Scoiltghleannta Tuisceana

Is fada siar a théann deasca gach aon bheart, nó beart ar bith

Is mó sin focal atá curtha amú ag iarraidh ciall a bhaint as dúnmharú George Floyd sna Stáit neamhAontaithe le breis agus seachtain anuas. Bochtaineacht, drochbhuachaill amháin, aicmeachas, sceimhlitheoirí ainrialacha, George Soros, Covid 19, Páirtí Cumannach na Síne, ionsaí as Mars, prótacal Sheanóirí Síóin, ISIS athbheoite, díoltas na mbundúchasach, zombies a d’éalaigh as scannán nó pé rud a thuirlingíonn ar an intinn fholamh.

Ní haon chabhair don aigne shimplí a rá gurb é deasca na sclábhaíochta é agus nádúr na Stát Aontaithe féin atá bunaithe go bun na gimide siar ar an sclábhaíocht chéanna. Thuismigh an sclábhaíocht ón drochmheas a bhí ar ghormaigh riamh agus ní ghabhann an aimsir chaite i léig ach amháin tar éis na gcéadta, nó ar uaire, na mílte bliain.

Ní bhfuair an aimsir chaite bás riamh, go fiú is mura bhfuil aon chuimhne ag daoine uirthi.

Bunaíodh an sclábhaíocht san áit a bhfuil na Stáit Aontaithe anois nach mór a luathacht is a sheas an chéad choncasóir ar ghaineamh na trá. Fágann sin breis agus trí chéad bliain de sclábhaíocht mar fhotha faoin áit mar mhalairt ar a leath dá cuid ama ina raibh na tráilleanna saor (mar adéarfá). Is é sin, is balla brící nó fód fuaiminte de chuid na tíre é na daoine gorma a bheith faoi lasc, nó faoi chois, nó a muineál a bheith faoi ghlúin. Ní réitítear bunfhealsúnacht chríche de dhroim oíche mar sin.

READ MORE

Dá mhéid is a thuigtear stair na n-aoiseanna i bhfad siar, is ea is fearr a thuigfear a bhfuil ar siúl anois. Níl i stair na haimsire seo ach naíonán i gclúidíní i bhfarradh léi.

Mar sin atá i gcás nach mór gach aon aighneas atá beo fós inniu, agus a bheidh amach anseo. Níor thosnaigh an cogadh idir na hArabaigh agus an chuid eile den Eoraip le concas na bhFrancach cúpla nóiméad ó shin, ná le conradh Sykes-Picot an soicind cheana. Gabhann siar ar a laghad go dtí crosáidí an 200 bliain mar a mhair, agus ar iarrachtaí na nOttamanach ina dhiaidh sin a lapaí a shá i ngnóthaí na hEorpa. Agus mura bhfuilir sásta leis an méid sin mar mhíniú gearrthéarmach b’fhéidir gurbh fhearr filleadh ar ruathar na nArabach amach as an ngaineamhlach sa 7ú haois faoi chomáint Ioslaim d’fhonn na Críostaíochta a smachtú agus a gcreidimh chóir a chraobhscaoileadh na céadta bliain roimhe sin arís.

Go deimhin féinig féineach níor thuismigh an deighilt inár dtírín féin le conradh leathréitigh 1921, ná le haighneas hóm rúil, ná le bunú an Oird Oráistigh, nó, dar lena lán le plandáil Uladh féin. Mar roimhe sin bhí slabhra fada de réamhimeachtaí a shocraigh go lonnófaí pobal ann a raibh fhios acu ina n-ae istigh nár bhain siad leis an áit go fiú is dá gcuirfí fáilte rompu.

Dá bhrí sin, tá an DUP anois i leathréim de dheasca go raibh ocras i gcríocha Lochlann breis mhaith mhór agus míle bliain ó shin. Murar déanadh Normannaigh de Lochlannaigh, agus Sasanaigh de Normannaigh, agus Albanaigh (ó dheas) de Shasanaigh, agus Oráistigh d’Albanaigh ní bheadh aon deighilt tuisceana ná deighilt chultúir i gcríocha thoir-thuaidh den tír gan trácht ar chogadh na neamhcharad le leathchéad bliain anuas.

Is fada siar a théann deasca gach aon bheart, nó beart ar bith.

Meon simpleora a d’áiteodh go bhfuil aon réiteach ar phianpháis Mheiriceá na Stát. Is lándeimhnitheach nach réiteoidh dlíthe deasa agus caoinbhéasa é. Cúpla céad bliain de sclábhaíocht an chine ghil, b’fhéidir, agus a gcuid táire a bheith dingthe sa chraiceann, seans go rachadh isteach sa mheon ar ball. D’oirfeadh athimirt na staire agus toradh eile a bheith uirthi, ach is róbhaol nach dtarlóidh sin de cheal meaisín ama draíochta nach bhfuil againn.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar