atá ina crann taca ag pobal na Gaeilge. Agus ar feadh na hoíche i nDún Garbhán, bhí Gaeltacht agus Gaeilge na nDéise i gcroílár na hócáide speisialta.

Ag déanamh tagairt do choiste logainmneacha an chontae a bhunaigh Máire Seó in 2003, dúirt Jen go bhfuil “ról lárnach ag an gcoiste seo i gcúrsaí pleanála an cheantair ag cinntiú go bhfuil tús áite ag an nGaolainn in aon tionscadal nua. Nuair atá timpeallacht ann ina bhfeictear an teanga, tagann athrú ar mheon daoine”. Mar thoradh ar obair an choiste sin tá an Ghaeilge “feiceálach” sa chontae, a mhaígh sí.

D’oibrigh Máire Seó ar feadh roinnt blianta mar chomhalta ar bhord Údarás na Gaeltachta, i ndiaidh di a bheith tofa i Feabhra 2017 nuair a fuair sí tacaíocht traspháirtí.

Is ón gCúil Rua i bparóiste tuaithe an tSeanphobail do Mháire Seó ó dhúchas. Bhain sí céim thráchtála amach ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh sular thosaigh sí ag obair mar oifigeach caidrimh phoiblí le hÚdarás na Gaeltachta. I measc na n-imeachtaí eile a bhfuil baint aici leo tá Féile Bia Iarthar Phort Láirge, Tionól na nDéise agus Tionól Nioclás Tóibín.

“An ghné den bpost is mó a thug sásamh dom, agus a thugann sásamh dom go fóill, ná a bheith ag obair le daoine ar cás leo an Ghaolainn, go bhfuil an Ghaolainn agus an cultúr go smior iontu, ionainn, ar fad, agus sinn ag déanamh ár ndíchill - thuas seal thíos seas, cinnte go minic - ach táimid ag treabhadh linn agus ag éirí linn,” a dúirt Máire Seó agus í ag gabháil buíochas le gach aoinne a bhí i láthair.

Foclóir: Iarthar = west; gaolta = relatives; ceapadh=appointed; lárnach = central; ceannródaí=leader/pioneer; cathaoirleach = chairperson; logainmneacha = placenames.