'Ubytek' nó conas cuas a aithint

Tuarascáil/Alan Desmond: Ní thaitníonn sé liom bheith sínte ar chathaoir shómasach an fhiaclóra ach oiread leis an …

Tuarascáil/Alan Desmond:Ní thaitníonn sé liom bheith sínte ar chathaoir shómasach an fhiaclóra ach oiread leis an gcéad duine eile. Tarlaíonn rudaí uafásacha ar an gcathaoir sin agus dá chompordaí í is ea is gairbhe a chaithfear leat agus tú gaistithe uirthi.

Cuireann cathaoir an fhiaclóra dallamullóg ar na daoine saonta soineanta a fheiceann í. Deir sí leis na daoine sin; "Táim bog, tá compord ionam, bí i do luí orm go sócúlach, ní hé seo an áit a bhfuil an baol."

Féachann na daoine baotha bochta seo ar an ngaiste atá os a gcomhair amach go staidéartha. Creideann siad na gealltanais atá á dtabhairt. Ansin féachann siad ar an bhfiaclóir a mbeidh an chuma air nach bhféadfadh sé gan bheith tláith le pé duine a d'osclódh a bhéal a leithne agus ab fhéidir.

Agus in ainneoin na rabhadh is na scéalta uafáis atá cloiste acu ó bhí siad óg faoin mbrúidiúlacht is barbarthacht a chleachtar anseo, géilleann siad do chosúlacht na sibhialtachta is téann siad sa dol.

READ MORE

Tá rud éigin mínádúrtha is mícheart ag baint leis an bhfiaclóireacht. Agus fágann sin go bhfuil rud éigin mínádúrtha is mícheart ag baint le cleachtóirí na gairme seo. Cad a bhíonn ar siúl i gceann an duine a bheartaíonn ar a shaol a chaitheamh ag féachaint isteach i mbéil daoine eile, ag sú isteach ina scamhóga féin anáil bhréan strainséirí, ag féachaint ar chancair is ar fhiacla lofa ildathacha?

B'fhéidir gurb é an ghné chradhscalach mhíthaitneamhach seo is cúis leis an íde a thugann fiaclóirí dá n-othair. Díoltas á imirt acu ar a gcustaiméirí as na radharcanna déistineacha nach mór dóibh féachaint orthu lá i ndiaidh lae. Ar ndóigh, nuair a luaim íde ní hé an dola a dhéantar do phócaí an othair atá i gceist agam, ach an t-éigniú béil.

Ní aon Tadhg an mhargaidh mise, áfach, sna cúrsaí seo.

Tuigim go feillbhinn is go hinstinneach an forneart a imrítear ar gach duine a théann thar thairseach sheomra an fhiaclóra. Sin an fáth go bhfuil fanta amach agam ó na háiteanna foréigin sin le sé bliana anuas, is mé gan bheith meallta ag compord na cathaoireach ná gáire leamh an fhiaclóra.

Ach nuair a lig mé méanfach ard fhada le déanaí fuair an duine a bhí ina sheasamh os mo chionn spléachadh ar an taobh istigh de mo bhéilín féin. Chuir sé dreach imníoch air féin is mhol sé dom cuairt a thabhairt ar an bhfiaclóir.

Baineadh siar asam go raibh duine nach raibh aon aithne mhaith agam air ag féachaint chomh grinn sin ar mo fhiacla. Ach chuir mé an t-iompar ait síos don difríocht chultúrtha - ba Pholannach é.

Thuig mé chomh maith go raibh seans gur shíl sé gur thug mé cuireadh dó an spléachadh sin a fháil agus dearmad déanta agam mo lámh a ardú go béal i rith na méanfaí.

Pé scéal é, ghlac mé go dáiríre leis an gcomhairle a bhí curtha orm. Tá rudaí nach bhfuil seachaint orthu, dúirt mé liom féin, agus tá coinne leis an mbúistéir béil ar na rudaí sin. Bhí déanta go maith agam gur chuir mé an coinne seo ar an méar fhada le sé bliana.

Agus ba sa Pholainn a bhí cónaí orm anois. B'fhéidir go raibh fiaclóirí na Polainne tuisceanach dá n-othair agus máinliacht mhánla ar siúl acu seachas an chíorláil a thugadh fiaclóirí na hÉireann a bhí suas le linn m'óige.

Seo chugam mar sin go cróga curata go páirc an áir.

"Dzien dobry, ba mhaith liom coinne a dhéanamh."

"Tóg suíochán is glaofar isteach ort i gceann cúpla nóiméad." Shuigh mé síos de phleist. Rugadh orm ar mo mhíthapa. Níor rith sé liom go bhfeicfí mé ar an toirt. Thosaigh mé ag cur allais, ní raibh mé réidh, déarfainn leo go raibh mé gafa inniu, go dtiocfainn ar ais...

"An chéad duine eile."

Ba mise an t-aon amadán amháin a bhí ag feitheamh. "Tar isteach anois le do thoil," arsa an bhanaltra chúnta agus mífhoighne ina glór. D'éirigh mé ar cosa laga is rinne caoldíreach ar an gcathair chompordach gan féachaint ar an bhfiaclóir féin.

"Pian i gceann de na fiacla?" a shnap sí orm, amháil is dá mbeadh sí ag gealladh, "mura bhfuil go fóill, beidh go luath."

"Níl, ach ní raibh mé ag an bhfiaclóir le sé bliana," a dúirt mé agus mé i mo luí go faon.

"Leath do bhéal."

Rinne mé mar a dúradh liom.

"Níos leithne," ar sise agus mé caochta ag solas dallraitheach a bhí os mo chionn.

"Níos leithne," a dúirt sí arís agus a srón sáite aici idir an cár uachtarach is íochtarach. Ní raibh le feiceáil agam di anois ach cúl a cinn.

Bhí mé ag iarraidh deoir aonair a fháscadh as an tsúil chlé le go ndéanfadh sí trócaire orm nuair a thóg sí a ceann amach as mo bhéal is dúirt "ubytek" agus dreach dáiríre uirthi.

"Ubytek," arsa mise agus dreach dáiríre orm féin chomh maith. Hmm.

"Is féidir liom é a dhéanamh láithreach bonn. Ní chosnóidh sé ach 40 zloty ort."

"Agus cad a tharlóidh mura ndéanfaidh tú é?"

Thosaigh sí ag caint to tiubh tapa is rinne mé mo cheann a chroitheadh go mall smaointeach amhail is dá mbeadh machnamh domhain ar siúl agam.

Ach ba é fírinne an scéil é nach raibh tuairim agam cad a theastaigh uaithi a dhéanamh ná cén fáth. Níorbh fheasach dom brí an fhocail "ubytek" is bhí aiféala orm nár tugadh oiread is rang amháin de na ranganna Polainnise a bhí agam leis na blianta do fhoclóir an fhiaclóra. Thiocfadh an foclóir sin isteach úsáideach anois.

Agus comhairle an fhiaclóra meáite agam d'inis mé di go raibh a ceann léi pé rud a mheas sí bheith riachtanach a dhéanamh. Luigh mé siar is d'fhan mé le hobair a shoiléireodh an chaint dhothuigthe a bhí déanta aici.

Níor luaithe cead a cinn tugtha agam don fhiaclóir ná go raibh a aithreachas orm.

Agus druilire beag láimhe tarraingthe as an aer aici chrom sí anuas, sháigh an meaisín marfach isteach i mo bhéal is rinne ceann de na fiacla sa chár uachtarach a dhruileáil mar a bheadh sí ag iarraidh poll a chur i mballa trom coincréite.

Ar fheiceáil an druilire dom tháinig mé ar athrú tuairime. Níorbh aon ábhar práinne an "ubytek" seo, chuirfinn geall as.

Thiocfainn ar ais i gceann cúpla lá agus staidéar déanta agam ar théarmaíocht na fiaclóireachta. Bheadh a fhios againn beirt cad é go díreach a bheadh ar siúl.

Ach bhí sé ródhéanach. Bhí lann an druilire ag rothlú chomh tapa sin nach raibh sé de dhásacht ionam aon mhatán béil a chorraí ar eagla go ngearrfaí stiallacha de mo theanga.

Tar éis tamaill bhraith mé pian ghéar san áit a raibh an balla coincréite, dar léi, is thuig mé ó sin go raibh an-iomarca fiacaile druileáilte aici. Chuir mé "uuughh" asam is chuir sí an meaisín beag lannach i leataobh.

Ansin ghreamaigh sí taos éigin den bhalla coincréite is sháigh sí píosa trealaimh eile isteach a bhrúigh sí ar an bhfiacail ionsaithe ar feadh cúpla nóiméad.

Agus ba é sin é. Ní raibh faic eile le rá aici ach go mba chóir dom aire níos fearr a thabhairt do m'fhiacla, a bhí álainn, dar léi. Dar liomsa chomh maith.

Agus teacht agam ar fhoclóir sa bhaile fuair mé amach gur cuas é "ubytek". Táthán tugtha aici dom, is dócha. Mo chéad táthán agus é faighte gan fhios dom féin.

B'fhéidir go bhfaighinn táthán eile nuair a rachainn ar ais i gceann sé bliana. Cinnte go mbeinn eolach ar na focail a bhaineann le fiacla, pé tír ina mbeidh mé.

cuascavity - druiliredrill - forneartviolence

scamhóglung - sómasachcomfortable - tláithwan