Cóán, conair, cuireadh agus ciall

Tugann leabhar nua ábhar machnaimh agus athmhachnaimh duit


Cóán. Sin agat focal nua don lá inniu. Cad é atá ann? Scéal de shaghas, sa traidisiún Búdach. Faoi mo chomhghleacaí Alan Titley a fhágfaidh mé an míniú: “De thoisc go gcuireann an cóán roimhe, mar sin, ár n-intinn a sciúradh is a sciomaradh den dramhaíl agus den scudal atá dár bplúchadh is ceart agus is cóir nár cheart mórán tráchta a dhéanamh mar gheall ar na scéalta agus na duanta seo seachas go díreach iad a léamh.”

Titley a scríobh an méid sin sa réamhrá leis an leabhar, A Path Home/Conair Siar: Zen Koans in English and Irish (New Island Books, €14.95) le Garry Bannister.Tá cóán agus dhá scór sa leabhar seo, míreanna beaga próis agus filíochta a chuireann ábhar machnaimh roimh an léitheoir.

Scríobhann Bannister go ndeachaigh na cóáin i bhfeidhm air agus é ina dhalta óg sna 1960í: “Ba iad an deaghiúmar, spraíúlacht, agus an ghontacht na trí rud a chuaigh go mór i bhfeidhm orm den chéad uair sin...”

Búdaí de bhunadh Shligigh é, a chaith a shaol mar mhúinteoir agus mar scríbhneoir. Leoga, chaith sé seal sa Rúis ag teagasc Gaeilge ansin. Cuireadh atá sa leabhar, a scríobhíonn sé, ag gach aon léitheoir “dul sa tóir ar do theach taiscí féin. Tairseach is ea gach cóán – tairseach gur féidir a thrasnú le haistear álainn taiscéalaíochta a oscailt romhatsa ar do chonair inmheánach phearsanta féin.

READ MORE

“Agus beidh gach uile aistear a dhéanfaidh tú, de na haistir uile gan teorainn gur féidir a dhéanamh, ina aistear indibhidiúil úrnua”.

Bua amháin atá sa leabhar go dtig leis an léitheoir an cóán a léamh mar scéal gairid nó mar dhán gonta – nó an dá sheánra a léamh, ceann i ndiaidh a chéile:

Bhí máistir, Reocan ina chónaí gan léan air,

I mbothán beag sléibhe gan mhaoin ina aonar,

Scior gadaí ar cuairt chuige déanach san oích’

ag iarraidh rud fiúntach a ghoid as an tigh,

Ach ní bhfuair an fear tada, is bheadh sé mar sin,

Murar thug Reocan dósan na héadaí dá dhroim.

Bhí breall ar an ngadaí, ach brón ar an saoi,

‘Dá bhféadfainnse bronnadh air sciamh na gealaí.’

Tugtar ‘plé’ ar ábhar an chóáin ina diaidh sin – ní ‘ míniú’ – le go mbeidh deis ag an léitheoir machnamh a dhéanamh ar an ábhar – agus athmhachnamh.

Le cois na gcóán féin, tá an leabhar breac le línte beaga gaoise le scríbhneoirí agus eile, leithéidí Keats, Albert Camus, Maya Angelou agus Eckhart Tolle: “Go dtuige tú i ndoimhne do chroí nach bhfuil agat choíche ach an nóiméad seo.”

Agus tá saothar álainn léaráidí leis an ealaíontóir óg, Tania Stokes, a chuireann leis an leabhar.

Seoladh an leabhar i mBaile Átha Cliath Dé hAoine; tá an cuireadh ag fanacht leat.

Ealaíontóir a bhfuil cniotáil ann

Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar an taispeántas “Roderic O’Conor and the Moderns” atá sa Dánlann Náisiúnta faoi láthair. Díríonn an taispeántas ar an tseal a chaith O’Conor ar an tsráidbhaile Bhriotánach, Pont –Aven, sna 1890í.

(Abair thusa ‘aven’ agus déarfaidh mise ‘abhainn’.)

Tá mórán pictiúr álainn aige den cheantar agus den phobal; pléascann agus preabann na dathanna chugat. Lena chois sin, tá saothar le healaíontóirí eile a bhí sa dúiche le linn an ama chéanna. Tá ábhar le Van Gogh ann a bhainfidh an anáil díot.

Chuir mé spéis ar leith sna pictiúir de dhaoine a phéinteáil O'Conor, chomh beo agus atá siad, chomh 'Gaelach' agus atá siad. Tá portráid amháin aige de bhean Bhriotánach agus í ag cniotáil. Níl a fhios agam cad chuige ach smaoinigh mé in áit na mbonn ar shaothar an Chonallaigh, Séamus Ó Grianna, agus na tagairtí a bhí aige féin don ghnás san úrscéal, Caisleáin Óir. Déanann fear an tsiopa tromaíocht ar mhná na Gaeltachta agus ar shaothar a lámh: "Caithfear iad seo a roiseadh."

(Tá cur síos an-deas ag Ó Dónaill ar an fhocal féin: port a bhfuil cniotáil ann, an intricate tune.)

Nach aisteach mar a spreagann pictiúr mothúcháin i do chroí? Sa bhliain 1893 a chuir O’Conor an bhean Bhriotánach ar chanbhás ach chuir sé Gaeltacht Dhún na nGall i gcuimhne dom.

Is fada ó chuir bean na cniotála deireadh lena haistear daonna ach maireann sí ar chanbhás O’Conor, ag cur caidrimh agus cniotála idir tíortha Ceilteacha i gcuimhne dúinn.

Spotaí dúigh

Bhí mé ag éirí buartha faoin phocaire gaoithe. Chonaic mé mórán clamhán faoin loch ar feadh an tsamhraidh. Leoga, ba thruacánta an radharc a bhí romham ar an ród lá amháin agus conablach cleamháin óig ann. Carr a leag é, déarfainn, ach ní raibh amhras ar bith ann ach gur cleamhán a bhí ann, na cleití a bhí daite don spéir, spréite ar an choincréit.

Ach iomrá ná iomrá ar an phocaire gaoithe ní raibh.

Mar sin féin, tháinig deonú beag dúlra chugam an lá faoi dheireadh agus mé ar camchuairt – pocaire gaoithe – baineann de réir dhathanna a cuid cleití – reoite sa spéir os mo chionn ar mhullach an chnocáin. Stad mé agus d’éirigh den rothar. Níor chorraigh an pocaire gaoithe pioc. Bhí sí fréamhaithe san aer, an téad sin nach bhfeiceann súil dhaonna, téad an aeir, á greamú d’aon áit amháin. Bhí an chruinne mhór ag casadh léi ach aird ná aird ní raibh aici ar an domhantarraingt. D’fhan sí socair, san áit chéanna, san airde chéanna.

Níl a fhios agam cad é a scanraigh sa deireadh í ach thiontaigh sí a sciatháin ar clé agus d’imigh léi i dtreo pháirc na heorna.

Tharraing an dara deonú dúlra – an pocaire gaoithe ag dul siar i dtreo an locha, scata druideanna ag dul soir i dtreo na cathrach agus iad uilig mar spotaí beo dúigh os cionn na heorna buí, ealaín bheo; iad ag trasnú a chéile, ag meascadh le chéile, fríd a chéile, imithe.