Ceisteanna crua faoi ról an tSeanaid

Ba chóir go mbeadh rogha faoina bhfuil i ndán don Seanad

Tá ceisteanna crua curtha le cinneadh an Rialtas todhchaí an tSeanaid a chur os comhair na ndaoine i bhfoirm reifrinn.

Is trua ar bhealach nach mbeidh rogha níos leithne ag an bpobal, seachas deireadh glan a chur leis an institiúid nó í a choimeád mar atá.

Ach níl duine ar bith ar an saol poiblí faoi láthair, is cosúil, a déarfadh gur chóir an Seanad a choinneáil sa bhfoirm reatha.

Nárbh é an Dochtúir Johnson a dúirt tráth: “When a man knows he is to be hanged, it concentrates his mind wonderfully”?

READ MORE

Idir seo agus lá an reifrinn sa bhFómhar, cloisfimid go leor faoi scéimeanna éagsúla leis an Seanad a leasú. Ach caithfidh na leasaitheoirí bheith cúramach – ní bheadh sé ciallmhar aon rud a mholadh a chuirfeadh isteach an iomarca ar chumhacht na Dála.

Chéad Seanad
B'in an fhadhb leis an chéad Seanad Éireann a mhair ó 1922 go 1936.

Bhí cumhacht aige, i dtosach, bille (seachas bille airgeadais) a chur ar fionraí ar feadh naoi mí agus sa bhliain 1928 athraíodh an tréimhse sin go dtí 18 mí.

Maidir le bille airgeadais, ní fhéadfadh an Seanad ach moill 21 lá do chur air.

Mar atá inniu, bhí 60 ball ag Seanad an tSaorstáit: ag an dtús cheap uachtarán na hArd-Chomhairle, W.T. Cosgrave, leath acu agus thogh an Dáil an leath eile; baineadh triail as modhanna éagsúla ina dhiaidh san agus bhí olltoghchán don Seanad amháin ar 17ú Meán Fómhair 1925 cé nár vótáil ach 23.4 faoin gcéad de na toghthóirí.

Faoi láthair, tá an téarma céanna ag seanadóirí is atá ag teachtaí dála ach, an uair sin, bhí téarmaí difriúla ag baill den dá theach.

Mar sin, fiú nuair a tháinig Fianna Fáil i gcumhacht sa bhliain 1932, ní raibh ach dosaen ball den pháirtí sa Seanad.

Bhí an teach uachtarach fós faoi smacht ag Cumann na nGaedheal agus a gcuid cairde agus gan drogall ar bith orthu moill a chur ar bhillí a tháinig ó lucht leanúna de Valera sa Dáil.


Devenda
Bhí Dev tar éis a rá i 1928, i dtéarmaí a bhí an-chosúil leis an méid a dúirt Enda Kenny le déanaí: "We think that the proper thing to do is to end the Senate and not to attempt to mend it. It is costly and we do not see any function that it really serves."

Níorbh aon ionadh mar sin gur chuir Dev deireadh le Seanad an tSaorstáit nuair a vótáil tromlach ann in aghaidh bille chun cosc a chur ar na Léinte Gorma, a bhí
gníomhach ag an am.

Ach nuair a leagadh Bunreacht na hÉireann os comhair na ndaoine sa bhliain 1937 bhí Seanad ann, ach gan na cumhachtaí agus an tionchar céanna aige is a bhí ag an chéad teach uachtarach.

Dúirt Seán Lemass sa Dáil i 1928: “If there is to be a Second House let it be a Second House under our thumb. Let it be a group of individuals who dare not let a squeak out of them except when we lift our fingers to give them breath to do it.”

Mar shampla, ní féidir leis an Seanad reatha moill os cionn 90 lá a chur ar ghnáthbhille. Mar a dúirt Dev sa Dáil, Mí na Nollag 1937:

“The powers of the Second House are not such as would stop the majority in the Dáil from having their way.”

Ní nach ionadh, mar sin, cuirtear i leith an tSeanaid nach bhfuil ann ach "siopa cainte".

Frithghiniúint
Ach chruthaigh Mary Robinson go bhféadfaí ceist na frithghiniúna a chur chun cinn sa Seanad cé go raibh an bóthar fada agus crua agus lán de bhacanna sa chás san.

Bhí reifreann i dtaobh an tSeanaid ann sa bhliain 1979. Le tromlach os cionn leathmhilliún, thóg an pobal cinneadh go leathnófaí amach an bonn vótála don seisear seanadóir ollscoile go dtí coláistí eile tríú leibhéal.

Ach 34 bliain ina dhiaidh san, tá an lucht toghcháin fós teoranta do chéimithe ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann agus Coláiste na Tríonóide/Ollscoil Átha Cliath.

Tá sé deacair a thuiscint cén fáth nach raibh rí-rá cheana féin faoin teip pholaitiúil seo ag rialtas i ndiaidh rialtais.

Ní fhéadfaí a rá gur thóg na seanadóirí ollscoile iad féin raic mhór faoin gceist seo thar na blianta ach an oiread.

Ag caint di faoin ábhar seo ag an deireadh seachtaine, chuir iar-aire rialtais Mary O’Rourke an cheist seo: an bhfuil sé cuí agus ceart go dlíthiúil go mbeadh reifreann á reachtáil chun deireadh a chur leis an Seanad nuair nach bhfuil cinneadh úd an phobail curtha i bhfeidhm fós?


Ról tábhachtach
Nuair a bunaíodh an Saorstát, bhí ról tábhachtach ag an Seanad chun glór agus deis cainte a thabhairt don mhionlach aontachtach i gcúrsaí polaitíochta.

Bhí na haontachtóirí sa chuid seo den oileán ag iarraidh go mbeadh de chumhacht ag an teach uachtarach moill bliana a chur ar bhillí ón nDáil agus bhí naoi mí mar chomhréiteach ag deireadh.

Lenár linn féin, bhí sé intuigthe de ghnáth go mbeadh seanadóir amháin, ar a laghad, as Tuaisceart Éireann i measc an aon duine dhéag a d’ainmneodh an Taoiseach tar éis olltoghcháin.

Níl an díospóireacht ach ag tosú ach ba chóir na gnéithe úd de ról an tSeanaid a iniúchadh agus a phlé sula dtéann an pobal chun vótála ar an gceist chinniúnach seo.