Glór an Fhómhair: ó mheabhairshláinte go cúrsaí faisean inbhuanaithe

Sraith cainteanna de chuid Glór na nGael le craoladh ar líne gach Luain ar feadh míosa

Siún Ní Dhuinn: “Tá tionchar ag cúrsaí timpeallachta, ag athrú aeráide agus ag tógáil clainne ar gach uile dhuine againn”.

Siún Ní Dhuinn: “Tá tionchar ag cúrsaí timpeallachta, ag athrú aeráide agus ag tógáil clainne ar gach uile dhuine againn”.

 

FOCLÓIR: Soineann – fine weather, doineann – inclement weather, meabhairshláinte – mental health, beach – bee, glór – voice, craoltóir – broadcaster, constaic - obstacle, rollú - enrolment, monabhar - murmur, nuta de thoitín - cigarette butt. Idir dhá cheann na meá - in the balance.

Domhnach is dálach, cuma soineann nó doineann, ní fada uainn riamh ceist na haeráide nó na meabhairshláinte.

Ó thionchar an aicíd ghránna atá inár measc ar an duine go díothú na mbeach agus coillte dúchasacha na tíre seo, is ceisteanna iad atá fite fuaite ina chéile. Baineann na ceisteanna sin le gach gné den saol atá thart timpeall orainn.

Ritheann na téamaí seo, a bheag nó a mhór, trí “Glór an Fhómhair”, sraith cheithre léacht de chuid Glór na nGael atá le craoladh ar Facebook le linn na seachtainí beaga romhainn.

Agus an ráig-ghalar ag brú ar an bpobal, is iarracht atá sa tsraith seo deis a thabhairt do eagrais phobal Ghaeilge dul i ngleic leis na téamaí seo. Craolfar na cainteanna beo gach Dé Luain ag 7i.n. i rith mhí Dheireadh Fómhair agus féadfar ceisteanna a sheoladh isteach roimh gach clár.

Ní ar ghnéithe teanga a dhíreofar sa tsraith seo ach ar chúrsaí meabhairshláinte, faisean inbhuanaithe, tógáil clainne agus tionscadail nach dtapaíonn athrú aeráide.

An craoltóir agus scríbhneoir Siún Ní Dhuinn atá ina cathaoirleach ar an tsraith agus labhair sí le Tuarascáil faoi.

“Tá tionchar ag cúrsaí timpeallachta, ag athrú aeráide agus ag tógáil clainne ar gach uile dhuine againn,” ar sí.

“Tá an t-ábhar sin tábhachtach do na coistí pobail agus is dóigh liom go bhfuil siad ag dul i ngleic leis na rudaí seo. Tá siad ag dul i ngleic leo trí Ghaeilge, ach níl siad ag díriú ar an ngné theanga de.”

Meabhairshláinte

Cúrsaí meabhairshláinte a phléifear sa chéad chlár. Sí Ríonach de hÓir Campbell (atá ina teiripeoir sinsearach i Pieta House) agus Lorcán Fingleton (síceolaí ghairmiúil) a bheas i mbun cainte.

Le linn an chláir pléifear scéimeanna agus tionscadail Pieta House agus bealaí ar féidir le heagrais phobal Gaeilge tacú leo. Déanfar plé freisin ar na seirbhísí, na tacaíochtaí agus an t-eolas ar féidir le coistí pobail a sholáthar.

“Tá mé ag súil labhairt leis an mbeirt faoi nithe praiticiúla ar cheart súil a choinneáil amach dóibh nó leideanna fúthu a fháil,” a dúirt Ní Dhuinn.

“Sin rud a theastaíonn ó dhaoine: conas a dtugann tú aire duit féin, nó conas a dtugann tú aire do dhuine atá ag fulaingt.”

“Má tá tú ag obair ón mbaile agus má tá tú ag roinnt tí le do chéile, do theaghlach nó do chlann, caithfidh go bhfuil sé fíor dheacair. Tá caidrimh ann a mbíonn deacrachtaí ag baint leo. B’fhéidir nár thugamar iad faoi dearadh cheana ach tá siad os ár gcomhair amach anois. “

An craoltóir agus láithreoir Caoimhe Ní Chathail
An craoltóir agus láithreoir Caoimhe Ní Chathail

Faisean inbhuanaithe

Sí an craoltóir agus láithreoir as Dún na nGall, Caoimhe Ní Chathail, a bheas i mbun cainte sa dara clár. Beidh sí ag caint ar fhaisean eiticiúil agus inbhuanaithe. Is ionadaí í Caoimhe “don dream óg atá ag plé le polaitíocht, gníomhachas agus athrú aeráide,” arsa Ní Dhuinn.

“Is eiseamláir dúinn ar fad í.”

“Cén fáth go dteastaíonn an oiread sin rudaí uainn? An é go bhfuilimid ag iarraidh spás a líonadh atá níos mó ná spás an chófra?

“Sílim go bhfuilim ag iarraidh labhairt le Caoimhe ní amháin faoin tábhacht a bhaineann leis an bhfaisean inbhuanaithe ó thaobh athrú aeráide de, ach cad é go díreach atá i gceist le níos lú a bheith agat i do shaol agus cén fáth go bhfuil sé tábhachtach aire a thabhairt don rud atá agat seachas gach rud a chaitheamh amach agus a cheannach in athuair.”

Tógáil clainne

Sa tríú clár beidh tógáil clainne mar théama agus beidh Stella Uí Chatháin atá ina tuismitheoir agus Cáit Verling atá ina síceolaí cliniciúil i mbun cainte. Pléifear na dúshláin a bhaineann le tógáil clainne agus na seirbhísí agus tacaíochtaí a éascódh an saol agus ar cheart do choistí a bheith in ann iad a chur ar fáil.

“Cad iad na rudaí atá ag cur isteach ar dhaoine, an mbaineann siad le meabhairshláinte, an bhfuil imní ar pháistí maidir le filleadh ar scoil?”

Tionscadail fhéidearthachta i gcomhthéacs athrú aeráide

Sa cheathrú clár beidh an fiontraí Rónán Ó Dálaigh, príomhoifigeach feidhmiúcháin comhlacht Thriftify.ie, siopa carthanachta ar líne i mbun cainte.

“Tá mé chun labhairt le Rónán faoi chonas ar féidir leis an ngnáth duine aire níos fearr a thabhairt don domhan. Beidh mé ag labhairt le Rónán faoi na nithe praiticiúla ar féidir le daoine a dhéanamh agus is dóigh liom go mbeidh ceangal ag an gcaint a dhéanann Rónán leis an gcaint a dhéanann Caoimhe.

Is féidir ceisteanna a sheoladh isteach roimh ré ag an seoladh seo: cabrini@glornangael.ie

Craolfar na cainteanna gach Dé Luain ag 7i.n. ar na leathanaigh seo a leanas:

facebook.com/glornangael/

facebook.com/RTERnaG

facebook.com/MOLSCEALTG4

Idir dhá cheann na meá

Tá tuismitheoirí i gContae Lú fós ag fanacht ar chinneadh an Roinn Oideachais maidir leis an éileamh atá acu go soláthrófaí oideachas trí Ghaeilge dá bpáistí i nDún Dealgan.

Cé gur rinneadh dul chun cinn ag cruinniú idir An Foras Pátrúnachta agus an Roinn Oideachais an mhí seo caite, níl cinnteacht ar bith ann fós go gcuirfear oideachas trí Ghaeilge ar fáil do pháistí Chontae Lú.

Baineann an chonstaic is mó leis an easpa láthair scolaíochta.

Bhíothas ag súil go bhféadfaí sean fhoirgneamh folamh scoile eile atá suite i lár an bhaile a úsáid chun an scoil satailíte nua a lonnú ann. Ach, cé gur tugadh le fios go mbeadh cuid den fhoirgneamh sin ar fáil, tháinig na húinéirí ar cheannaitheoir le déanaí agus tá an chosúlacht anois air go bhfuil an deis sin caillte.

Go hiondúil, sula mbunaítear scoil, fógraíonn an Roinn go gcuirfear scoil nua ar an bhfód. Tugann sé sin seans don údarás pátrúnachta dul i mbun ullmhúcháin. Reáchtáiltear oícheanta eolais do thuismitheoirí faoin éiteas agus an múnla oideachais a bhéas i réim sa scoil nua.

Ach sa chás seo, go dtí go ndéanann an Roinn fógra go bhfuil scoil satailíte ceadaithe don bhliain seo chugainn, ní féidir leis an bhForas Pátrúnachta dul i mbun rollú.

Gan an cead sin a bheith tugtha beidh sé deacair láthair nua scolaíochta a lorg.