Na leanaí sa tír álainn trína chéile


Leanbh 3: Nuair a bheidh mé mór ba mhaith liom a bheith i mo mhadra. Leanbh 2: Oh no, a stóirín! Ní féidir leat a bheith i do mhadra nuair a bheidh tú mór! Leanbh 3: Canathaobh? Leanbh 2: Mar cá gcuirfeá d’iall? Leanbh 3: Oh yeah.

Níl aon teora le maireachtaint i zón osréalach an linbh. Is geall le teiripe é. Nuair a bhíonn rudaí praiticiúla laethúla ag cur mairge ar dhuine – liostaí rudaí le déanamh, spriocanna oibre, morgáistí, níochán is glanadh – níl le déanamh ach léimeadh isteach sa zón i dteannta na leanaí, agus is iontach mar a théann na rudaí suaracha laethúla le haer an tsaoil.

Is cúis gháire go minic dom an casadh aoibhinn samhlaíoch a bhaineann leanaí as an saol mórthimpeall orthu.

Tá leanaí mo thí-se an-tógtha leis na rudaí a chloiseann siad ar scoil faoi chúrsaí creidimh, ar chúis éigin, agus go háirithe saol na naomh (easpa cainte faoi na cúraimí sin ag baile, b’fhéidir!?)

READ MORE

Bainim gáire ar leith as an léamh a bhíonn acu ar na cúraimí sin.

Bhí duine de na leanaí an-tógtha le Naomh Bríd ar feadh tamaill – bhí sí "chomh deas", í féin is a "clóca mór groí".

Bhí sí chomh deas sin “nach n-íosfadh sí riamh caora”, is cuma cad a bhíodh ar siúl ag daoine eile timpeall uirthi.

De réir dealraimh, bhí Bríd láidir, sheasadh sí an fód agus dhiúltaíodh sí scun scan caoire a ithe!

Bhí cara ag Muire a bhí an-chineálta chomh maith, is léir, mar gur imigh sí ag ceannach "babygro" don leanbh Íosa sa mhainséar – "so kind".

"Nuair a bhíos sna naíonáin," arsa bean Rang a haon le déanaí, "shamhlaínn Dia mar 'woodpecker' – éan mór groí gorm cosúil leis an éan atá in Dora the Explorer ach le cleití i bhfad níos mó. I ndáiríre, cheapas gur ainmhithe crazy a bhí sna holys ar fad – nach ait é sin?"

B’fhéidir nach ait, ar m’anam! Táim fós lag, tnáite ag an bplé a caitheadh a bheith agam leis an mbeainín chéanna nuair a chuala sí ar scoil faoi Scéal na Cásca agus faoin aiséirí! “Sin ceann deacair,” arsa í tar éis stáir fhada, agus mise ar an dé deiridh – “caithfidh mé mo mhachnamh a dhéanamh ar an gceann san ar feadh tamaill.”

Agus cinnte, sin “ceann deacair,” má bhí ceann riamh ann.

(Cérbh é an chéad duine ar domhan, dála an scéil? Fear éigin darbh ainm Alex, más fíor! Ní Alex a bhí air in aon chor arsa an deirfiúr, ach Aaron.)

Maidir leis an mbás, scríobhfainn leabhar ar an léamh atá acu air. Fuair granny bás ach tá sí tagtha ar ais mar Charlotte, banphrionsa Shasana. N’fheadar cad a déarfadh granny bhocht leis sin, mo ghraidhin í!

“Ba bhreá liom mo chuid fola a ól,” arsa duine acu lá.

“Ewwww, gross!” arsa a deirfiúr, “ní dhéanann éinne é sin ach sagairt!”

“Cad a chuir é sin i do cheann?” a d’fhiafraíos, “go mbíonn sé de nós ag sagairt fuil a ól!”

“Sin é a bhíonn istigh sa chupa a bhíonn acu ag an Aifreann – dúirt an múinteoir é.”

Arís, an freagra údarásach ón deirfiúr mhór. “Sin fíon – níl ann ach go gcaitheann tú ligean ort gur fuil atá ann.”

"Ó, anois a thuigim! Bíonn na sagairt ar meisce, mar sin."

Ní hamháin go bhfuil na holys ina n-éanlaithe sa zón seo agus naoimh ag seachaint caoire ar an mbiachlár ach tá buanna ar leith ag ainmhithe leis.

Tá léamh ag na cait – is caitíní léannta, dea-mheabhracha iad a léann uimhir an tí chun a slí a fháil abhaile tar éis a bheith amuigh ar thóir na bhfrancach.

Agus seachain na muca – d’fhéadfaidís teacht aníos as píp an leithris. An chúis? “Ithimid ispíní, déantar ispíní as muca, canathaobh nach bhféadfadh na muca teacht ar ais aníos as an bpíb i ndiaidh dóibh a bheith díleáite agus súite síos isteach sa phíp?”

Canathaobh, cinnte?

Tá síoga i bhfolach sna haon chúinne, ach sin seanscéal – bheifeá ag súil leis sin!

Is do Sheán Ó Ríordáin ba cheart an focal scoir a thabhairt anseo, dar ndóigh, do Thír na nÓg ar chúl an tí, tír álainn trína chéile.

Tá Tír na nÓg ansin romhainn amach gan aon lá nuair atáimid i gcomhluadar leanaí beaga – tá sí álainn, tá sí trína chéile agus tá cad é sult le baint aisti. Léimimis isteach inti chomh minic agus is féidir.

Beidh gáire againn, mura mbeidh aon ní eile!