Uafás na nUafás

Tugadh amach an oíche chéanna í. Piléar ar chúl an chloiginn.

B’é Theodor Adorno adúirt nach bhféadfaí filíocht a scríobh tar éis Auschwitz, agus cé go bhfuil go leor plé déanta maidir le brí an natha sin d’fhéadfaí a áiteamh gur mhúch an t-uafás úd éileamh na litríochta ar aon athrú a dhéanamh ar bharbaracht an duine; nó neachtar acu, nach bhféadfaí filíocht a scríobh gan dul i ngleic leis an ár tionsclaíoch mar mhalairt ar liricí beaga pearsanta compordacha gortaithe.

Bhí aighneas beag binbeach ann le déanaí idir John Boyne, údar ‘The Boy in the Striped Pyjamas’ agus scríbhneoirí eile ar shamhlaigh sé iad a bheith ag teacht i dtír ar an uileloscadh. Is ea, tá fuílleach leabhar ann a bhfuil an teideal ‘The (líon isteach an bhearna) of Auschwitz’ air agus ba dhóigh leat ar chuid acu gur cleas margaíochta é ag na húdair, nó ag na foilsitheoirí. Bíodh go bhfuil leabhar Boyne saonta agus bréagach mar úrscéal réadach, tá cumhachtach agus croíchorraitheach mar fhabhalscéal, agus sin mar is fearr é a léamh.

Mo thuairim gur chóir na cuntais thuairisciúla a léamh i dtosach. Tá cáil gan teorainn ar leabhar Primo Levi Se questo é un uomo (‘Má’s duine é seo’), an trácht scanrúil uaidh ar bhás agus ar bheatha san áit mhallaithe sin. Cé go gcuireann gach leabhar ar an uafás dolabhartha sin alltacht ort - agus níl aon leabhair ó na daoine ar déanadh deatach agus gal díobh - bhain cur síos Miklós Nyiszli siar asam go dúid. Dochtúir Giúdach ón Ungáir, cuireadh ag obair le Seosamh Mengele féin é ag gabháil do scrúduithe iarbháis agus do ghearradh na gcorpán, agus do gach rud eile nach bhfuil tú ag iarraidh léamh fúthu.

Músclaítear an cheist láithreach, an raibh sé féin ciontach sna turgnaimh mhídhaonna, nó an amhlaidh nach raibh aon dul as aige? Nach fíor dá ndiúltódh go bhfaighfí duine eile leis an ngnó céanna a dhéanamh? Cad é an dualgas atá agat duit féin suas is anuas le daoine eile? Agus d’éirigh leis a bhean is a iníon a thabhairt slán, ach cén praghas a bhí air sin? Ní shílim féin go bhfuil aon fhreagra ar na ceisteanna sin a bhfuil an creideamh agus an eitic balbh ina láthair.

READ MORE

Dhá eachtra a d’inis sé as an slad gan chrích a d’fhan liom mar a fhanann smuit as leabhair. Cailín óg amháin a fuarthas beo faoi bhun an chairn chorp sa seomra gáis. Tharla gur fágadh beagán taisligh ar an talamh agus go raibh a haghaidh brúite in aghaidh an urláir choincréite, agus b’iad na braonacha sin a thug slán ar éigean í. Ceaptar gurbh í an t-aon duine amháin í a tháinig as beo riamh. Dhein Nyiszli agus an fhoireann bheag a bhí aige í a bheathú arís, agus d’éirigh leo. Níorbh fhéidir leis na húdaráis, áfach, ligean le duine a bhí in Ifreann agus a tháinig aniar as a choinneáil ina beatha. Tugadh amach an oíche chéanna í. Piléar ar chúl an chloiginn.

Eachtra eile, bhain le fear a roghnaíodh chun a ghásaithe agus bhí sa scuaine chun dul an staighre síos. Bhí sé ar imeall an tsaoil eile. Don chéad uair riamh, b’fhéidir, bhí an t-áireamh mícheart. Níor ligeadh ach uimhir chinnte áirithe isteach i seomra an bháis. Ba dhuine sa bhreis é siúd. Déanadh an comhaireamh agus bhí sé iomarcach. An uimhríocht agus cruinneas na nGearmánach gach rud a dhéanamh de réir rialach a thug slán é. Chuaigh sé an staighre suas ar ais slán don turas sin. Ní fios cad a tharla dó ina dhiaidh sin.

Nuair a chantar ‘Giúdach salach!’ nó ‘Fainiceach Ioslamach’, nó ‘Tincéir mallaithe’, nó ‘Inimirceach bradach’, nó ‘Gormach gránna’, cuimhnítear ar na simnéithe agus ar an deatach san aer.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar