‘Tá fúinn leanúint ar aghaidh’

Aighneas faoin Aifreann i nGaeilge i nDún Laoghaire fós gan réiteach

Foclóir: Gasra - group of people; feachtas - campaign, ladar - soup ladle, aighneas - dispute, imlitir - circular, díomuach - defeat, ardú meanma - raising of the spirit, tairngreacht - prediction/prophecy, cumraíocht - shape, teasc - lop/chop, ár - slaughter.

Tá an t-aighneas faoin Aifreann i nGaeilge i nDún Laoghaire fós gan réiteach. Síleann Pobal Aifreann Gaeilge Dhún Laoghaire atá i mbun feachtais chun an tAifreann a thabhairt ar ais go bhfuil teipithe ar iarrachtaí idirghabhála idir iad féin agus an sagart paróiste.

Tá súil ag an ngasra úd go gcuirfidh Ardeaspag Átha Cliath, an Dr Diarmuid Ó Máirtín, a ladar sa scéal chun iarracht a dhéanamh an fhadhb a réiteach.

Thuairiscigh an colún seo i mí an Mhárta go raibh an gasra den tuairim gur thug an Eaglais cúl dóibh nuair a fógraíodh beagnach dhá bhliain ó shin nach mbeadh an tAifreann as Gaeilge in Eaglais Naomh Mícheál as sin amach.

READ MORE

Beagnach trí mhí níos déanaí measann siad go bhfuil deireadh leis an iarracht comhréitithe. “Sinne amháin a bhí ag plé leis an idirghabhálaí ,” a dúirt siad i ráiteas a eisíodh aréir.

“Ach leanamar orainn ag plé leis go foighneach ar eagla go gcuirfí míréasúntacht inár leith. Rinneamar moltaí dearfacha réitigh. Níor tugadh freagra orainn.”

Dúirt Bríd Nic Shamhráin, iníon le beirt de bhunaitheoirí Phobal Aifreann Dhún Laoghaire gur “ait agus bocht an scéal é” go bhfuil an Eaglais ag iarraidh grúpa de thuataigh “a chur ó dhoras”.

“Tá siad tar éis muid a dhúnadh amach ónár séipéal féin. Tá siad tar éis diúltú do gach iarracht a rinne muid an scéal a phlé leo.” a dúirt sí.

“Chaillfeá do chreideamh go hiomlán.”

Díomá

"Tá díomá orainn," arsa Pádraig Ó Cearbhaill, Cathaoirleach Phobal Aifreann Gaeilge Dhún Laoghaire, agus é ag caint le Tuarascáil.

Ag tagairt do imlitir ón Eaglais i 2016 a bhain leis an éileamh ar sheirbhísí Eaglasta trí mheán na Gaeilge, dúirt sé:

“I ndeireadh báire is dóigh liom gur ag an Ardeaspag atá an chumhacht sa mhéid is nach bhfuiltear ag cloí leis na prionsabail a bhí leagtha síos aige san imlitir, sé sin, nach féidir deireadh á chur le hAifreann (Gaeilge) gan dul i dteagmháil leis roimh ré.”

Ainmníodh Dún Laoghaire san imlitir mar cheann de sé lárionaid do phobal na Gaeilge agus luadh ann “nach gcuirfí ar ceal aon Aifreann Gaeilge gan dul i gcomhairle liomsa agus leis an gCoiste Tréadach”.

Tá an grúpa tar éis roinnt iarrachtaí a dhéanamh le gairid teagmháil a dhéanamh leis an Dr Ó Máirtín leis an cheist a phlé.

“Scríobhamar go díreach ag an Ardeaspag. Is léir anois nach bhfuil sé i gceist ag an sagart paróiste an tAifreann Gaolainn a thabhairt ar ais,” a dúirt Ó Cearbhaill.

Dúirt sé go bhfuil an grúpa fós ag fanacht ar fhreagra ón Dr Ó Máirtín - mí tar éis dóibh litir a scríobh chuige agus iad ag iarraidh air idirghabháil a dhéanamh.

‘Leanfaimid ar aghaidh’

Má tá díomá ar an bpobal seo go bhfuil deireadh curtha leis an Aifreann Ghaeilge, ní léir ann díomuachas ar bith.

“Sea, leanfaimid ar aghaidh mar is dóigh liom gur ceist i bhfad níos leithne í seo ná díreach pobal beag Dhún Laoghaire i ndeireadh báire,” arsa Ó Cearbhaill.

“Baineann sé le pobal na Gaeilge trí chéile - an chuid sin den phobal a fhreastalaíonn ar sheirbhísí eaglasta trí Ghaeilge.”

“Má scaoileann pobal na Gaeilge leis seo, deireadh a bheidh leis. Is dóigh liom gur ceart bunúsach é - ag dul siar go dtí an Dara Comhairle Vatacánach - gur ceart é, i ndáiríre, go ndéanfaí friotháil ar dhaoine ina dteanga féin - bíodh sé sin i dteanga an mhionlaigh nó teanga an mhóraimh.

“Ní dóigh liom gur cheart go rachadh daoine ar an dá ghlúin á lorg seo. Is dóigh liom gur ceart bunúsach é i ndáiríre.”

“Tá fúinn leanúint ar aghaidh go dtí go dtiocfaimid ar réiteach. B’fhéidir anois go bhfuil pobal beag na Gaeilge i nDún Laoghaire scaipthe ámhairín beag toisc nach raibh aon Aifreann ann le dhá bhliain anuas ach tagann an cór le chéile anois agus arís agus is dócha go dtugann sé sin ardú meanma áirithe dúinn.”

Chuir Tuarascáil roinnt ceisteanna faoi bhráid oifig an tAth Kenny. Ní bhfuaireamar freagra, ach i ráiteas a d’eisigh sé i mí an Mhárta, mhaígh sé gur cuireadh tús le comhairliúchán paróiste go luath i 2016 maidir le líon na nAifreann Domhnaigh a laghdú.

Rinne oifig an Ardeaspaig teagmháil leis an gcolún cúpla lá ó shin agus dúradar nach raibh aon bhriseadh tríd déanta go dtí seo ach go raibh iarrachtaí ar bun chun teacht ar réiteach.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.