Ruathar agus coimhlint ghéar sa spéir

Tharraing fear as Ráth Maonais, Brendan ‘Paddy’ Finucane, clú air féin as a bheith ina rímháistir eitilte

FOCLÓIR: Urgharda - vanguard, treascairt - beating, acmhainn - resources, córas aerchosanta - air defence system, dua - effort, ionradh- invasion, Cath na Breataine - Battle of Britain, forlámhas - domination.

Taca an ama seo, ceithre scór bliain ó shin, bhí coimhlint ghéar ar siúl idir an RAF agus Luftwaffe na Gearmáine, d’fhonn ‘Operation Sealion’ a chosc. B’é seo an t-ainm a thug Hitler ar an rún a bhí aige ionradh a dhéanamh ar an mBreatain. Thabharfadh Churchill ‘Cath na Breataine’ ar an gcath cinntitheach seo a tharla idir Iúil agus Deireadh Fómhair na bliana 1940.

Tar éis do Phansair agus eitleáin tum-bhuamála na Gearmáine réabadh trín Eoraip ag treascairt gach uile arm a bhí ina gcoinne, tháinig téarma nua ar an saol: sin ‘Blitzkrieg’ nó ‘Cogadh ar luas tintrí.’ Bhí sé i gceist ag Hitler, i dtús báire, an Bhreatain a stiúgadh trí earraí iompórtála na tíre a scrios lena chuid fomhuireán agus ansin an ceann is fearr a fháil ar an RAF chun forlámhas san aer a bhaint amach roimh an ionradh.

Bhí an deachtóir cinnte nach mbeadh an dara rogha ag an mBreatain ach síocháin a lorg. Bhí sé sásta impireacht na Breataine a fhágáil leo ach cead a chinn a thabhairt dó san Eoraip agus níos faide soir. Dhiúltaigh Churchill glan don deachtóir, áfach, agus ghríosaigh muintir na Breataine chun seasamh in aghaidh na Gearmáine.

READ MORE

Cé nach raibh mórán eitleán troda ag an mBreatain bhí acmhainn chosanta ar leith acu: b’shin radar. Nuair a chuaigh Sir Hugh Dowding i gceannas ar Aerfhórsa na Breataine sa bhliain 1936, bhunaigh sé ‘Chain Home,’ córas aerchosanta ina raibh radar, cosaint talaimh agus eitleáin troda réidh chun éirí den talamh nasctha le chéile. Sa chaoi seo bheadh na heitleáin troda san aer nóiméid roimh theacht eitleán buamála na Gearmáine. Cé go raibh radar ag na Gearmánaigh féin, níor mhór le rá é.

Mhaígh Herman Goering, Ceannaire an Luftwaffe, go scriosfadh sé an RAF taobh istigh de chúpla seachtain agus go mbeadh forlámhas san aer acu ansin roimh an ionradh. Ní sin a tharla, áfach, agus ba ghearr gur thug an RAF tomhas a láimhe féin don Luftwaffe.

Bhaist Churchill ‘an dream beag’ ar phíolótaí an RAF - a bhformhór nach raibh thar bliain is fiche d’aois. B’iad an Supermarine Spitfire agus an Hawker Hurricane na heitleáin-troda íocónacha inar eitil siad. Bhí an Spitfire níos tapúla ná an Hurricane agus bhí sé inchurtha leis an Messerschmitt 109 - eitleán troda an Luftwaffe. Ba bheag idir an dá eitleán troda i ndáiríre: beagnach 600 ciliméadar san uair faoi lán luas don dá cheann.

Bhí an Hurricane níos moille agus ba ‘chapall oibre’ an RAF é. B’iad na Hurricanes a ionsaíodh eitleáin bhuamála na Gearmáine: an Heinkel 111 agus an Dornier DO 117. B’iad na Spitfires a théadh i ngleic leis na Messerschmitts a bhí á gcosaint. Cé go ndearna an Stuka léirscrios sa Pholainn agus sa Fhrainc mar urgharda an Blitzkrieg bhí sé i bhfad níos moille ná an Spitfire agus ba mhinic a cuireadh anuas gan dua é. Ní nach ionadh, níorbh fhada gur bhain Goering ón gcath é.

I measc siúd a tháinig ó choilíneachtaí na Breataine bhí píolótaí san RAF ón bPolainn, ón mBeilg ón tSeicslóvaic agus ón tír seo féin.

Tharraing fear as Ráth Maonais, Brendan ‘Paddy’ Finucane, clú air féin as a bheith ina rímháistir eitilte.

B’é an Ceannasaí Sciatháin b’óige é i stair an RAF sular maraíodh sa bhliain 1942 é. Throid athair Bhreandáin in Éirí Amach na Cásca 1916.

Bhí Cath na Breataine ina ghéar choimhlint i mí Lúnasa agus Meán Fómhair. D’ionsaigh na céadta eitleán buamála de chuid na Gearmáine an Bhreatain, ag scriosadh aerpháirceanna agus monarchana. D’eitil formhór na n-eitleán buamála ón Fhrainc. Throid an RAF go fíochmhar agus na heitleáin á scrambláil roimh theacht na n-eitleán buamála. Ba mhinic a rinne píolótaí an RAF seacht ruathar in aghaidh an lae agus iad traochta, spíonta i gcroílár an chatha.

Bhain an RAF geit as an nGearmáin mar, go nuige sin, sháraigh na Pansair airm na hEorpa gan dua. Chuaigh eitleáin troda na Breataine i bhfeidhm chomh mór sin ar phíolótaí na Gearmáine féin gur iarr an rímháistir eitilte Adolf (‘Dolfo’) Galland scuadrún Spitfires ar Goering!

Nuair a bhuamáladh cathair London i rith Chath na Breataine bhuamáil an RAF cathair Bheirlín mar dhíoltas. Bhí Hitler ar deargbhuile agus d’ordaigh sé don Luftwaffe cathair Londain a bhuamáil. B’é seo uair na cinniúna don Bhreatain. Nuair a dhírigh Hitler ar bhuamáil chathracha na Breataine bhí caoi ar leith ag an RAF athchruinniú agus dul i mbun déantúis chun breis eitleán a chur ar fáil. B’é críoch agus deireadh na mbeart é gur chuir Hitler ionradh na Breataine ar an láimh fhada agus sheol na Pansair soir chun an Rúis a ionsaí.

Bhí an Ghearmáinis ar a thoil ag m’athair agus rinne sé cairdeas le príosúnaigh Ghearmánacha a bhí i ngéibheann i gCampa an Churraigh le linn an ‘Emergency.’ Agus mé i mo ghasúr féin is minic a chuir mé Spitfire, Hurricane agus Lancaster Airfix i gceann a chéile. Thógadh m’athair mé féin agus mo dheartháir beag amach ar a ghluaisrothar go Baile Domhnaill mar a mbíodh Spitfires Aerchór na hÉireann ag eitilt. Tá an-bhród orm go bhfaca mé an t-eitleán íocónach seo le mo shúile cinn agus gur bhuail mé leis an rímháistir eitilte Gearmánach Adolf Galland agus é i mBaile Átha Cliath go luath sna Seachtóidí.