Stádas choláiste tríú leibhéal bronnta ar Ghaelchultúr i mBaile Átha Cliath

Tá Éamonn Ó Dónaill, tar éis dea-scéal a fháil ó QQI (Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann), dea-scéal a bhfuil sé ag fanacht leis le fada an lá, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

Tá stádas mar choláiste tríú leibhéal bainte amach ag Gaelchultúr, an comhlacht oideachais agus comhairleoireachta a bunaíodh i mBaile Átha Cliath i 2004 chun an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn.

Thóg sé ceithre bliana an stádas mar choláiste a bhaint amach agus bhí ar Ghaelchultúr iarratas 400 leathanach a chur i dtoll a chéile. B'fhiú an tairbhe an trioblóid, a dúirt Ó Dónaill, duine de bhunaitheoirí an chomhlachta: "Faoiseamh mór a bhí ann dúinn mar bhíomar ag obair chomh fada sin ar an rud seo. Bhí sé fadálach
malltriallach mar phróiseas ach cheap muid i gcónaí go raibh an próiseas ar fheabhas.

“Bhí siad an-dian orainn ach bhí sé tuillte go maith againn agus murach go raibh sé chomh dian sin ní bheadh an struchtúr nó an cúrsa atá againn leath chomh maith is atá. Cé go raibh an próiseas mall, cheapamar go raibh sé cóir agus críochnúil, ach cinnte bhí sé dian.”

READ MORE

Tugadh cead do Ghaelchultúr chomh maith
dioplóma iarchéime san aistriúchán a thairiscint ag leibhéal 9 de Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí.

Céim mhór chun tosaigh don chomhlacht é seo, a dúirt Ó Dónaill, stiúrthóir oideachais Ghaelchultúr: “Sílim go raibh sé an-tábhachtach an stádas seo a bhaint amach mar institiúid agus cead a fháil an dioplóma a chur ar fáil mar, i láthair na huaire leis an gcúlú eacnamaíochta, tá daoine ag súil le cáilíochtaí agus níl siad chomh tógtha céanna le cúrsaí a dhéanamh mar chaitheamh aimsire.”

Deir sé go mbeidh
deiseanna fostaíochta ann dóibh siúd a dhéanann an dioplóma san aistriúchán a thosóidh i Meán Fómhair: "Tiocfaidh na deiseanna chun cinn san Eoraip go háirithe. Faoi láthair, tá ganntanas ann agus ní fada go mbeidh géarchéim ann. Tá gá ní hamháin le haistritheoirí ach le dlítheangeolaoithe agus riarthóirí fosta. Tá na daoine sin le ceapadh ach, faoi láthair, b'fhéidir nach bhfuil na scileanna cuí ag lucht na Gaeilge le tabhairt faoin obair sin."

Tá Ó Dónaill, ar as Gaoth Dobhair ó thús dó, den tuairim gurb é an coláiste nua an chéad choláiste neamhspleách riamh atá ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge. Tá pleananna acu cur le líon na gcúrsaí atá acu de réir a chéile agus cúrsaí a chur ar fáil do
mhúinteoirí atá ag iarraidh cur lena scileanna, mar shampla.

Beidh ainm an chomhlachta á athrú go Coláiste na hÉireann idir seo agus deireadh na bliana. Ach cad iad na buanna a bheidh ag Coláiste na hÉireann a scarfaidh amach é ó na dreamanna eile ar fad atá ag tairiscint cúrsaí Gaeilge?

Tá Ó Dónaill den tuairim go gcuirfidh an múnla teagaisc agus an córas teicneolaíochta atá tógtha as an nua acu deis foghlama do dhaoine ar fud na tíre nach mbeadh ar a gcumas de ghnáth freastal ar chúrsaí: “Táimid ag iarraidh múnla nua a chur ar fáíl agus tá an bhéim á cur againn ar an fhoghlaim chumaisc nó “blended learning” mar a deirtear sa Bhéarla.

“Beidh an fhoghlaim chumaisc mar chuid lárnach den obair, sin an rud atá éagsúil fúinn. Leis an múnla seo beidh daoine ag teacht isteach chugainn go dtí an seomra ranga gach mí agus beidh ranganna beo againn ar an idirlíon i rith na míosa freisin.”