Leabhar nua, Our Tangled Speech, le seoladh


Seolfar leabhar nua i gcuimhne Aodáin Mhic Phóilin i mBéal Feirste tráthnóna inniu: Our Tangled Speech: essays on language and culture (Ulster Historical Foundation).

Dhá bhliain ó shin a fuair Mac Póilin bás, fear a rinne obair mhór ar son na Gaeilge mar mhúinteoir, mar cheannasaí leis an Iontaobhas ULTACH, mar scríbhneoir agus mar eagarthóir.

Duine ildánach a bhí ann agus bhí caighdeán ar leith ag baint leis an obair a rinne sé. An té a thabharfadh cuairt ar a theach i mBéal Feirste, d’fheicfeadh sé láithreach an dúil mhór a bhí aige i leabhair. Bhí na seomraí líon lán leo.

Tá aistí sa chnuasach seo a bhaineann le léann teangacha, leis an Ghaeilge, le mionteangacha, le stair pholaitiúil agus shóisialta na hÉireann, le stair logánta agus le teaghlaigh Uladh: “Tá forbhreathnú cuimsitheach ann ar athbheochan na teanga thuaidh agus theas, idir bhuanna agus teipeanna ... Beidh an bailiúchán seo, atá ar uairibh conspóideach ach i gcónaí suimiúil, ina ábhar machnaimh agus caibidil.”

READ MORE

Póilín Ní Chiaráin, iriseoir agus craoltóir, a bheas mar aoi-chainteoir ag an tseoladh agus beidh ceol le Pádraigín Ní Uallacháin agus Paddy Davy le linn na hócáide fosta.

Is ag 6.45 p.m. i Stiúideo A de chuid an BBC, Teach Abhainn Bheara, Sráid Mhór Victoria, Béal Feirste, a bheidh an lainseáil. Eolas: 028-90661988, enquiry@uhf.org.uk nó cláraigh le Eventbrite.