Fadhb ag foilsitheoirí

Tá titim thubaisteach ar dhíolachán leabhar go hidirnáisiúnta


Bhí cur agus cúiteamh i measc lucht foilsitheoireachta na Gaeilge ar na mallaibh, idir scríbhneoirí is fhoilsitheoirí. Thuigfeá dóibh.

Ní hamháin go bhfuil a cuid fadhbanna féin ag earnáil leabhar na Gaeilge toisc na ngiorruithe siar agus an cúlú eacnamaíochta ach is follas titim thubaisteach tagtha ar dhíolachán leabhar go hidirnáisiúnta, is cuma leabhair mionteanga i mionteanga nó i mórtheanga atá i gceist.

Tá líon na ndaoine a cheannaíonn leabhair ag dul i laghad an t-am go léir. Tá seo fíor ar fud an domhain, is cosúil.

Leagann daoine áirithe an milleán ar ísliú sa chaighdeán oideachais, go háirithe i gcomparáid leis na glúine a tháinig romhainn. Níl an bhéim chéanna ar litearthacht ná léitheoireacht inniu agus a bhí tráth dá raibh. Lena chois sin, tá an saol ag athrú ar luas lasrach de thairbhe na ngnásanna agus na líonraí nua sóisialta agus teicneolaíochta.

READ MORE

Maíonn daoine áirithe nach bhfuil an léitheoireacht imithe ar gcúl ach go bhfuil nósanna nua léitheoireachta tagtha chun cinn agus an pobal ag léamh ar bhealaí nua agus ar ghléasanna nua lena n-áirítear na i-padanna is a leithéid.

Cé go léitear níos lú leabhar inniu, a deir na daoine seo, níl ann ach go bhfuil rogha ábhar agus eolais níos fairsinge ar fáil inniu agus go bhfuil tuilleadh slite le teacht ar an eolas seo, anois ó tá i-padanna agus táibléid den uile chineál ar fáil ar chostas íseal.

Is iondúil míreanna beaga gasta á leamh againn anois, idir ríomhphoist agus theachtaireachtaí gearra seachas leabhar iomlán.

Aontaítear go forleathan go bhfuil réabhlóid de shaghas éigin ag tarlú i ndomhan na foilsitheoireachta agus na léitheoireachta agus ní léir fós cén chríoch a bheas air mar scéal.

Tá an pobal i gcoitinne ar aon intinn nach chun tairbhe a bheas cúrsaí san fhadtéarma, mura gcuirtear béim níos láidre ar leabhair agus, go deimhin, ar léitheoireacht. Ní mar a chéile leabhar a léamh ar líne agus an leabhar clóite a bheith i do sheilbh agat.

Díol suntais, mar sin, go bhfuil poiblíocht na Nollag faoi lán seoil. Ar na dírbheathaisnéisí spóirt a bhíonn formhór na cainte is na cabaireachta in Éirinn gach bliain. Bhí dúil as cuimse ag na Gaeil i gcúrsaí spóirt i gcónaí riamh agus a rian sin go soiléir ar réimse na dírbheathaisnéise go fóill.

Ag trácht cheana féin faoi pé leabhar a bheidh ag barr an liosta!

An ag an leagan is déanaí d'eipic Roy Keane cois Laoi a bheidh an bua? Nó cad faoi The Test leis an Drisceolach, nó Dalo le hiar-laoch iomána an Chláir, Anthony Daly. Nó cad faoi scéal an bhoic fhaiseanta sin as Ciarraí, an Gealbhánach – In My Own Words.

Ní hionann agus in Éirinn, is iad na dírbheathaisnéisí a bhaineann le healaíontóirí agus le cúrsaí ealaíne idir cheoltóirí is aisteoirí rogha leabhar ár gcairde san Eoraip agus sna Stáit Aontaithe.

Tá cúrsaí spóirt tábhachtach ach ní thugtar tús cadhnaíochta dóibh. Sa Bhreatain, mar shampla, bhí dírbheathaisnéis an amhránaí "Geordie" óig Cheryl Cole Cheryl: My Story, leabhar a dhíol de bhreis is 2,000 cóip in aghaidh an lae sa bhliain tar éis a fhoilsithe, ar na dírbheathaisnéisí ba mhó díol le fada an lá.

Ba é scéal gruama den teideal A Child Called It, dírbheathaisnéis Dave Pelzer, arbh as California ó dhúchas dó, a foilsíodh sa bhliain 2001, an dírbheathaisnéis ba mhó díol ar bhonn domhanda le 20 bliain anuas.

Ríomh Pelzer eachtraí a óige gruama sa leabhar céanna, agus an spídiúlacht a fuair sé ag lámha a mháthar, arbh alcólach amach is amach í. Maítear gurbh é an leabhar sin a chuir dlús faoin tsraith a dtugtar “misery lit” uirthi go hidirnáisiúnta.

Is iad na fir agus na mná grinn atá i mbarr a réime ar an taobh seo den Atlantach agus dírbheathaisnéisí ceiliúrán teilifíse, leithéidí Paul O’Grady, Dawn French, Russell Brand, Michael McIntyre agus Frank Skinner (ar Ó Coileáin fíorshloinne dó) go léir ar bharr an dréimire.

An fear grinn Peter Kay a rugadh i Manchain ach arbh as tuaisceart Éireann dá mhuintir atá chun tosaigh sa rás dírbheathaisnéiseach le blianta beaga anuas. Shaothraigh a scéal, The Sound of Laughter, breis is €12 milliún go nuige seo.

“Tús sláinte, gáire” mar a mhaítear.