Biddy agus na bansagairt

Drámaí úra agus leabhair nua do lucht na teanga an tseachtain seo


“Ní dráma go stáitse,” a deir Biddy Jenkinson, scríbhneoir. Seans gur fearr aithne ag pobal na léitheoireachta uirthi mar fhile – “Sa ghleann seo, idir dhá bhruach síne/sileann an bláth corcra le sruthán” – ach níl eagla ar bith uirthi tabhairt faoi réimsí eile pinn ach seans a fháil.

Tá mórán gearrscéalta breátha scríofa aici agus dhá dhráma, Mise, Subhó agus Maccó agus Oh, Rahjerum! – go dtí seo.

Is san oíche amárach a fheicfear a dráma nua, Beannaithe Blessed, ar stáitse i mBaile Átha Cliath. (Ar mhothaigh tú an teideal cliste?) Script faoi cheist chonspóideach na mbansagart atá ann.

Cumann Jenkinson scéal faoi bhean rialta atá ag iarraidh cúis na mbansagart a chur chun cinn. Is go drogallach a leanann a comrádaithe sa chlochar a conair chráifeach.

READ MORE

Lena chois sin, tá easpag ann a bhfuil an bás aige agus é ag déanamh a anama de réir mar a dhruideann a aistear daonna chun deiridh: an bhfuil go leor déanta aige leis an Spiorad Naomh a chur ag obair san Eaglais agus dúshlán na hinstitiúide a thabhairt?

An cheist is simplí, mar sin, cad chuige ar shocraigh Jenkinson ar an ábhar sin? Agus freagra lán chomh simplí: “An tSiúr Bríd, an tSiúr Breandán, an tSiúr Sorcha, an tSiúr Eoin...gaolta, cairde liom, mná cumasacha, díograiseacha, éifeachtacha, a dhéanfadh easpaig ar fónamh.

“Chuimhníos orthu nuair a fuaireas cuireadh ó Ghuthanna Binne Síoraí dráma a scríobh agus lean an t-ábhar uaidh sin. Bhí ceist oirniú ban san aer agus ghaibh mo charachtaeirí chucu é.”

Ábhar tráthúil, mar sin, agus ábhar atá á fhorbairt le dhá bhliain anuas. Tamall mór fada i saol duine ar bith agus tamall mór fada i saol an drámadóra ach go háirithe.

Cad é mar a choinníonn Jenkinson a misneach mar dhrámadóir? Tá an earnáil neamhfhorbartha go maith. “Tá dúil sa drámaíocht agam ón uair go rabhas i m’aingeal i ndráma Nollag na naíonán shoisir i Scoil Bhríde. Briseann an víreas amach nuair a bhíonn seans ann go léireofaí dráma dá scríobhfá é.”

Agus an dráma féin? Cad é an sprioc a bhíonn aici? “Téim ag útamáil go mbuaileann tús scéil mé. Cuid mhór díobh seo ní bhíonn rath orthu, ach bím ag súil go gcuirfidh scéal éigin acu préamhacha faoi agus go bhfásfaidh sé, ach na coinníollacha a bheith fábharach.”

Scríobhann an tSiúr Stan – bean rialta mhór na mbocht – scríobhann sí i nótaí réamhphoiblíochta gur “dráma thar a bheith greannmhar é seo ach lasmuigh den tsiamsaíocht go léir ann a tharraingíonn isteach sa dráma sinn, is cur síos tromchúiseach é ar stádas tánaisteach na mban i sochaí na hÉireann, go háirithe san Eaglais Chaitliceach”.

Ach ní saothar aonair é aon dráma a chuirtear ar stáitse. Más víreas a thug ar Jenkinson tabhairt faoin tsaothar, fiabhras na cruthaitheachta a spreagann a comhghleacaithe san fhiontar.

Is é fear mór an cheoil, Colm Ó Foghlú, a stiúraíonn an dráma. Chum sé ceol go speisialta don ócáid agus beidh ceol le Cór Duibhlinne le cluinstin.

Dairíne Ní Dhonnchú, Áine Ní Mhuirí, Bríd Ní Ghruagáin, Cathal Quinn, Cillian O’Dee an cliar a bheas ann agus is é Tristan Rosenstock a léirigh.

I nGaeilge atá an dráma ach tá fotheidil Bhéarla leis.

Tá a gcuid oibre déanta acu uilig go léir. Is faoin lucht féachana atá sé anois a bpáirt a chomhlíonadh.

Ní dráma go stáitse. Ní stáitse go súile.

Beidh Beannaithe Blessed le feiceáil sa Smock Alley ón lá amárach go dtí an Satharn 29ú Meán Fómhair. Gach léiriú ag 8 p.m. Eolas: www.smockalley.com

Fíbín fud fad na hÉireann

Tá seó nua do pháistí bunscoile le Fíbín,

Jeramaí, Hartleby agus OoogleMór

, anois ar camchuairt.

Dráma 50 nóiméad do pháistí idir ceithre bliana agus ocht mbliana d’aois atá ann. Trí fhocal a labhartar le linn an tseó mar “agus is meabhrúchán maith dúinn é seo ar a laghad cumarsáide is gá a dhéanamh chun go dtiocfaidh na mothúcháin is casta amach. Cluiche áthasach atá ann le lucht féachana”.

Beidh an seó le feiceáil in Ionad Ealaíon Mhuileann gCearr amárach agus i gCeatharlach; Cluainín, Co Liatroma; Amharclann Ghaoth Dobhair, Co Dhún na nGall; Belltable, Luimneach agus san Axis, Baile Átha Cliath, i mí Dheireadh Fómhair.

Scríobhann an compántas drámaíochta: “Tugann an seó is déanaí seo gach mothúchán le chéile a bhraith tú riamh mar pháiste agus tú ag caitheamh lá cois trá. Tá sé díreach ar nós tuáille mór deas te teolaí a fháisceadh timpeall ort féin tar éis a bheith ag snámh san fharraige fhuar.”

Bhuel, cé nach gcuirfeadh fáilte roimhe sin? Eolas: www.fibin.com

Luíse agus Louis

Seoladh dhá leabhar nua do léitheoirí ar na mallaibh. Tá

Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh: Ceannródaí

(LeabhairCOMHAR, €15) le Celia de Fréine anois ar fáil. Seo an chéad leabhar próis ag de Fréine, file.

Bhunaigh Ní Dhufaigh an chéad Ghaelscoil in Éirinn, Scoil Bhríde, sa bhliain 1917. Cuireann de Fréine “an bhean iomráiteach, fhísiúil, mhisniúil seo inár láthair le daonnacht agus dúthracht taighde.

“Cíortar na gnéithe éagsúla dá saol, óna cúlra teaghlaigh neamhghnách is a hóige sa bhFrainc, go dtí a haistriú go hÉirinn i ndiaidh bhás a hathar, an pháirt ghníomhach a ghlac sí in Éirí Amach na Cásca agus a cuid oibre ceannródaíche ar son an oideachais lán-Ghaelaigh ar feadh a saoil”.

Is é Ag caint leis an Simné? Dúshlán an Traidisiúin agus Nualitríocht na Gaeilge (Cló Iar-Chonnacht, €15) an leabhar is nuaí de chuid Louis de Paor, file agus Stiúrthóir Ionad an Léinn Éireannaigh i nGaillimh.

Cuireann de Paor ceist: “Cén gaol is ceart, nó is féidir, a bheith idir an scríbhneoir aonair is an traidisiún a tháinig roimhe, agus conas a bheidh léitheoirí a linne féin ag freagairt don ngné sin dá shaothar?”

Agus é ar lorg freagra ar an cheist sin, scrúdaíonn de Paor saothar filíochta agus próis le Seán Ó Ríordáin, Liam S Gógan, Máire Mhac an tSaoi, Máirtín Ó Direáin, Máirtín Ó Cadhain agus Brian Ó Nualláin.

Fiafraíonn de Paor cad é mar a tháinig siad ar réiteach – má tháinig.