Gá le doirse a oscailt do nuachainteoirí na Gaeilge

Cén chaoi gur féidir cainteoirí gníomhacha, féinmhuiníneacha a dhéanamh astu seo a fhoghlaimíonn an Ghaeilge ar scoil

‘Tá ócáidí ar nós an Pop Up Gaeltacht sách tábhachtach chun saol sóisialta Gaeilge a sholáthar’. Grianghraf: Dave Meehan/The Irish Times

‘Tá ócáidí ar nós an Pop Up Gaeltacht sách tábhachtach chun saol sóisialta Gaeilge a sholáthar’. Grianghraf: Dave Meehan/The Irish Times

 

Foclóir: Próiseas carnach - cumulative process, barántúlacht - trustworthiness, dlisteanacht - legitimate, constaicí - obstacles, nuachainteoir - new speaker, easpa - absence,

Cúpla seachtain ó shin foilsíodh taighde Eorpach ar nuachainteoirí i gcomhthéacsanna éagsúla, ilghnéitheacha (féach nspk.org.uk). I measc mholtaí na tuarascála i gcás na Gaeilge, deirtear go mba cheart nuachainteoirí a chur ar aon eolas faoin gcaoi ar féidir leo imeascadh i ngréasáin agus i bpobail Ghaeilge. Mar aon leis sin, moltar feachtas feiceálach feasachta a reáchtáil le heolas faoi éagsúlacht nuachainteoirí a leathadh i measc an phobail agus le cur i gcoinne steiréitíopaí diúltacha, easnamhacha.

Baineann mo thaighde dochtúireachta féin, arna mhaoiniú ag an gComhairle um Thaighde in Éirinn, le nuachainteoirí óga na Gaeilge agus na Bascaise. Cuidíonn coincheap an nuachainteora le taighdeoirí tuiscintí a fhorbairt i dtaca le cineálacha nua cainteoirí, pobal agus teanga. Thairis sin, tugann an coincheap dúshlán do thuiscintí fadbhunaithe, stairiúla faoin gceangal samhailteach idir teanga, dúiche agus féiniúlacht an duine.

Tá beagnach ceithre bliana caite agam ag labhairt le daoine óga a bhaineann úsáid ghníomhach, rialta agus shóisialta as an nGaeilge ach nár tógadh leis an teanga iad i gceantair thraidisiúnta Ghaeltachta. Is daoine cosúil liomsa iad, a shealbhaigh an Ghaeilge i dtosach báire sa chóras oideachais, den chuid is mó, agus a rinne nuachainteoirí díobh féin diaidh ar ndiaidh. Labhraíonn siad Gaeilge anois lena gcairde, lena gcomhghleacaithe agus lena dteaghlaigh i gcomhthéacsanna difriúla ar fud na tíre.

Próiseas carnach

Go hiondúil is próiseas carnach, leanúnach a bhíonn i gceist agus nuachainteoirí ag bogadh ón gcomhthéacs institiúideach chuig an gcomhthéacs sóisialta. Baineann deiseanna, dúshláin agus mothúcháin ar leith leis an bpróiseas úd. Aithníonn taighdeoirí go mbíonn nuachainteoirí éiginnte ar uairibh faoina stádas mar chainteoirí dlisteanacha Gaeilge. Samhlaítear easpa barántúlachta leis an gcineál Gaeilge a úsáideann siad toisc nach dtagann sé go minic le múnlaí Gaeltachta traidisiúnta. Is téamaí lárnacha, leanúnacha sa taighde ar nuachainteoirí teangacha mionlaithe iad barántúlacht agus dlisteanacht. Tá ar nuachainteoirí dlisteanacht a bhaint amach ina súile féin agus i súile an phobail i gcoitinne.

Cén chaoi a mbaintear dlisteanacht amach, mar sin, agus conas a sháraítear na constaicí pearsanta agus sóisialta a bhaineann le teanga mhionlaithe a úsáid? Lena chois sin, conas is féidir linn na mílte daoine a fhoghlaimíonn an Ghaeilge ar scoil a iompú ina gcainteoirí gníomhacha, muiníneacha agus rialta?

Baineann tábhacht nach beag, dar ndóigh, leis an gcóras oideachais i gcás nuachainteoirí. Luaigh mo chuid rannpháirtithe taighde ar fad, nach mór, múinteoirí a d’imir tionchar dearfach ar an bpróiseas foghlama agus a spreag spéis sa teanga iontu ar bhealaí éagsúla. Tá sé suntasach gurbh amhlaidh an cás i scoileanna lán-Ghaeilge agus Béarla araon, thuaidh agus theas. Tar éis na scoile, ámh, ní mór deiseanna úsáide sóisialta a chur ar fáil.

Forbraíonn nuachainteoirí a bhféiniúlachtaí mar chainteoirí dlisteanacha Gaeilge ag pointí criticiúla a thiteann amach ag amanna agus i gcomhthéacsanna éagsúla. Luadh go minic le linn mo chuid taighde tréimhsí claochlaithe Gaeltachta nó ollscoile, mar shampla. Ba léir freisin gur shamhlaigh na rannpháirtithe cúitimh ghairmiúla agus phearsanta leis an nGaeilge.

Spásanna nua sóisialta

Le blianta beaga anuas tá spásanna nua sóisialta d’úsáid na Gaeilge tagtha chun cinn i gcathracha agus i gceantair uirbeacha na tíre. Tá na spásanna seo ríthábhachtach do nuachainteoirí atá ar lorg pobail. Labhair na rannpháirtithe taighde faoi ócáidí Pop Up Gaeltacht, féilte ceoil is cultúir ar nós Fhéile na Gealaí agus Liú Lúnasa, agus clubanna CLG lán-Ghaeilge i mBleá Cliath, Béal Feirste agus Gaillimh. Mhíníodar a lárnaí is atá na hócáidí sin chun saol sóisialta Gaeilge a sholáthar.

Cuireann na grúpaí agus na himeachtaí sin deiseanna sóisialaithe ar fáil do nuachainteoirí. Glactar leis an nGaeilge mar theanga chumarsáide na spásanna sin gan cheist, agus samhlaítear neamhfhoirmeáltacht agus easpa brú leo. Luaitear sa tuarascáil chéanna go mbuaileann imní shóisialta nuachainteoirí áirithe agus iad i mbun cumarsáide le cainteoirí Gaeltachta nó líofa. Freastalaíonn spásanna nua sóisialta ar chainteoirí a dteastaíonn uathu muinín a fhorbairt agus iad ag labhairt na Gaeilge. Feidhmíonn siad san am céanna mar phobail chleachtais luachmhara do chainteoirí líofa. Mar a mhínigh mo rannpháirtithe taighde, osclaíonn na grúpaí agus imeachtaí sin doras isteach ar shaol na Gaeilge do nuachainteoirí agus, dá bharr sin, éiríonn leo caidrimh agus nascanna buana a fhorbairt le cainteoirí agus pobail na Gaeilge.

Tá ceist na gcaidreamh lárnach i bpróiseas dlisteanaithe nuachainteoirí. Pléann an t-antraipeolaí teanga Jacqueline Urla spásanna neamhthraidisiúnta sóisialta i gcomhthéacs na Bascaise. Luann sí tábhacht na gné mothaithí d’fhoghlaim agus d’úsáid teanga mhionlaithe:

“The desire to participate in relationships generated in these spaces […]are what give less-able speakers the motivation to learn more. Regular usage also helps to sustain the identification with the language among those who already know how to speak it.”

Fágfaidh mé an focal scoir le fear óg as Béal Feirste a chuir mé faoi agallamh le linn an taighde. Amhail go leor rannpháirtithe eile, labhair sé faoin saol sóisialta bríomhar, spreagthach agus taitneamhach a d’fhorbair sé de réir a chéile trí mheán na Gaeilge. Dar leis ‘go bhfuil sé like focain saol eile a bheith agat i bhfírinne, it’s like living two lives’. Cuirimis an saol eile sin ar a súile don phobal uilig. Is féidir tuarascáil dheiridh an ghréasáin taighde ar nuachainteoirí a léamh anseo: nspk.org.uk/images/iaith_digital.pdf.

Is Mac Léinn PhD é Stiofán Seoighe in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.